Dhá rabhadh eisithe ag Met Éireann faoin teas damanta

Tá Met Éireann ag tuar go bhféadfadh an teocht a bheith chomh hard le 31°C amárach agus Déardaoin

Dhá rabhadh eisithe ag Met Éireann faoin teas damanta

Tá dhá rabhadh eisithe ag Met Éireann faoin teaspach agus an teocht ard atá á dtuar acu sna laethanta beaga seo romhainn. Mheabhraigh siad do dhaoine a thábhachtaí agus atá sé a bheith an-chúramach sa teas damanta seo.

Tá Met Éireann ag tuar go bhféadfadh an teocht a bheith chomh hard le 31°C amárach agus Déardaoin.

Tá baol beag ann go mbeidh corrstoirm thoirní sa tuaisceart, san iarthar agus i lár tíre.

Tá Fógra Oráiste teasa eisithe do shé chontae – Cabhán, Muineachán, Ros Comáin, an Longfort, an Iarmhí agus deisceart chontae Liatroma. Táthar ag tuar go ngabhfaidh an teocht os cionn 30°C i rith an lae agus nach dtitfidh sé faoi 20°C i rith na hoíche. Tá an rabhadh seo i bhfeidhm ón 2.00pm inniu agus beidh go dtí a naoi a chlog maidin Dé hAoine.

Pictiúr: Sasko Lazarov / RollingNews.ie

Stádas Buí atá i bhfeidhm ag Met Éireann don chuid eile don tír agus beidh sin i bhfeidhm freisin go dtí a 9.00am maidin Dé hAoine.

Teocht idir 27°C agus 30°C atá á thuar sna ceantair sin agus é ina scaladh gréine gan faoiseamh ach go bhféadfadh corrmhúr toirní a bheith ann.

Tá an baol go mbeadh an teocht níos airde ná 30°C  in áiteanna lár tíre, teaspach nár deimhníodh sa tír seo ach cúpla uair le leathchéad bliain.

I gcontae Ros Comáin ar an 19 Iúil 2006 a cláraíodh an teocht is airde sa tír seo mí Iúil agus bhí an teocht an lá sin 32.3°C.

Ní mór an fuarú a thiocfaidh chugainn le titim na hoíche ach an oiread mar go bhfuil teocht idir 17°C agus 20°C á thuar.

Le go dtabharfaí tonn teasa go hoifigiúil ar an teas mór seo, níor mhór don mheánteocht a bheith cúig chéim os cionn an mheáin ar feadh cúig lá.

D’iarr an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, ar an bpobal a bheith san airdeall agus iad amuigh ag baint taitneamh as an ngrian láidir seo.

Dúirt sé gur chóir do dhaoine neart uisce a ól agus dóthain  uachtar gréine ceart a úsáid. Ba chóir do dhaoine fásta uachtar 30+ a úsáid agus uachtar 50+ a chur ar pháistí go fial agus go minic.

Iarrtar ar dhaoine a bheith san airdeall ar chomharthaí sóirt stróc agus tnáitheadh teasa.

Tinneas cinn, meadhrán, mearbhall, easpa goile, fonn múisce, cuisle agus análú gasta, teocht ard,  38°C nó os a chionn agus íota tarta cuid de na comharthaí ar an tnáitheadh nó an traochadh teasa.

Mura gcuirtear cóir ar an té atá tnáite ag an teaspach, tá an baol ann go bhfaighidh sé stróc teasa agus is cás éigeandála ansin é mar is comhartha é sin nach bhfuil an cholainn in ann í féin a fhuarú.

Tá Uisce Éireann ag iarraidh ar dhaoine a bheith spárálach leis an uisce ó tharla nach bhfuil aon bháisteach á tuar. Caithfear sin a dhéanamh a deir siad lena chinntiú “go mbeidh soláthar seasta ann sa séasúr cruógach seo”.

Tá achainí phráinneach déanta ar dhaoine atá ina gcónaí i roinnt ceantar an t-uisce a chaomhnú – Loch Garman, Ciarraí agus Dún na nGall agus tá srianta ar an soláthar i rith na hoíche i bPort Laoise agus i gcuid den Longfort.

Fág freagra ar 'Dhá rabhadh eisithe ag Met Éireann faoin teas damanta'