Deis eile d’imreoirí óga agus d’ionadaithe na gCúigí

Ní bheidh fáil ag na cúigí ar a gcuid imreoirí idirnáisiúnta i mBabhta15 den Pro 14 ach d’fhéadfadh go mbeadh an bua acu go léir

Deis eile d’imreoirí óga agus d’ionadaithe na gCúigí

Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Cé go bhfuil sos beag againn ó Chomórtas na Sé Náisiún an deireadh seachtaine seo, mar sin féin ní bheidh fáil ag na cúigí ar a gcuid imreoirí idirnáisiúnta le himirt i mBabhta15 den Pro 14. 

Fágann sin go mbeidh deis eile ag go leor imreoirí óga, chomh maith le himreoirí dara rogha agus go deimhin i gcúpla cás, imreoirí tríú nó ceathrú rogha, iad féin a chur chun cinn agus taithí a fháil ag imirt sa gcomórtas seo.

Mar sin féin, ní dóigh go mbeidh mórán stró ar Chúige Mumhan an lámh in uachtar a fháil ar na Kings agus iad á n-imirt i gCorcaigh inniu, Dé hAoine. Is iad na Muimhnigh atá ar bharr Ghrúpa A faoi láthair, agus gan ach ceithre chluiche caillte acu as ceithre chluiche dhéag. Is é a mhalairt scéil ag na Kings é, foireann atá in íochtar i nGrúpa B. Níor bhuaigh siad ach faoi dhó go dtí seo sa gcomórtas. Sea, tá mise ag tuar bua eile le pointe bónais do na Muimhnigh.

Beidh a ndóthain le déanamh ag na hUltaigh agus iadsan as baile inniu i gcoinne na nOspreys, foireann atá sa tríú háit i nGrúpa A. Is sa gcúigiú háit i nGrúpa B atá na hUltaigh agus gan fáil acu ar leithéidí John Cooney ná Rory Best de bharr dualgais idirnáisiúnta. Is deacair bua as baile a thuar dóibh. Mar sin féin tá neart imreoirí ar iarraidh ó na hOspreys chomh maith.

Amárach, Dé Sathairn, a bheas Cúige Laighean agus Cúige Chonnacht ag imirt. Cé gur san Iodáil a bheas Cúige Laighean agus iad ag tabhairt faoi Zebre, is deacair bua a thuar d’fhir an bhaile. Chaill Zebre aon chluiche dhéag go dtí seo, i gcomparáid leis na curaidh, Cúige Laighean, foireann nár chaill ach faoi dhó fós i bPro 14 an tséasúir seo.

Caithfidh na Connachtaigh a bheith cúramach agus iadsan ar an mBóthar Beag i gcoinne Cheetahs na hAfraice Theas. Tá an dá fhoireann seo ag imirt i nGrúpa A, na Connachtaigh in uachtar sa gceathrú háit ar 38 pointe. Sa séú háit atá na Cheetahs, ach níl siad ach dhá phointe taobh thiar ar 36 pointe. Beidh cúpla imreoir ar iarraidh ó na Connachtaigh amárach ach is dóigh liom mar sin féin go mbeidh an bua acu sa gcluiche seo cé nach mbeidh mórán eatarthu. 

Bheadh amhras orm faoi aon phointí bónais.

Fág freagra ar 'Deis eile d’imreoirí óga agus d’ionadaithe na gCúigí'