Deireadh ag teacht le go leor oifigí poist ach níl eolas ar fáil faoi go poiblí

Níl a fhios fós cén lorg a fhágfaidh scéim iomarcaíochta atá á tairiscint ag An Post ar sheirbhísí poist sna ceantair Ghaeltachta

Deireadh ag teacht le go leor oifigí poist ach níl eolas ar fáil faoi go poiblí

D’fhéadfadh sé go ndúnfaí go leor oifigí poist ar fud na tíre, sna ceantair faoin tuath go háirithe, ag brath ar an toradh a bheidh ar scéim iomarcaíochta atá ar bun ag An Post faoi láthair. Tá scéala faighte ag na céadta máistrí poist go bhféadfaidh siad éirí as a ndualgais faoi théarmaí na scéime seo. ’Sé an bunchuspóir atá leis an scéim ná deireadh a chur le hoifigí poist nach bhfuil mórán gnó á dhéanamh iontu.

Ach níl aon eolas poiblí á thabhairt faoi na ceantair atá i mbaol oifig phoist a chailleadh de bharr na scéime nua seo. Ceart príobháideachais an t-údar atá leis sin. Mura dtabharfaidh an máistir poist áitiúil eolas ní bheidh a fhios ag pobal an cheantair go bhféadfadh deireadh a bheith ag teacht le seirbhís na hoifige poist ina gceantar féin.

’Sé an 31ú lá den mhí seo an spriocdháta atá leagtha síos d’aon mháistir poist a bheadh ag iarraidh glacadh leis an scéim iomarcaíochta.

Táthar ag tairiscint pá dhá bhliain ina chnapshuim d’aon mháistir poist a mbeadh fonn orthu imeacht as an tseirbhís. Socrú é seo a rinneadh le ceardchumann na máistrí poist i gcomhráite a bhí acu leis An Post níos túisce i mbliana. Ní chaithfidh máistir ná máistreás poist ar bith glacadh leis an tairiscint seo. Ach, sa gcás go n-éiríonn máistir poist as a chuid dualgas is ar éigean go gcoinneofar oifig an phoist sa gceantar sin oscailte. Tá an tairiscint iomarcaíochta seo i gceist d’oifigí poist tuaithe agus cathrach ach ceaptar gur amach faoin tír is mó atá laghdú ar éileamh na seirbhísí.

€15,000 an bunphá a bhíonn ag go leor máistrí poist ar fud na tíre ach bíonn sé níos airde i gcásanna go bhfuil gnó láidir go maith ar bun sna hoifigí. D’fhágfadh an socrú atá á thairiscint go mbeadh €30,000 de chnapshuim, ar a laghad, ar fáil ag máistrí poist i gcuid mhór ceantar tuaithe dá socróidís go raibh siad ag éirí as gcuid dualgas. D’aistreofaí na seirbhísí poist sa gcás sin go dtí an oifig phoist ba ghaire don oifig a bheadh á dúnadh.

Dá n-éireodh na máistrí poist uilig a bhfuil tairiscint faighte acu as a gcúram, tá sé déanta amach ag An Post go mbeadh 95% de phobal na tuaithe fós i bhfoisceacht 15 ciliméadar do theach poist. Bheadh 95% de phobal na cathrach agus bailte móra i bhfoisceacht 3 chiliméadar d’oifig phoist, a deirtear.

Tá eisceacht amháin, ar a laghad, sa gcóras atá á bheartú ag An Post, coinneofar na hoifigí poist atá ar oileáin i mbun seirbhíse.

Ghlac Ceardchumann na Máistrí Poist leis an socrú seo de bharr, a deir urlabhraí dá gcuid, go bhfuil teacht isteach an-íseal ag na máistrí poist sna céadta ceantar ar fud na hÉireann. Oibríonn na Máistrí Poist seo cúig lá go leith sa tseachtain agus is ar éigean go bhfuil duine ar bith acu ag fáil pingin le cois €20,000 sa mbliain. D’fhágfadh sin go mbeidís ar phá níos ísle ná an bunráta náisiúnta pá, d’ainneoin freagrachtaí troma a bheith orthu. 

Luíodh sé le réasún, a deir An Post agus Ceardchumann na Máistrí Poist go mbeadh ardú ar an teacht isteach dá ndéanfaí cónascadh idir oifigí poist i gceantair áirithe.

Ba é an t-aighneas i dtaobh na hoifige poist i gCarna i gConamara an cás ba mhó a tharraing imní faoi sheasmhacht na seirbhíse i nGaeltacht Chonamara le blianta beaga anuas. Bhí an teach an phoist a bhí ansin dúnta an tráth seo anuraidh agus é ina aighneas faoin bhfolús a bhí fágtha sna seirbhísí in iarthar Chonamara dá bharr. Bhí sé ina imní sa gceantar nach mbeadh aon oifig phoist i gCarna ina dhiaidh sin, cé go raibh sé ráite ag An Post go leanfaí leis an tseirbhís sa gceantar.

Choinnigh An Post leis an ngealltanas a bhí tugtha acu ach athraíodh an tseirbhís go dtí ionad nua.

Idir an dá linn, tá sé i gceist Oifig an Phoist Bhaile na nGall i gCorca Dhuibhne a dhúnadh an fómhar seo chugainn.

Thug Phil Uí Bhrosnacháin, Máistreás Poist Bhaile na nGall le fios i mí Bealtaine go bhfuil sé curtha in iúl aici do lucht bainistíochta An Post go bhfuil fúithi éirí as oifig an phoist agus an siopa grósaera atá aici i mí Mheán Fómhair seo chugainn.

Níl a fhios fós cén lorg a fhágfaidh an scéim iomarcaíochta atá á tairiscint ag An Post ar sheirbhísí sna ceantair Ghaeltachta ar fad ach bheadh baol ann go mbeadh ar dhaoine turas i bhfad níos faide a dhéanamh go hoifigí poist de bharr na n-athruithe seo. Braitheann sé ar an dearcadh a bheidh ag an máistir poist áitiúil ar an scéim iomarcaíochta sa gcás agus go bhfuair sé tairiscint. 

Fág freagra ar 'Deireadh ag teacht le go leor oifigí poist ach níl eolas ar fáil faoi go poiblí'