Tá an t-iarpholaiteoir Joe McHugh gach aon áit na laethanta seo.
Tá leabhar nua amuigh aige, Beidh Tú Alright – An Irish Language Journey, fén dtréimhse a chaith sé ag foghlaim na Gaeilge mar aire stáit na Gaeltachta agus fén lorg a d’fhág a ‘aistear teanga’ ar a shaol. Tá ceachtanna beaga, focail na seachtaine agus seanfhocail ann chomh maith. An-chuid Éireann seanfhocal, cuid acu níos sine ná a chéile.
Léigheas Beidh tú Alright chomh tapaidh agus ab fhéidir agus, mar a tharla, b’in ana-thapaidh ar fad. Déanta na fírinne ní fhéadfainn a rá go rabhas alright nuair a chríochnaíos é, ach fágfad fé dhuine éigin eile é léirmheas a dhéanamh air.
Rud amháin a déarfainn faoi chuntas Joe, dá mhéid atá foghlamtha ar a aistear aige dealraíonn sé nach dtuigeann sé fós canathaobh go raibh daoine míshásta nuair a ceapadh ina aire stáit Gaeltachta é in 2014. Dar leis go raibh “an element within the Irish language community that smelt blood”.
“The Irish language enthusiasts were after me – their prize catch,” a deir sé.
Ba í fírinne an scéil ná nach raibh aon rud pearsanta faoin gcáineadh a deineadh ar cheapachán Joe McHugh.
Bhíos ar dhuine de na ‘enthusiasts’ nach raibh sásta fén scéal agus scríobhas alt faoi lá a cheapacháin. Sheiceálas agus dúirt “the disbelief at the promotion of McHugh is, of course, no reflection on a capable, hard-working and respected public servant”.
Má bhí Joe McHugh trína chéile faoi dhaoine a bheith ag gearán faoina easpa Gaeilge, ar Enda Kenny ba chirte dó an locht a chur.
Bhí daoine míshásta mar gur chuir an Taoiseach cúram na Gaeltachta ar dhuine nach raibh aon Ghaeilge aige. Bhí daoine míshásta go raibh cúinne na bhfoghlaimeoirí déanta d’aireacht na Gaeltachta.
Bhí daoine míshásta mar in ainneoin a chuid plámáis faoin aire nua a chur ar aistear teanga a bheadh ina spreagadh do dhaoine eile, ba léir gur cheap Kenny nach raibh mórán tábhachta ag baint leis an bpost.
An bhliain dár gcionn, ghéill sé gur cheap sé McHugh mar gheall ar chúinsí tíreolaíochta agus mar go raibh sé “timpeall le tamall”.
Is trua gur bhraith Joe McHugh go raibh sé faoi léigear ag an am agus gur ghoill ráitis amhail ‘another insult to the Irish language’ chomh mór sin air.
Ghoill gártha an lucht agóide taobh amuigh de Thithe an Rialtais chomh maith air agus iad ag béicigh, ‘Aire gan teanga, aire gan clue’. Ach dá mba rud pearsanta a bhí i gceist, nach go binn a dhéanfadh ‘McHugh’ rím leis an bhfocal ‘clue’?
Chomh maith lena “detractors”, deir Joe McHugh go raibh daoine eile a thacaigh leis agus a chreid ann agus ina chumas “to rise to the challenge”.
Ba é an dúshlán sin, dar leis, ná Gaeilge a fhoghlaim agus lucht an amhrais a bhréagnú. Ach is é bun agus barr an scéil ná go mba chuma dá mbeadh Gaeilge na nGriannach aige ag deireadh a aistir. Ba é an dúshlán a bhí roimhe dáiríre ná an Ghaeltacht agus pobal na Gaeilge a chur chun cinn agus an gnó sin a dhéanamh ina dteanga féin.
Sin an ceacht is mó a bhí le foghlaim.
Fuaireamar drochscéal an lá eile ó Fhoras na Gaeilge go bhfuil ciorrú á dhéanamh acu ar bhuiséad na seirbhíse nuachta seo. Is cosúil gur roghnaíomar an tseachtain mhícheart le tús a chur le colún nua.
Pé scéal é, ag deireadh litir an Fhorais, dúradh liom má bhí aon cheist agam gur cheart dom teagmháil a dhéanamh le mo ‘chás-oifigeach’. D’éirigh liom mo shaol go léir a chaitheamh go dtí seo gan cás-oifigeach a bheith agam agus nílim siúráilte an maith liom go bhfuil ceann anois agam.
B’fhéidir gurb é an iomarca teilifíse faoi ndear é ach cheapas i gcónaí nach mbíonn ‘cás-oifigeach’ ach ag daoine a bhíonn i dtrioblóid de shaghas éigin nó ag daoine a bhíonn ag cabhrú leis an CIA. An é go bhfuil láimhseálaí anois agam i bhForas na Gaeilge? An dtabharfar códainm dom? Níl freagra na gceisteanna sin agam mar ní dúradh liom cé hé mo chás-oifigeach. An amhlaidh gurb é an chéad mhisean atá agam ná é a oibriú amach? Is diamhair an dream iad.
Bhíos i gCill Airne an deireadh seachtaine seo caite don gcluiche idir Ciarraí agus Dún na nGall. Ba é seo an chéad uair dom a bheith i láthair ag cluiche caide ó tháinig na rialacha nua isteach agus is breá liom iad. Chabhraigh sé chomh maith, b’fhéidir, gurb é seo an chéad uair riamh dom a bheith i láthair ag cluiche caide agus spéaclaí orm. N’fheadar an cuid de na rialacha nua iad ach is maith ann na huimhreacha ar chúl gheansaithe na n-imreoirí.
Seasaim san áit chéanna i Staid an Ghearaltaigh i gcónaí agus le blianta beaga anuas ba mhinic a chuala smeadar búála ó mhuintir na háite timpeall orm agus iad bailithe den tsíorphasáil siar agus sall agus anall. ‘Will you kick it in, man?’ an achainí thruamhéalach a bhíodh coitianta ag an slua a raibh an grá acu don gcluiche ab ansa leo ag fuarú de réir a chéile. Chloisteá arís is arís eile, ‘Will you kick it in, man?’. Timpeall leathshlí tríd an gcéad leath an lá eile chuala béic ag baint macalla as an dtráthnóna fés na Cruacha Dubha. ‘Will you take your time, man?’
‘Caid is God’ arís.
Moncaí CGI i bpáirt Robbie Williams i scannán faoi shaol Robbie Williams agus é stiúrtha ag an bhfear céanna is cúis le mo Spotify a bheith loite ag na páistí le hamhráin The Greatest Showman? Thuigfeá do dhuine a bheadh amhrasach faoi Better Man, ach chuala Roy Keane ar phodchraoladh á mholadh go hard na spéire agus chuas sa tseans. Ana-scannán. Tá Better Man lán samhlaíochta, siamsaíochta agus fuinnimh agus léirigh sé dom go paiteanta ceann de bhuanfhírinní an tsaoil seo – is annamh nach mbíonn an ceart ag Roy Keane.
Fág freagra ar 'DIALANN TUAIRISC – Ceachtanna Joe McHugh, rogha Roy Keane, rúndiamhair Fhoras na Gaeilge, agus rialacha nua na peile'