Dhúisigh mé ar maidin agus bhí mé 47.2 bliain d’aois, íosphointe mo shaoil

Léiríonn taighde eolaíoch go mbuaileann an duine íosphointe ina shaol ag aois a 47.2. Níl na heolaithe i bhfad ón marc, a scríobhann ár gcolúnaí atá ag an aois sin faoi láthair

Dhúisigh mé ar maidin agus bhí mé 47.2 bliain d’aois, íosphointe mo shaoil

Dhúisigh mé ar maidin agus bhí mé 47.2 bliain d’aois – an aois is míshona i saol an duine, de réir staidéar a rinne an tOllamh David Blanchflower ó Dartmouth College don Bhiúró Náisiúnta um Thaighde Eacnamaíoch na Stát Aontaithe, agus a foilsíodh in 2020.

De réir an staidéir sin, buaileann daoine íosphointe ina saol ag aois 47.2 – cuma cén áit ar domhan a bhfuil cónaí orthu, in áit a bhfuil caighdeán an tsaoil go maith ann nó in áit nach bhfuil.

Is cosúil go bhfuil an ghéarchéim mheánaoise sin réamhchláraithe inár n-inchinn go pointe, ach is iomaí cúis sheachtrach a luaitear léi freisin. Bíonn duine atá 47.2 bliain d’aois faoi bhrú ó chuile thaobh.

I dtús báire, tá an duine atá 47.2 bliain d’aois ceaptha a bheith i mbarr a mhaitheasa ó thaobh na hoibre de: mura mbíonn an post is ansa leat ar domhan agat faoin am sin, drochsheans go mbeidh ina dhiaidh sin. Aon aislingí a bhíodh agat nuair a bhí tú óg agus nach bhfuil fíoraithe – tá sé in am glacadh leis gur dóichí ná a mhalairt nach bhfíoróidh tú iad go brách.

Ar an dara dul síos, bíonn an duine atá 47.2 bliain d’aois faoi bhrú mór ina shaol pearsanta agus i saol an teaghlaigh: go minic bíonn air aire a thabhairt, ag an am céanna, do thuismitheoirí scothaosta agus do pháistí atá ina ndéagóirí, agus más rud é nach bhfuil páirtí aige, is i laghad a bheidh an seans go gcasfaidh grá a shaoil air ag dul. Agus ar ndóigh más bean thú, beidh an meanapás tosaithe nó ar leac an dorais.

Agus leis sin táimid tagtha chomh fada leis an gcúis is tábhachtaí go mbíonn an duine atá 47.2 in ísle brí: idir roic, easpa teacht aniar agus fadhbanna sláinte níos tromchúisí, ní féidir ligean ort féin a thuilleadh nach gaire don uaigh thú ná don chliabhán.

Dhúisigh mé ar maidin agus bhí mé 47.2 bliain d’aois. Chuimil mé uachtar frithroctha isteach i m’aghaidh, i m’ucht agus i mo lámha, rinne cupán caife dom féin, d’eagraigh saol mo mháthar a bhfuil galar Alzheimer uirthi, chuimhnigh nach bhfuil páistí agam féin a thabharfadh an aire chéanna domsa nuair a bheidh mise mé féin scothaosta, chuimhnigh nach raibh gnéas agam le breis agus bliain agus thug aghaidh ar an Úrscéal Mór Nach Bhfuil Críochnaithe Fós.

An t-aon sólás a bhí agam ná go léiríonn staidéar Bhiúró Náisiúnta um Thaighde Eacnamaíoch na Stát Aontaithe go n-éireoidh cúrsaí níos fearr gan mhoill. 47.2 bliain d’aois an t-íosphointe: suas a bhíonn cuarghraf na sástachta ag dul ina dhiaidh sin.

Fág freagra ar 'Dhúisigh mé ar maidin agus bhí mé 47.2 bliain d’aois, íosphointe mo shaoil'