Dochar mór déanta do long cheannais de chuid na Rúise, cabhair mhíleata bhreise á tabhairt don Úcráin

50 lá ó cuireadh tús leis an ionradh tá fórsaí na Rúise ag fáil faoi réir do mhór-ionsaí ar an oirthear

Dochar mór déanta do long cheannais de chuid na Rúise, cabhair mhíleata bhreise á tabhairt don Úcráin

Deir údaráis na hÚcráine gur éirigh lena bhfórsaí long cheannais na Rúise ar an Muir Dhubh a bhualadh le diúracáin.

Deir an Rúis gur tine a rinne an dochar don long, ach dúirt gobharnóir cheantar Odesa ar chósta na Mara Duibhe gur dhá dhiúracán a bhuail an Moskva.

Bheadh sé ar an gcéad uair ag an Úcráin long chogaidh de chuid na Rúise a bhualadh ar muir, gníomh a thabharfadh ardú meanman do thrúpaí na hÚcráine.

Thug aireacht chosanta na Rúise le fios nár maraíodh aon duine san eachtra.

Deir an Rúis nach ndeachaigh an long go tóin poill agus go dtarraingeofaí ar ais go dtí an calafort í nuair a bheidh an tine múchta.

Idir an dá linn, tá cabhair mhíleata bhreise á tabhairt ag Stáit Aontaithe Mheiriceá agus tíortha eile san iarthar don Úcráin agus an dá thaobh sa chogadh ag ullmhú don mhór-ionsaí ar an Donbas a mheastar atá beartaithe ag an Rúis.

Tuilleadh airtléire, feithiclí armúrtha agus héileacaptar atá le seoladh ag Stáit Aontaithe Mheiriceá chun na hÚcráine.

Tá an Rúis fós ar an ionsaí i ndeisceart na hÚcráine, mar a bhfuil súil acu bealach ar tír a fháil idir an Chrimé agus an t-oirthear.

An chonstaic is mó atá rompu san obair sin ná an chosaint dhiongbháilte atá déanta ag an Úcráin ar Mariupol, an chathair chalafoirt scriosta atá faoi léigear ó thús an ionraidh. Meastar go bhféadfadh go dtitfeadh Mariupol faoi dheireadh sna laethanta amach romhainn.

Deir an Rúis go bhfuil smacht iomlán acu ar Mariupol cheana féin ach deir na húdaráis in Kyiv go bhfuil an fód á sheasamh ag a gcuid trúpaí i gcónaí.

50 lá ó shin a thosaigh ionradh na Rúise ar an Úcráin. I ndiaidh dóibh cúlú ó cheantar na príomhchathrach Kyiv tá fórsaí na Rúise ag fáil faoi réir do mhór-ionsaí ar an oirthear.

Deir an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip go bhfuil coireanna cogaidh déanta ag an Rúis san Úcráin.

Rinne an OSCE fiosrúchán faoi eachtraí an chogaidh san Úcráin i mí Feabhra agus i mí an Mhárta.

Deirtear ina dtuarascáil go bhféadfadh gur coireanna in aghaidh na daonnachta a bhí i gceist le cuid d’ainghníomhartha na Rúise ó thosaigh an t-ionradh ar an 24 Feabhra.

Fág freagra ar 'Dochar mór déanta do long cheannais de chuid na Rúise, cabhair mhíleata bhreise á tabhairt don Úcráin'