D’fhan an tAontas Eorpach rófhada agus d’fhan an rialtas seo againne róchiúin

Ar an tAE agus an rialtas atá cuid mhaith den mhilleán maidir leis na fadhbanna faoi sholáthar vacsaíní

D’fhan an tAontas Eorpach rófhada agus d’fhan an rialtas seo againne róchiúin

Pictiúr: Sasko Lazarov/RollingNews.ie

Ní féidir éalú as cruachás ghalar an Covid. Ba chóir, faoin tráth seo, go mbeadh an solas ag bun an tolláin ag scaladh go lonrach, ach is i laige atá sé ag dul, agus fadhbanna nua in aghaidh an lae ag cur isteach ar an gclár vacsaínithe.

Ní féidir an milleán a chur ar an Rialtas toisc nach bhfuil na comhlachtaí cógaisíochta in ann an líon dáileog atá ag teastáil a tháirgeadh.

Ach ar an Rialtas atá an milleán go bhfuil muid ceangailte i gcónaí le córas Eorpach nach bhfuil ag éirí leis. Ar an Rialtas atá an milleán nach bhfuil muid sásta vacsaíní a cheannach muid féin ó fhoinse ar bith sa domhan. Agus ar an Rialtas atá an milleán go bhfuil éiginnteacht ann faoi cathain is conas a gheobhaidh daoine vacsaíní atá riachtanach do shláinte an phobail agus do shláinte na heacnamaíochta freisin.

I rith na seachtaine tháinig sé chun solais go bhfaigheadh muid 400,000 dáileog níos lú ná mar a bhíomar ag súil leo. Bhí díomá ar an Taoiseach, a dúirt sé. (Ar fhaitíos na míthuisceana is faoi Mhicheál Martin atá mé ag caint!).

Ach ní raibh an oiread sin díomá air go raibh sé sásta rud ar bith a dhéanamh faoi.

Tá ballstáit eile de chuid an Aontais Eorpaigh ag déanamh neamhairde ar shocrú an Aontais lena gcuid dáileoga vacsaíne a fháil: an Danmhairg, an Ungáir, poblacht na Seice, an tSlóvaic, an Ostair. Tá an Iodáil le conradh a shíniú leis an Rúis chun an vacsaín Sputnik V a tháirgeadh.

Agus fiú an Ghearmáin, a mhol an polasaí lárnach atá ag an AE, tá siad i ndiaidh na srianta a shárú agus dáileoga breise a cheannach go díreach ó PfizerBioNTech dóibh féin.

Ach diúltaíonn an Rialtas seo againne aon cheann de na samplaí sin a leanúint. ‘Feicfidh muid cén chaoi a n-éireoidh leo’ a bhí mar fhreagra doicheallach ag Pascal Donohoe nuair a fiafraíodh de cén fáth nach raibh muidne ag lorg dáileoga taobh amuigh de chóras an AE.

Is fearr leis an rialtas go mbeadh an tAontas Eorpach ag breathnú orainn mar dhaltaí den scoth ar tábhachtaí leo leas an Aontais ná a leas féin. Sa mhéid sin, ar ndóigh, níl muid cosúil leis na cladhairí sna tíortha eile sin.

Agus in ionad rud ar bith a dhéanamh faoin scéal, tá an rialtas ag maíomh anois go bhfuil 46,500 dáileog breise faighte againn ón Aontas Eorpach. Tá muid gann 400,000 dáileog toisc nach raibh an tAE in ann conradh fiúntach a aontú, ach nach muidne atá buíoch dóibh as 46,500 a aimsiú dúinne?

Tá aon trian de phobal an Tuaiscirt i ndiaidh dáileog a fháil, is tá siad tosaithe ar dháileoga a thabhairt do dhaoine atá os cionn 60 bliain d’aois. Níl muidne críochnaithe go fóill leis na daoine atá os cionn 85 bliain.

Tá gearáin á ndéanamh ar fud na tíre nach bhfuil an soláthar tagtha go fóill. I gConamara, fuair dochtúir teaghlaigh amháin dáileoga, ach ní bhfuair sé aon steallairí.

Ní ar AstraZeneca, ná go deimhin ar an Aontas Eorpach, atá an milleán mar gheall ar na laigí tubaisteacha seo, ach ar ár rialtas féin agus an córas riaracháin atá curtha i bhfeidhm acu.

Maidir leis an Aontas Eorpach tá siad ag diúltú glacadh leis go bhfuil aon mhilleán orthu – fiú mura bhfuil roinnt mhaith de na ballstáit den tuairim chéanna.

Féach an tubaiste a bheadh ann, a deir Ursula von der Leyen, dá mbeadh na ballstáit ag troid eatarthu féin le haghaidh dáileog. Sin é ar ndóigh díreach an rud atá ar siúl faoi láthair.

Tá feachtas mór ar siúl acu anois ar mhaithe leis an milleán a leagan ar na comhlachtaí. Gan amhras ba chóir don Taoiseach labhairt leo roinnt míonna ó shin. Tá sé ag geallúint go labhróidh sé leo anois, ach céard a bheidh le rá aige? An gcuirfidh sé aon iachall orthu freastal ar ár gcuid riachtanas ar fhaitíos go gcuirfeadh muid stop lena gcuid gníomhartha eile in Éirinn?

Ach níl AstraZeneca ag diúltú dáileoga a sholáthar d’aon ghnó. Tá fadhbanna táirgthe acu, agus is ar an Aontas Eorpach atá an milleán nach bhfuil conradh níos láidre acu.

D’fhan an tAontas rófhada, níor cheangail siad na conarthaí le cearta feidhmithe na gcomhlachtaí, is bhí siad i gcónaí ag deireadh na scuaine maidir le ceadú úsáid na vacsaíní.

Ach má d’fhan an tAontas rófhada, d’fhan an rialtas seo againn róchiúin.

Cén fhad eile a chaithfeas muid glacadh leis an leibideacht seo?

Fág freagra ar 'D’fhan an tAontas Eorpach rófhada agus d’fhan an rialtas seo againne róchiúin'

  • S. Mac Muirí

    Tá aos grá na hEorpa ciúin faoi dheireadh.
    Ráithe siar 7 bhíodar anuas sa mullach ar Eoin faoi alt mar so a cháin mífheidhm an mhaorlathais ghnóthaí imdhíonú an phobail de. An méid nár léir dóibh an t-am soin, ní féidir a shéanadh inniu.

  • Máirtín

    Aontaím leat go hiomlán, A Eoin, agus anuas ar an méid atá le rá agat is léir anois nach ndearna an Rialtas mórán chun ullmhú do dháileadh na vacsaíní, nuair a bhí líon na gcásanna an-ísle i rith an Fhómhair seo caite.

  • Fearn

    Bhal, níl saoi gan locht a Sh; Ursala agus an AE san áireamh.
    Maidir le Eoin, seinneann sé seanphort cáineadh an AE go minic is go rialta, slán a bhéas sé.
    Agus chun mo shamhlacha a mheascadh, bíonn an té a cháineann an AE agus an clog ina stad ceart dhá uair sa lá. Ligfinn an mhéid sin dófa araon.