Tá staid na Gaeilge sa chóras oideachais “an-leochaileach” agus “dúshláin mhóra roimpi ní hamháin mar theanga bheo ach mar ábhar scoile agus mar ghnáth-urlabhra sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta”, a deir Uachtarán Gaeloideachas.
Ag labhairt di ag Tionól Forbartha Gaeloideachas i gcontae an Chabháin, dúirt Clodagh Ní Mhaoilchiaráin, uachtarán na heagraíochta, go raibh seans ann de bharr an toghcháin go mbeadh aire oideachais nua ann “a thuigeann agus a thacaíonn le stádas agus forbairt na Gaeilge agus an chórais tumoideachais”.
“Osclaíonn sé doirse dúinn, ach caithfimid a chinntiú anois go bhfuil tuiscint cheart ag na daoine atá ag seasamh ag na doirse seo,” ar sí.
Cháin sí an dréachtpholasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht agus dúirt sí go raibh gá le polasaí don oideachas lán-Ghaeilge a bheadh “uaillmhianach, tacúil agus a spreagúil”.
“Thug sibh uile anseo, táim cinnte, faoin gcomhairliúchán – agus bhí freagairt dhochreidte ard air, ach níl torthaí an chomhairliúcháin sin á léiriú sa chreat ná na moltaí a rinne sibh ná muid mar eagraíocht abhcóideachta,” arsa Clodagh Ní Mhaoilchiaráin.
Dúirt sí gurb é an rud is tábhachtaí d’fhorbairt an chórais tumoideachais ná go mbeadh polasaí “láidir ceannródaíoch” don oideachas Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht.
Ar na bunéilimh eile atá ag Gaeloideachas tá plean “cuimsitheach” don Ghaeilge sna luathbhlianta.
“Tá an earnáil luathbhlianta an-leochaileach – ní féidir é a shéanadh ná na fíricí a cheilt. Tá níos mó naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht ag dúnadh ná mar atá ag oscailt. Tuigeann muid uile go bhfuil fadhb san earnáil luathbhlianta ach tá constaicí níos déine fós roimh na naíonraí.
“Tá sé iomlán riachtanach go mbeadh na naíonraí san áireamh sa Pholasaí Oideachais Lán-Ghaeilge, agus i mbealach follasach agus feiceálach. Is iad bunchloch an chórais tumoideachais lán-Ghaeilge iad agus is gá go mbeidís san áireamh sa bhfís chun go gcinnteoidh sé leanúnachas níos fearr do pháistí ar a n-aistear oideachais.”
Dúirt Clodagh Ní Mhaoilchiaráin go raibh sé “ríshoiléir” go bhfuil géarchéim soláthair ó thaobh na Gaeilge ag an tríú leibhéal, sna naíonraí, sna bunscoileanna agus sna hiar-bhunscoileanna, lasmuigh agus laistigh den Ghaeltacht.
“Tuigeann muid uile go bhfuil sé seacht n-uaire níos measa san earnáil lán-Ghaeilge, áit a bhfuil inniúlacht sa teanga agus saintuiscint ar an gcóras tumoideachais de dhíth.
“In earnáil na luathbhlianta, tá géarchéim mhór earcaíochta ann toisc pá agus coinníollacha – tá sé deacair folúntais i naíonraí a líonadh i gcoitinne, gan trácht ar daoine a aimsiú le cumas sa Ghaeilge anuas ar cáilíochtaí éigeantacha luathbhlianta. Go deimhin, táimid ag cailleadh an-chuid múinteoirí ó naíonraí seanbhunaithe mar nach bhfuil na seirbhísí inmharthana.
“Tá sé díobhálach don earnáil a bheith ag cailleadh na gceannródaithe leis na blianta de thaithí agus saineolas, a bhí mar dhea-eiseamláirí do mhúinteoirí nua.”
Bhí gá leis le “cur chuige comhtháite” don Ghaeilge sa chóras oideachais, a dúirt sí.
Luaigh sí an “titim thubaisteach” i marcanna na Gaeilge sa tsraith shóisearach ó tugadh isteach an córas T1 agus T2.
“Mar shampla, in 2019 ghnóthaigh 90% de scoláirí T1 gradam nó ardtuillteanas. In 2023-24 ghnóthaigh 20% na torthaí céanna. An chúis leis sin go príomha ná scéim mharcála atá ródhian is míréadúil.
“Tá sé ag cothú an-chuid lagmhisnigh i measc scoláirí a fheiceann a gcairde sna scoileanna T2 [scoileanna Béarla] ag gnóthachtáil torthaí níos airde sa Ghaeilge ná iadsan. Tá fianaise ann go bhfuil scoláirí ag fágáil nó ag breathnú i dtreo scoileanna Béarla, go háirithe leis an imní atá ann faoi chur chuige comhchosúil ag leibhéal na hardteiste má thógtar sonraíochtaí T1 agus T2 isteach. Tá tionchar aige seo ar roghanna tuismitheoirí don iar-bhunleibhéal.”
Maidir leis an gcóras T1 agus T2 a thabhairt isteach don ardteist, dúirt sí nár mhór “foghlaim” ón tsraith sóisearach.
“Níl sé inghlactha dua bhreise, gan cúiteamh, a chur ar aon pháiste I leith na teanga, nó an toradh air seo ná go n-imeoidh ár scoláirí i dtreo na roghanna níos éasca.”
Dúirt Uachtarán Gaeloideachas go raibh “dochar damanta déanta don Ghaeilge” agus do stádas na Gaeilge sna scoileanna ag córas na ndíolúintí.
“Tá teachtaireacht an-soiléir á tabhairt do pháistí – má tá aon dúshlán nó riachtanas breise agat gur fiú agus gur fearr duit an díolúine a lorg. Tá teachtaireacht á tabhairt nach bhfuil siad in ann ag an nGaeilge.
“Tá luach na teanga tite ina súile agus tá a gcumas i leith na teanga íslithe ina n-aigní féin. In áit clár agus curaclam a chur ar fáil dóibh atá oiriúnach dá gcuid riachtanas, tá an teanga á baint uathu – agus leis an ngníomh sin, a gcuid deiseanna í a shealbhú agus a úsáid sa todhchaí.”
Fág freagra ar '‘Dochar damanta’ á dhéanamh do stádas na Gaeilge sa chóras oideachais'