Is iomaí blas i dtorthaí phobalbhreitheanna TG4
Cuirfear an-suim go deo san oíche anocht i dtorthaí na chéad phobalbhreithe atá ag TG4 dúinn – Gaillimh Thiar. Bí cinnte go mbainfidh na meáin go léir ceannlíne as scéal an iarchraoltóra, Gráinne Seoige (FF), bíodh sí ag déanamh go maith, olc nó measartha.
Ach dáilcheantar suimiúil a bhíonn i nGaillimh Thiar i gcónaí agus aon uair amháin riamh a atoghadh an dream céanna ann dhá thoghchán i ndiaidh a chéile.
Gan dabht, beidh a léamh féin ag na polaiteoirí ar thorthaí na pobalbhreithe, agus ní gá gurb é an dá mhar a chéile acu i gcónaí dea-thoradh agus dea-scéal.
In 2016 léirigh pobalbhreith TG4 i nGaillimh Thiar go raibh tacaíocht an-íseal ag an neamhspleách Noel Grealish. “Codlóidh mé go sámh anocht,” arsa Grealish nuair a cuireadh ceist air faoin ‘drochscéal’.
Fuair Grealish vóta i bhfad níos airde ná mar a tugadh le fios sa phobalbhreith agus toghadh gan mórán stró é.
An bhliain chéanna chuir torthaí phobalbhreith TG4 i gCiarraí iontas ar dhaoine. Agus é díreach fógartha go mbeadh Danny Healy-Rae ag dul san iomaíocht i dteannta a dhearthár, Michael, léirigh na torthaí go mbeadh dhá shuíochán ag muintir Chill Gharbháin. Is cosúil go raibh Michael Healy-Rae ar buile faoin ‘dea-scéal’ seo. Bhí sé ar an bhfón láithreach ag iarraidh a fháil amach an amhlaidh gur “below in Kilgarvan” a dhein TG4 an suirbhé.
Tá Michael agus Danny sa Dáil ó shin.
Ag cothú saighdiúirí coise na cinniúna
Gránóla, iógart ar bheagán saille, torthaí, cnónna agus caora an bia catha a bhí leagtha amach i gceannáras olltoghcháin Fhianna Fáil an chéad mhaidin d’fheachtas 2011. Bhí alltacht ar sheana-apparatchikí Fhianna Fáil agus gan aon sight ar an sausage roll fhéin. Bhí sirriam nua i Sráid an Mhóta, an ceannaire nuathofa Micheál múinte mánla Martin. 13 bliain níos déanaí agus tá an Corcaíoch fós i bhfeighil ar Fhianna Fáil, ach an bhfuil na maidí ligthe le sruth ag Fianna Fáil ó thaobh sláinte shaighdiúirí coise na cinniúna de?
‘Fianna Fáil promises to decriminalise drug possession for personal use at manifesto launch,’ a dúirt ceannlíne ar shuíomh an Irish Examiner an lá eile. Bhí orainn é a léamh an dara huair. Sea, ní foláir nach raibh sa ghránóla ach gateway drug.
Comhairle Sheáin a’ Chóta
Cuimhnímid mar a dhéanaimid i gcónaí ag tús feachtais toghcháin ar Sheán óg Caomhánach, an scríbhneoir Duibhneach.
‘Nuair a bhíd ag lorg guth bíd ana-áiféiseach ina gcuid geallúintí,’ a dúirt Seán a’ Chóta.
‘Bheadh mo mhuinín agam as an té a gheallfadh dom go dteipfeadh sé orm,’ a dúirt sé.
Cuimhnigh ar an gcomhairle sin nuair a thiocfaidh an cnag ar an ndoras.
Téarmaí toghcháin
Táimid chomh tinn tuirseach de bheith ag éisteacht le tráchtairí ag cur Simon Harris i gcomparáid leis an Duracell Bunny gur ar éigean go raibh an bhrí fágtha ionainn leagan Gaeilge a lorg. Dhéanfadh an Coinín Duracell an chúis, nach ndéanfadh? ‘Dhéanfadh,’ arsa ár gcomhairleoir teanga, ‘ach bheadh Coinín an Chadhnra níos deise.’
Páidín Ó Raifeartaigh
Tá súil agam go mbeidh Simon Harris fágtha ina “Chadhnra Aonair” ar bhinsí an fhreasúra agus a pháirti leis.