Díomá léirithe ag scoileanna Gaeltachta faoi phlean DEIS 2017

Níor tugadh stádas DEIS do roinnt scoileanna Gaeltachta i mbliana, scoileanna a mheasann idir phríomhoidí agus pholaiteoirí a bheith faoi mhíbhuntáiste

Díomá léirithe ag scoileanna Gaeltachta faoi phlean DEIS 2017

Tá díomá léirithe ag roinnt scoileanna Gaeltachta  faoin scéim DEIS agus plean 2017 na scéime a fógraíodh an tseachtain seo.

Níor tugadh stádas DEIS do scoileanna in Oileáin Árann agus i dTír Chonaill agus tá an laghdú atá tagtha ar an maoiniú a bhronntar faoin scéim cáinte ag scoileanna chomh maith.

Dúirt príomhoide Choláiste Ghobnait, in Inis Oírr, Bríd Ní Dhonncha, le RTÉ Raidió na Gaeltachta gur “buille eile” a bhí ann nuair a chonaic sí nach raibh an scoil sin liostáilte ag an Roinn Oideachais mar scoil DEIS. Dúirt sí gur chuir sé iontas uirthi nach mbeadh scoil atá ar oileán measta ina scoil atá faoi mhíbhuntáiste.

“Tá scoláirí atá ag freastal ar scoil oileáin i dteideal na ndeiseanna céanna oideachais is atá scoláirí ar an mórthír agus tá roinnt moltaí curtha faoi bhráid na Roinne Oideachais maidir leis na scoileanna oileánda seo. Costas €400,000 a bheadh i gceist [leis na moltaí a chur i bhfeidhm].

“Is fíorbheagán infheistíochta a bheadh i gceist len é sin a dhéanamh. Dá mbeadh an stádas DEIS faighte ag Coláiste Ghobnait, dhéanfadh sé sin freastal ar chuid de na moltaí sin atá curtha faoina mbráid,” a dúirt sí.

Tá Plean DEIS 2017, agus an easpa maoinithe atá i gceist leis, ag cur isteach ar mhuintir Thír Chonaill freisin.

Dúirt Pól Ó Ruiséal, Príomhoide Scoil Rann na Feirste, go raibh “iontas” agus “díomá” air nár tugadh stádas DEIS don scoil. 

“Níl slat tomhais chothrom á húsáid ag an Roinn Oideachais agus í ag roghnú scoltacha don Scéim. Táthar ag tabhairt droim láimhe le scoltacha atá ag teagasc trí mheán na Gaeilge”.

Cháin urlabhraí airgeadais Shinn Féin, Pearse Doherty, an plean níos luaithe an tseachtain seo. Dúirt sé go raibh sé soiléir nach leor an plean le dul i ngleic le míbhuntáistí oideachasúla ina chontae dúchais.

“The overall levels of DEIS funding have reduced by almost €20 million between 2008 and 2015, from €193 million to €174 million.

“In the meantime the numbers of children in disadvantaged households have grown, as evidenced by figures from the European Anti-Poverty Network which shows that the level of children living in consistent poverty in Ireland rose from 6.3% in 2008 to 11.5% in 2015,” a dúirt sé.

Cháin sé, freisin, an cinneadh roinnt scoileanna ar fud an chontae, atá faoi mhíbuntáiste, dar leis an Teachta Dála, a bhaint de liosta scoileanna DEIS.