D’imigh an aois díom tamaillín Dé Domhnaigh seo caite

Chuir an taispeántas foirne gan cháim a thug Luimneach sa dara leath in aghaidh Thiobraid Árann an tseachtain seo caite taispeántas eile i gcuimhne dár gcolúnaí

D’imigh an aois díom tamaillín Dé Domhnaigh seo caite

Tony Doran agus Cian Lynch

Ní baileach go mba iad na sméara ná an sú craobh ba chúis leis, ach fearacht file Chill Aodáin, d’imigh an aois díomsa freisin tamaillín Dé Domhnaigh seo caite.

Ag breathnú ar Chluiche Ceannais Iomána na Mumhan a bhí mé agus ar an taispeántas foirne a thug Luimneach sa dara leath in aghaidh Thiobraid Árann. Ní bréag a rá nár sáraíodh a leithéid ar pháirc imeartha in aon áit ar fud an domhain – riamh, déarfainn.

Ocht mbliana déag d’aois a bhí mé i 1968. Ní raibh Cluiche Ceannais na hÉireann feicthe riamh agam le mo dhá shúil féin, mé ag obair ar chúl an chuntair sa gCrúiscín Lán sa Spidéal ar an gcéad lá de mhí Mheán an Fhómhair, ag  saothrú cúpla scilling a choinneodh ag coláiste mé.

Bhí an teach lán le fámairí agus le muintir na háite ag breathnú ar iománaithe Thiobraid Árann agus Loch Garman, muid ag brath ar theilifíseán beag gráinneach dubh agus bán a bhí crochta os cionn an dorais. Mise mé féin agus leathshúil agam air, idir a bheith ag líonadh piontaí pórtair, Watney’s, Phoenix agus ag baint claibíní de Babychams do na mná.

Faoin am a dtáinig leath ama, bhí suim caillte ag a mbunáite ina raibh ag tarlú. Níorbh iontas agus forlámhas iomlán ag Tiobraid Árann, chomh mór sin nach raibh faighte ag Loch Garman ach ceithre scór (1-3) agus iad ocht gcúilín chun deiridh.

Cheal suime bhí tráchtaireacht Mhichíl Uí Eithir á mhúchadh ag an sioscadh cainte a bhí ag neartú sa teach ósta – formhór a raibh istigh sásta rud éicint eile a tharraingt anuas nó go mbaileodh Mick Roche an corn agus John Doyle an naoú bonn uile-Éireann, curiarracht ag an am.

Ach sular shéid John Dowling an fheadóg dheireanach – eisean ina Uachtarán ar CLG ina dhiaidh sin (1988-1991), facthas leathuair iomaíochta a d’fhág gur mhionnaigh mé an tráthnóna sin, dá bhféadfainn chor ar bith é, nach gcaillfinn Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann fad is a mhairfeadh mé.

Chomhlíon mé an gealltanas gur chuir teacht an Covid an bhliain seo caite as mo bhuille mé.

Ar atosaí thosaigh an monabhar cainte ag laghdú de réir mar a bhí Loch Garman ag teacht ar ais san imirt – sula raibh an leathuair istigh bhí cúig chúl scóráilte acu (cealaíodh ceann) – iad gaibhte ar chomhscór in imeacht 16 nóiméad agus deich nóiméad dár gcionn ba acu féin a bhí tús na n-ocht gcúilín.

Mar sin féin, bhí aon difríocht mhór amháin idir imirt an lae sin agus gach ar tharla Dé Domhnaigh seo caite i bPáirc Uí Chaoimh. Ansiúd ní fhéadfaí a rá go ndearna aon imreoir amháin de chuid Luimnigh níos fearr ná aon chomrádaí dá chuid a bhí ar an bpáirc. Bhí aiséirí Luimnigh ar an sampla ab fhearr a chonaic mé riamh dár féidir le foireann a dhéanamh ach iad ar fad a bheith tiomanta dá chéile.

Amach anseo ní hamháin go dtaispeánfar é i seomraí feistis spórtanna nach bhfuil baint ar bith acu leis na Cluichí Gaelacha, ach beidh sé le feiceáil freisin ar chúrsaí traenála in earnáil an ghnó agus an airgeadais, ar chúrsaí díolacháin agus margaíochta, ag cruinnithe míleata agus in áit ar bith eile arb é téama an lae ‘ní neart go cur le chéile’.

Ar an lámh eile, ba le Tony Doran a bhain cuid mhór den iontas atá fanta i mo chloigeannsa ón gCrúiscín Lán ar an gcéad Domhnach de Mheán Fómhair 1968, mar ba le linn na leathuaire sin a rinne seisean an imirt ab fhearr a facthas riamh uaidh ar fhoireann Loch Garman.

Is aisteach an rud sin a rá faoi fhear nach raibh ach 22 bliain d’aois ag an am, a bhí ar dhuine de na hiománaithe ab fhearr lena linn agus a lean air ag imirt go ceann 16 bliain ina dhiaidh. Ach, an lá siúd, bhí leathchos dá chuid i mbróga an tSagairt Uí Mhurchú a spreag pobal Bhuaile Mhaodhóg i 1798.

Ba as an gceantar sin freisin an Dóránach agus ar athrú isteach dó chuig imeall na cearnóige agus a fhoireann i bhfad chun deiridh , shamhlófaí duit gur chuala a raibh ina thimpeall líne den amhrán faoina bhaile dúchais ag teacht amach as a bhéal…

‘Arm! Arm! He cried, For I’ve come to lead you.’

As sin go deireadh ní raibh samhail Doran le fáil ach fir na bpící a lean Ó Murchú ar an mBráca, Sliabh Coiltir, Cnoc Fhiodh na gCaor agus i mBaile Eilís ocht scór bliain go leith roimhe sin.

‘We took Camolin and Enniscorthy

And Wexford storming drove out our foes.’

B’in go díreach an scrios céanna a rinne Doran ar chúlaithe Thiobraid Árann.

Agus gan clogad na hiománaíochta fós ar an saol, b’fhurasta a aithne a chloigeann fionnrua catach – fiú ar an teilifíseán dubh agus bán. Chuir sé a lámh san áit nach gcuirfeadh duine eile a chamán, scóráil 2-1, ach níos tábhachtaí fós, ba é a mhisneach in uair na cinniúna a d’fhág gur chreid a chomhghleacaithe nach raibh an cath caillte, nuair ba chosúil é a bheith.

Ar bhealach chuir dhá chúl a scóráil Tiobraid Árann ag fíordheireadh na himeartha éacht Loch Garman as a riocht, i gcluiche a bhuaigh siad siúd 5-8 in aghaidh 3-12.

Ní móide gur líon mé trí dheoch le linn an dara leath sin, chuile dhuine sáite sa méid a bhí ar siúl i bPáirc an Chrócaigh – an chaint chomh maith leis an tart bainte díobh ag an iontas a bhí le feiceáil ansiúd.

Ós ag trácht ar an bpaistín talún sin é, tá súil agam cluiche a fheiceáil le mo dhá shúil féin den chéad uair le 16 mí, ach deis a fháil freastal ar Chluiche Ceannais Chonnacht idir Maigh Eo agus Gaillimh ansiúd níos deireanaí inniu.

Ní ar aon dath a bheas na bratacha a bheas crochta agam féin agus Raiftearaí Chill Aodáin ar an ócáid seo.

Fág freagra ar 'D’imigh an aois díom tamaillín Dé Domhnaigh seo caite'