Deireadh le míorúilt Mhaigh Eo agus aisling Átha Cliath beo i gcónaí

Fuair Baile Átha Cliath an ceann is fearr ar Mhaigh Eo i gcluiche leathcheannais na hÉireann

Deireadh le míorúilt Mhaigh Eo agus aisling Átha Cliath beo i gcónaí

Áth Cliath 3-14 Maigh E0 1-10

Tá peileadóirí Átha Cliath fós ag gabháil don ráig ar chúig agus deireadh curtha acu le haisling Mhaigh Eo  i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna. Bhí Maigh Eo ar fheabhas sa chéad leath agus tosaithe Átha Cliath coinnithe faoi chois acu ach nuair a tugadh beagán spáis d’fhoireann Jim Gavin sa dara leath, rinne siad scrios.

Níor aimisgh Áth Cliath ach sé phointe sa chéad leath sin, gan ach trí cinn acu ón imirt, agus bhí siad dhá phointe chun deiridh, 0-8 in aghaidh 0-6, ag leath ama. Iompaíodh an cluiche bunoscionn go luath i ndiaidh thús an dara leath áfach nuair a scórail Áth Cliath 2-6 sa chéad aon nóiméad déag i ndiaidh an bhriseadh. Bhí Maigh Eo, a bhí chomh maith sin, curtha go tóin poill.

Rinne Lee Keegan sárjab ag marcáil Con O’Callaghan sa chéad leath ach bhí an mí-ádh dearg ar fhear Mhaigh Eo tar éis 36 nóiméad nuair a d’éalaigh O’Callaghan uaidh tar éis do Keegan sciorradh. Bháigh fear Átha Cliath a iarracht isteach san eangach chun seaimpíní na hÉireann a spreagadh.

D’aimsigh Niall Scully, Dean Rock agus Paul Mannion pointí d’Áth Cliath ina dhiaidh sin chun an bhearna idir na foirne a mhéadú go dtí sé phointe. Nuair a d’aimsigh Con O’Callaghan cúl gleoite eile d’Áth Cliath tar éis 45 nóiméad, bhí rás Mhaigh Eo rite.

Fuair Maigh Eo a gcéad scór den dara leath i ndiaidh 51 nóiméad nuair a fuair Lee Keegan cúl, ach ní dhearna sé difear ar bith agus iad fós chun deiridh, 2-12 in aghaidh 1-8 .

Bhí an liathróid san eangach ag Áth Cliath arís deich nóiméad ina dhiaidh sin nuair a scóráil Brian Fenton i ndiadh píosa comhimeartha idir Ciarán Kilkenny agus O’Callaghan.

Briseadh croí a bhí ann arís do Mhaigh Eo, go háirithe i ndiaidh dóibh taispeántas den scoth a thabhairt uathu ó thaobh na cosanata chéad leath.

Ní hamháin go raibh imreoirí Mhaigh Eo diongbháilte ach léirigh siad an-scil agus iad ag iarraidh a gcéilí comhraic a díshealbhú.

Léiríodh dúrúch oibre Mhaigh Eo nuair a rith James Carr, tosach óg a d’imir a chéad chluiche craoibhe do Mhaigh Eo an mhí seo caite, siar chun an liathróid a baint de James McCarthy leath bealaigh tríd an chéad leath.

D’aimsigh Colm Boyle agus Paddy Durcan dhá scór inspioráideach ina dhiaidh sin chun Maigh Eo a spreagadh tuilleadh ach nuair a séideadh an fheadóg ag leath ama, ní raibh Maigh Eo  ach dhá chúilín chun tosaigh, 0-8 in aghaidh 0-6.

Bhí an bhearna sin laghdaithe ag Dean Rock le cic saor 40 soicind isteach sa dara leath. Bhí deis ag Paddy Durcan ar scór ach thit a iarracht gearr. Bhí an liathróid san eangach ag O’Callaghan 20 soicind ina dhiaidh sin.

Áth Cliath: S. Cluxton; D. Byrne, J. Cooper, M. Fitzsimons; J. McCaffrey, J. McCarthy, J. Small; B. Fenton (1-1), M. D. Macauley; N. Scully (0-1), C. O’Callaghan (2-0), B. Howard (0-1); P. Mannion (0-5), D. Rock (0-6, 6 chic saor), C. Kilkenny. Fir Ionaid: C. O’Sullivan in áit M. D. Macauley (49 nóim); E. Murchan in áit J. Small (62 nóim); C. Costello in áit P. Mannion (65 nóim); P. McMahon in áit J. Cooper (68 nóim); D. Connolly in áit N. Scully (70 nóim); P. Andrews in áit C. O’Callaghan (70 nóim).

Maigh Eo: R. Hennelly; C. Barrett, B. Harrison, S. Coen (0-1); L. Keegan (1-0), C. Boyle (0-1), P. Durcan (0-2); M. Ruane, S O’Shea (0-1); D. Vaughan, A. O’Shea, D. O’Connor; F. McDonagh, C. O’Connor (0-3, 2 chic saor), J. Carr (0-1). Fir Ionaid: K. Higgins in áit D. Vaughan (29 nóim); K. McLoughlin in áit F. McDonagh (49 nóim); A. Moran in áit J. Carr (52 nóim); E. O’DOnoghue in áit C. Boyle (57 nóim); T. Parsons in áit S. O’Shea (60 nóim); F. Boland (0-1) in áit D. O’Connor (68 nóim).

Réiteoir: Conor Lane (Corcaigh).

Fág freagra ar 'Deireadh le míorúilt Mhaigh Eo agus aisling Átha Cliath beo i gcónaí'