Diúltaithe ag Gael aitheanta páirt a ghlacadh i gclár faoin nGaeilge mar gheall ar pholasaí fotheideal

Deir Tomás Ó Monacháin go mbeadh sé sásta páirt a ghlacadh i gclár nua faoi stair na Gaeilge i mBéal Feirste dá gcuirfí fotheidil Ghaeilge leis na píosaí cainte Béarla ann

Diúltaithe ag Gael aitheanta páirt a ghlacadh i gclár faoin nGaeilge mar gheall ar pholasaí fotheideal

Dhiúltaigh duine de mhórGhaeil Bhéal Feirste páirt a ghlacadh i gclár teilifíse dátheangach mar nach raibh sé i gceist fotheidil Ghaeilge a chur leis an gcaint i mBéarla ar an gclár.

Thug Tomás Ó Monacháin, Ie fios do lucht déanta an chláir faoi stair na Gaeilge i mBéal Feirste, go mbeadh sé toilteanach páirt a ghlacadh ann dá gcuirfí fotheidil Ghaeilge leis na píosaí cainte Béarla ann.

Tuairiscíodh ar Nuacht TG4 aréir gur chuir Ó Monacháin a mhíshástacht in iúl don chomhlacht léirithe faoin pholasaí a bhíonn ag cláir ar TG4 agus BBC Thuaisceart Éireann fotheidil Bhéarla a chur le caint as Gaeilge agus gan aon fhotheidil a chur le caint as Béarla.

Dúirt sé gur chun leas “litearthacht an phobail” sa Ghaeilge a bheadh sé dá dtosófaí ag cur fotheidil Ghaeilge ar chaint Bhéarla  i gcláir dhátheangacha an dá stáisiún.

Comhléiriú idir BBC Thuaisceart Éireann agus TG4, a fuair maoiniú ó Chiste Craoltóireachta na Gaeilge sa Tuaisceart, atá sa chlár a chaitheann súil ar stair na Gaeilge i mBéal Feirste le 50 bliain anuas.

Gael aitheanta as Béal Feirste é Tomás Ó Monacháin atá ina chónaí in nGaoth Dobhair le fada. Is mó feachtas ar son cearta teanga a raibh lámh aige ann i gcaitheamh a shaoil agus thug sé dúshlán an stáit sa Chúirt Uachtarach in iarracht cuid de na cearta sin a dhaingniú.

Thug an comhlacht le fios do Thomás Ó Monacháin go gcloíonn siad leis an ghnáthchleachtas maidir le fotheidil ar chláir dhátheangacha, is é sin gur ar na píosaí Gaeilge amháin a chuirtear fotheidil.

Dheimhnigh TG4 agus an BBC gurb é sin an polasaí atá acu féin.

Dúirt urlabhraí ó BBC Northern Ireland:

“Cé go raibh díomá orainn nach raibh duine de na daoine ar iarradh orthu páirt a ghlacadh sa léiriú nua sásta sin a dhéanamh, tá meas againn ar an gcinneadh sin.

“I gcás ábhair Ghaeilge atá dírithe ar an lucht féachana i gcoitinne, ní chuirfimid fotheidil le cainteoirí Béarla.”

Dúirt urlabhraí ó TG4:

“Is seirbhís inrochtana iad na fotheidil don phobal féachana nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu agus don phobal a bhfuil deacrachtaí éisteachta acu chun go mbeidh teacht ar an oiread is féidir den phobal féachana ar an nGaeilge agus ar chláir TG4.”

Fág freagra ar 'Diúltaithe ag Gael aitheanta páirt a ghlacadh i gclár faoin nGaeilge mar gheall ar pholasaí fotheideal'

  • Gabriel Rosenstock

    Mura mbíonn fotheidil Ghaeilge againn, ní scaipfear litearthacht sa Ghaeilge.
    Litearthacht sa Bhéarla a chothaíonn fotheidil Bhéarla.
    Táim den tuairim le fada an lá go bhféadfaí litearthacht sa Ghaeilge a chothú ach
    mórscannáin an domhain i dteangacha eile a fhotheidealú i nGaeilge.

  • Séamas Ó Scolaí

    Treise leat, a chomrádaí

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Is beag atá uaidh.
    Tá ciall shoiléir lena ndeir sé.

  • Eithne O'Connell

    Ráite go maith ag Gabriel Rosenstock thuas. Ba dheas agus ba fhiúntach an rud fotheidil Ghaeilge a chur ar fáil go ginearálta sna cláir Ghaeilge agus ach go háirithe sna cláir le caint as Béarla iontu – ní hamháin chun cothrom na Féinne a thabhairt dona teangacha ach, agus tá sé tábhachtach, mar go bhfuil sé cruthaithe go mbíonn tionchar níos láidre ar an lucht féachana ag an bhfocal scríofa seachas ag an bhfocal labhartha nó cloiste. Moltar fotheidil a léamh go rialta agus tú ag iarraidh teanga nua a fhoghlaim nó snas a chur ar do chumas teanga…

  • Eoghan O Neill

    Chuir siad fo-theidil ghaelig ar Jean de Florette a bhí ar tg4 thart ar 20 bl.ó shin. Ba bhrea dá mbeadh níos mó scannán i dteangacha eile le fotheidil ghaeilig ann.

  • Éilis Ní Anluain

    Tuigim do Thomás ó Monacháin – tá eagothroime ag baint le cúrsaí mar atá siad.
    An-smaoineamh – fotheidil Ghaeilge a chur ar mhórscannáin an domhain.

  • Tomás ó ceallaigh

    Bionn said ar fail sa Bhreatain bheag ar s4c i mBreatnais.Deirtear gurbh an cúis in Éirinn ganntannas airgid.Caithfidh breis airgid a bheith ann chun è a dhéanamh, Is treallamh iontach chun teanga a fhoghlaim.

  • Meadhbh Ní Eadhra

    An ceart ar fad aige.

    Ba cheart fotheidil Ghaeilge a chur ar gach scannán/clár as Gaeilge, díreach mar a chuirtear fotheidil Béarla ar scannáin/cláir as Béarla. Is slí éifeachtach é chun an teanga labhartha a nascadh leis an dteanga scríofa.

    Meas tú cén fáth nach bhfuil freastal (trí Ghaeilge) á dhéanamh ar phobal na Gaeilge le deacrachtaí éisteachta? Níor cheart go mbeadh orthu fotheidil Béarla a léamh ar chláir Ghaeilge. Is mór an trua é sin.

  • Colm Mac Séalaigh

    céim síos don teanga is ea é gan fotheidil a bheith i nGaeilge le caint i mBéarla ar Tg4 – is é atá le tuiscint ” sure nach bhfuil Béarla ag gach duine, cén fáth go mbeadh fotheidil Ghaeilge de dhíth? .. gan trácht ar an gcostas”.

  • Traolach Ó Sioradáin

    An ceart ar fad aige

  • Pádraig Ó Murchú

    Táim bréan de bheith ag féachaint ar fo-theidal Béarla ag TG4. Nách bhfuil go leor channels ag freastal ar Bhéarlóirí ach channel amháin ag freastal ar lucht na Gaeilge. Níl sé ceart ná cóir. Chuiris scéal chuchu, dheinis iarracht iad a mhúchadh leis an remote ach theip orm. Faillí á dhéanamh acu ar pobal na Gaeilge ☹️

  • Pól Ó Braoin

    I ndeireadh an lae breathnaítear orainn mar dhaoine nach bhfuil an Ghaeilge ach mar chaitheamh aimsire againn. An soiscéal atá ann ná tá béarla ag an uile dhuine a bhfuil Gaeilge aige agus níos fearr ar ndóigh. Céard sa diabhal a bhéarfadh ar éinne airgead a chaitheamh amú ar fhotheidil Ghaeilge do dhaoine go bhfuil an béarla acu sa chéad áit…
    B’shin an smaointeoireacht, faraor, gur eire nó ualach eicint í an Ghaeilge a gcaithfear féirín beag ina treo ó am go chéile leis na feachtasóirí agus iad siúd atá ag iarradh cearta teanga a choinneáil ina dtost go ceann tamaillín bhig eile.