Deireadh curtha le ‘gorta’ Luimnigh i mbliain iomána lán iontais

Bliain iomána den scoth a bhí in 2018, an bhliain stairiúil seo a raibh craobh na hÉireann á himirt i lár mhí Lúnasa

Deireadh curtha le ‘gorta’ Luimnigh i mbliain iomána lán iontais

Imreoir Luimnigh, Darragh O'Donovan, agus Corn Mhic Chárthaigh. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Bhí 2017 ag druidim chun deiridh nuair a cuireadh tús leis an séasúr úrnua agus fiacail an tseaca sa ghaoth ón gcnoc ag séideadh ar chuid maith de na himreoirí a bhí ag imirt a gcéad chluiche in 2018.

An lá céanna ar fhógair Conn Céad Cathach Chill Chainnigh, Michael Fennelly, go raibh a phort seinnte agus a rás idirchontae rite,

bhí iománaithe na Ríochta sna ceannlínte (sea, iománaithe na Ríochta) nuair a bhuadar ar Chorcaigh i gcomórtas na Mumhan. An rud is annamh is iontach. 1891 an uair dheireanach ar tharla sé! Níos déanaí an mhí sin, thug Luimneach leo céad chorn na bliana i gcoinne chontae an Chláir sa chomórtas céanna.

I gcúige Laighean bhí na tuairiscí thar a bheith suimiúil i ndiaidh chluiche ceannais an Bhreatnaigh idir Cill Chainnigh agus Loch Garman. A leithéid seo: ‘An bua ag Loch Garman i ndiaidh am breise agus pocanna 65. Reid Chill Chainnigh curtha den pháirc agus an bainisteoir Cody díbeartha as an seastán’.

Nuair a cuireadh tús leis an tsraith, bhí rath ar na Carmannaigh agus nuair a chuir sneachta an Mhárta agus an torathar ón Oirthear stop le cúrsaí, ba iad féin agus contae an Chláir a bhí in uachtar roimh an mbabhta deireanach i Roinn 1B.

Sa bhabhta sin, bhí an Ghaillimh sa bhaile agus Luimneach chucu ar cuairt agus an chéim in airde i ndán do na buaiteoirí. Agus a leithéid de theacht aniar a rinne fir Luimnigh. Bhí siad ocht bpointe chun deiridh ag leath ama agus dhá pointe chun tosaigh ag an bhfead deiridh. Seachtain ina dhiaidh sin bhíodar chun tosaigh arís i gcoinne an Chláir i ndiaidh dhá thréimhse d’am breise agus pocanna 65. 4-21 in aghaidh 0-33 an scór.

Bhí ar Chuala agus na Piarsaigh dul san iomaíocht den dara huair sular ardaigh foireann na hardchathrach corn Tommy Moore leo den dara bliain as a chéile.

Chríochnaigh comórtas na sraithe i bPáirc Uí Nualláin mar ar mhúin an fhoireann baile ceacht do na Tiobraid Árannaigh sa dara leath. Ba é TJ Reid an máistir ó thaobh scórála. 

Sa chéad deireadh seachtaine craoibhe i gcúige Laighean ag an nGaillimh a bhí an bua i gcoinne Uíbh Fhailí, mar a bhíothas ag súil leis. Agus an lá dár gcionn ba bheag nach raibh céad iontas na craoibhe againn nuair a thug Baile Átha Cliath an-taispeántas ar fad i gcoinne Chill Chainnigh. Sciob na Cait an bua uathu, áfach, le cúl fíordhéanach ó Liam Blanchfield.

Bhí cúpla cluiche iontach againn sa Mhumhain, an ceann is fearr i mo thuairim féin, idir Luimneach agus Corcaigh. Bhí Luimneach i dtaobh le 14 imreoir do thrí cheathrú den chluiche ach mar sin féin bhí an choimhlint, a chríochnaigh ar comhscór, idir dhá ceann na meá go dtí deireadh.

In dhá cluiche i ndiaidh a chéile tháinig na Tiobraid Árannaigh ar ais ón mbás chun comhscór a fháil. Dar ndóigh thug an réiteoir Alan Kelly agus cuid dá chúntóirí an-chabhair dóibh le cinneadh mícheart a cheadaigh cúl thar a bheith cinniúnach dóibh i gcoinne Phort Láirge.  

Ach ar deireadh thiar, an bhliain stairiúil seo a raibh craobh na hÉireann á himirt i lár mhí Lúnasa, ba iad laochra Luimnigh a dhreap coiscéimeanna Ardán Uí Ógáin. Ghlac captaen na foirne Declan Hannon  le corn Mhic Cárthaigh agus dá chontae dílis bhí deireadh leis an ngorta 45 bliain. 

Bhí ceantar Pháirc an Chrócaigh agus na tithe tábhairne thart timpeall glas an tráthnóna agus oíche sin agus is iomaí leagan de ‘Seán Sabht ‘ a canadh agus gaisce an chontae á cheiliúradh ag na leantóirí a bhailigh sa chathair ó na ceithre airde an Domhnach stairiúil sin.

Bhí bliain iontach iomána againn. Ní fada uainn ceann eile, le cúnamh Dé.

Fág freagra ar 'Deireadh curtha le ‘gorta’ Luimnigh i mbliain iomána lán iontais'