Tá dhá rogha ann maidir leis an bplean seirbhís nuachta TG4 a scaradh ó RTÉ – scaradh iomlán nó dhá sheirbhís a bheadh neamhspleách óna chéile ach ag comhoibriú go dlúth lena chéile.
B’in a dúradh le foireann Nuacht TG4 ag cruinniú speisialta faoi thodhchaí na seirbhíse le déanaí.
Tuigtear chomh maith go bhfuil tuarascáil neamhspleách faoin bplean á hullmhú ag Pádhraic Ó Ciardha, iar-leascheannaire TG4, a d’oibrigh do RTÉ sular ceapadh é ar mheitheal bhunaithe Theilifís na Gaeilge.
Tharla an cruinniú eolais an tseachtain seo caite i ndiaidh do cheardchumann na foirne litir a sheoladh go dtí ceannasaí RTÉ, Kevin Bakhurst, ag cuardach eolais faoina a bhfuil i ndán don nuacht teilifíse i nGaeilge.
Faoi láthair, is é RTÉ a chuireann Nuacht TG4 agus 7Lá ar fáil do TG4 agus déantar sin mar chuid den dualgas reachtúil atá ar RTÉ 365 uair an chloig de chláir a chur ar fáil do TG4.
Ach tá caint go leor ann faoina bhfuil i ndán don chaidreamh seanbhunaithe sin agus do nuacht na Gaeilge ó ghlac an Rialtas le moladh ón gCoimisiún um Thodhchaí na Meán go mbeadh “ceannas neamhspleách eagarthóireachta” ag TG4 ar a sholáthar nuachta chun seirbhís níos fearr a chur ar fáil dá lucht féachana.
Bhí an moladh sin ag teacht le mian Ard-Stiúrthóir Alan Esslemont a deir gurb í an aidhm atá aige féin agus ardbhainistíocht TG4 ná go mbeadh smacht ag an stáisiún “ar a acmhainní féin, nuacht san áireamh” agus go mbeadh lucht na nuachta fostaithe ag TG4 seachas ag RTÉ amach anseo.
Tá tús curtha cheana ag TG4 le bunú a seirbhíse nuachta féin agus deireadh 2025 atá luaite ag ceannaire an stáisiúin le scaradh na nuachta.
Ag cruinniú na seachtaine seo caite, dúirt Príomheagarthóir Nuacht TG4/RTÉ, Joe Reddington, leis an bhfoireann gurb amhlaidh go raibh TG4 ag iarraidh seirbhís a bhí éagsúil ón gceann a bhí á soláthar ag RTÉ le blianta. Níos mó de sheirbhís ilardáin a theastaigh ó TG4, a dúradh.
Bhí dhá bhealach ann chun sin a bhaint amach, a dúirt Joe Reddington – scaradh iomlán nó scaradh agus comhoibriú.
Faoin dara rogha, bheadh neamhspleáchas eagarthóireachta ag an dá sheirbhís – Nuacht RTÉ agus Nuacht TG4 – ach bheidís ag obair go dlúth lena chéile, a dúradh ag an gcruinniú.
Bhí roinnt foinsí ar labhair Tuairisc leo den tuairim go raibh go leor doiléire i gcónaí ann faoi cad a bhí i ndán dóibh féin agus don nuacht Ghaeilge.
I bplean gnímh a d’fhoilsigh an Rialtas faoi chúrsaí craoltóireachta, fógraíodh go ndéanfadh rialálaí nua na meán, Coimisiún na Meán, monatóireacht ar an bplé idir an dá stáisiún faoin soláthar nuachta Gaeilge.
Dúradh i bplean an Rialtais go n-aithnítear go bhfuil buntáistí áirithe ag baint leis an socrú atá idir an dá stáisiún ó thaobh cúrsaí nuachta faoi láthair, ach gurb é atá ag teastáil ón Rialtas ná go n-aistreofaí chuig TG4 ‘ceannas iomlán eagarthóireachta’.
D’fhéadfadh an plean go mbeadh TG4 neamhspleách ó RTÉ i dtaobh cúrsaí nuachta a bheith ina chuid d’athbhreithniú cuimsitheach atá le déanamh ar an soláthar don Ghaeilge atá sna meáin.
Tá Ceannaire Nuachta agus Cúrsaí Reatha ceaptha ag TG4 chun na hathruithe atá beartaithe ar sholáthar nuachta TG4 a chur i bhfeidhm.
Bhí tuairimí éagsúla ag foinsí ar labhair Tuairisc leo faoi gcuma a bheadh ar an dá sheirbhís nuachta nuair a scarfaí iad nó cibé an scarfaí in aon chor iad.
Dúirt foinse amháin go mb’fhéidir go mbeadh RTÉ níos sásta scaoileadh le Nuacht TG4 tráth a bhfuil brú mór ar an gcraoltóir ciorruithe foirne agus eile a dhéanamh, ach, ar an dtaobh eile den scéal, tá brú ar RTÉ chomh maith cur le líon na gclár Gaeilge a chraolann siad agus a chruthú don Choimisinéir Teanga go bhfuil a ndualgas reachtúil i leith na teanga á chomhlíonadh acu.
Rose
Obair na gcapall á déanamh ag foireann an tseomra nuachta le fada an lá agus má dhéantar iad a scaradh ach go mbeadh ‘comhoibriú’ idir eatarthu, cuirfear tuilleadh freagrachta orthu – cuir i gcás an cúram riaracháin a bheidh ann lena leithéid a bhaint amach.
Soiléireacht de dhíth agus ag dul don bhfoireann.