Ní bhíonn lorg an ghrá ar leabhar go mbíonn na coirnéil ite agus subh agus sellotape air

Cén mhaith leabhar nach bhféadfá a chaitheamh thart ar an seomra, isteach faoin mbugaí, amach as fuinneog an chairr, síos sa bhfolcadán…

Ní bhíonn lorg an ghrá ar leabhar go mbíonn na coirnéil ite agus subh agus sellotape air

Níl aon locht agam ar leabhar nua glan a dtugtar aire dó, ach tá cion ar leith agam ar an leabhar atá seanchaite agus gioblach le teann léamh agus athléamh, an clúdach marcáilte ag lorg mhugannaí caife, agus na leathanaigh breac le smeadar suibhe, bruscar aráin agus anlann trátaí.

Is furasta na leabhair is fearr le chuile dhuine sa teach s’againne a aithint mar is iad a bheidh lán le cluaisíní cait, bileoga ag sciorradh amach astu, stróiceanna beaga anseo is ansiúd iontu agus iad coinnithe le chéile ag sellotape. Seans go bhfuil chuile theach mar an gcéanna.

Le deireanas a bhí mé ag breathnú ar an mbailiúchán leabhar cairtchláir do bhabaithe beaga atá cruinnithe le chéile ar an tseilf in aice leis an leaba. Ceapaim go bhfuil gach duine sa teach críochnaithe leo anois agus ní gá ach breathnú orthu is feicfidh tú gur mór an… cion?… a bhí orthu.

D’fheicfeá lorg na bhfiacla ar choirnéal amháin, an droim ag imeacht de cheann eile, agus an chuma orthu gur léadh go mion minic iad. Agus léadh.

Anois agus é in am slán a fhágáil acu, tá uaigneas i mo chroí is mé ag iarraidh cuimhneamh céard a dhéanfaidh mé leo. Chuimhnigh mé go bhféadfainn iad a bhronnadh ar dhuine éigin. Ach níl a fhios agam cén fháilte a bheadh ag aon duine roimh bhailiúchán leabhar leath-ite.

Déarfá go bhfuil an-chogaint i gcnámh do ghadhar nó i mála mór taifí, ach ní raibh a fhios agam riamh go raibh an bua céanna ag leabhair áirithe. Nílim ag caint ar an gcogaint mheafarach ná liteartha, ná ar smaointe a mbeifeá ag mungailt orthu.

Ní leor scéal maith sa leabhar cairtchláir. Ná ní leor ábhar machnaimh. Caithfidh sé a bheith tarraingteach go fisiciúil, físiúil agus, níos tábhachtaí fós, caithfidh sé a bheith in ann ag an saol dúshlánach atá amach roimhe mar leathliathróid / leathleabhar / leath-shúdar (tá a fhios agam go bhfuil trí leath ansin, ach ní leanann siad gnáthrialacha na fisice).

An bhfuil aon seánra litríochta eile ann ina bhfuil tábhacht leis na tréithe aeraidinimice?

Caithfidh an leabhar cairtchláir a bheith déanta as substaint éicint a bhféadfaí, dá mba ghá, é a chur go dtí an ghealach agus ar ais trí atmaisféar an domhain is nach gcuirfeadh sé mórán as dó. Caithfidh sé a bheith sách láidir le go bhféadfaidh tú é a léamh, é a léamh trí nó cheithre huaire sa lá ar feadh míonna i ndiaidh a chéile, blianta seans, agus go mbeadh an scríobh agus na pictiúir fós le feiceáil go soiléir.

Ní mór a bheith in ann na coirnéil a dhiúl is a lúbadh agus an scríobh a choinneáil istigh ó na coirnéil sa gcaoi is go mbeidh tú fós in ann an leabhar a léamh nuair a bheidh na coirnéil ite de.

Caithfidh tú a bheith in ann é chaitheamh thart ar an seomra, isteach faoin mbugaí, amach as fuinneog an chairr, síos sa bhfolcadán agus muinín a bheith agat go bhfanfaidh sé ina chéile.

Má sheasann siad an teist, feicfidh tú bailiúchán leabhar ar do sheilfeanna agus lorg an ghrá is an cheana orthu. An bhfuil léirmheas ar bith níos fearr ná sin?

Fág freagra ar 'Ní bhíonn lorg an ghrá ar leabhar go mbíonn na coirnéil ite agus subh agus sellotape air'