Tá sé deimhnithe ag an gcumann CLG lán-Ghaeilge i mBéal Feirste Laochra Loch Lao nach bhfuil an t-iarsheanadóir Niall Ó Donnghaile ina uachtarán ar an gcumann níos mó.
Bhí Ó Donnghaile, a dheimhnigh inné gurb eisean an té atá i gceist leis an gconspóid faoi bhall de Shinn Féin a sheol teachtaireachtaí míchuí chuig déagóir, ina uachtarán seal ar an gcumann in iarthar Bhéal Feirste ach dúradh nach raibh sé sa ról sin a thuilleadh.
Dúradh sa ráiteas freisin nach raibh aon bhaint aige le haon imreoirí óga nó daoine leochaileacha le linn dó a bheith ina uachtarán.
“Dearbhaíonn CLG Laochra Loch Lao gur éirigh Niall Ó Donnghaile as mar uachtarán oinigh ar an chumann,” a dúradh i ráiteas.
“Ba ról ambasadóra é agus ní raibh aon bhaint aige le páistí ná le grúpaí leochaileacha.
“Ní bheidh an cumann ag rá níos mó faoi.”
Níor dhúirt Laochra Loch Lao cén uair a d’éirigh an t-iarsheanadóir as a ról mar uachtarán.
Bhí an ról sin fós luaite ar chuntais mheáin shóisialta Uí Dhonnghaile nó gur scriosadh iad inné.
Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald sa Dáil nár inis an páirtí an scéal faoi na teachtaireachtaí Laochra Loch Lao.
Dheimhnigh Ó Donnghaile tráthnóna inné gurb é a sheol na teachtaireachtaí míchuí i mí Mheán Fómhair seo caite.
Cuireadh an PSNI ar an eolas faoi na teachtaireachtaí a seoladh go dtí an déagóir ach ní bhfuarthas aon ghearán oifigiúil ó aon duine faoin scéal.
Dúirt Ó Donnghaile go ndeachaigh sé i gcomhairle le Sinn Féin agus gur ghlac sé leis gur chóir dó éirí as an bpáirtí agus as an Seanad.
Dúirt sé go dtabharfadh a chinneadh éirí as an deis dó díriú ar a shláinte agus go raibh deacrachtaí sláinte aige a mbíonn sé ag plé leo lena dhochtúir ó 2021.
“Glacaim leis chomh maith go bhfuil náire shaolta tarraingthe agam ar mo mhuintir, mo chairde agus m’iar-chomhghleacaithe – is oth liom go ndearna mé é sin,” a dúirt Ó Donnghaile i ráiteas.
Rinne ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald cosaint sa Dáil inné ar chur chuige an pháirtí i leith cosaint leanaí agus ar an tslí an láimhseáladh cás an tSeanadóra Niall Ó Donnghaile agus cásanna eile.
Dúirt Mary Lou McDonald go ndearna an déagóir teagmháil leis an bpáirtí mar go raibh sé ag iarraidh go stopfaí ag cur na dteachtaireachtaí téacs chuige.
Dúirt ceannaire Shinn Féin go raibh imní uirthi go ndéanfaí dochar do shláinte Niall Uí Dhonnghaile dá n-ainmneofaí go poiblí é. Bhí cuid den imní chéanna fós inniu uirthi a dúirt sí.
Dúirt sí gur cuireadh an páirtí ar an eolas go raibh Ó Donnghaile buailte ag fadhbanna tromchúiseacha meabhairshláinte agus nach raibh sé ábalta dul ag obair dá bharr.
Níor chuir an PSNI ar bun aon iniúchadh foirmeálta nuair a cuireadh cás na dteachtaireachtaí téacs faoina mbráid. Dúirt an déagóir go raibh sé sásta leis an tslí ar láimhseáil an páirtí a ghearán. Dúirt McDonald go bhfuarthas scéal eile ó dhuine eile, duine fásta, faoi theachtaireachtaí míchuí a bheith faighte aige.
Dúirt ceannaire Shinn Féin nach bhféadfaí glacadh le hiompar Uí Dhonnghaile agus gur thug sé le fios ar an 5 Deireadh Fómhair seo caite go n-éireodh sé as an bpáirtí. Fuair Sinn Féin comhairle dlí nár cheart Ó Donnghaile a ainmniú nó Tithe an Oireachtais a chur ar an eolas faoin gcúis gur éirigh sé as.
Dúirt sí gur “ceist is cóir a chur” a bhí ann fiafraí de Shinn Féin cén fáth nár thug siad sonraí an scéil.
“Bhí an-imní orainn faoina mheabhairshláinte agus a shábháilteacht,” a dúirt sí.
Dúirt sí gur chuir Sinn Féin a ndea-ghuí in iúl dó féin agus dá mhuintir mí na Nollag seo caite nuair a d’éirigh sé as agus gur gabhadh buíochas leis as an obair a rinne sé don pháirtí san am a caitheadh.
Dúirt McDonald gur íoc sé as ar tharla a bhuíochas do nósanna imeachta an pháirtí.
Dúirt sí nach scaoilfeadh Sinn Féin le páirtithe eile atá ag iarraidh “teacht i dtír” ar chúrsaí cosanta leanaí ar mhaithe lena leas toghchánaíochta féin. “Ní measa bhur soiniciúlacht ná bhur bhfimíneacht,” ar sí.
Bhí Niall Ó Donnghaile, atá 39 bliain, ina bhall tábhachtach de Shinn Féin agus aithne mhór air, go háirithe i mBéal Feirste agus i bpobal na Gaeilge.
Bhí Ó Donnghaile ar dhuine de na baill Oireachtais is mó a bhíodh ag caint faoi chás na teanga nó gur éirigh sé as an Seanad anuraidh. Ba mhinic é ag caint sa Seanad agus ag cruinnithe coistí Oireachtais faoi pholasaí teanga an stáit, faoi chearta teanga agus faoi reachtaíocht teanga.
Ba é an té ab óige riamh a toghadh mar mhéara ar Bhéal Feirste nuair a bhain sé an oifig sin amach in 2011 agus gan é ach 25 bliain d’aois. Ní raibh sé ach coicís tofa ar an gcomhairle ag an am.
As an Trá Ghearr dó, póca náisiúnach in oirthear Bhéal Feirste, agus tháinig sé ó theaghlach mór poblachtánach.
An oíche gur insealbhaíodh ina mhéara ar Bhéal Feirste é chaith sé fáinne na Gaeilge a bhí déanta as píopa copair ón mbád príosún an Al Rawdah, bád ar a coinníodh athair a mháthar agus cimí poblachtánacha eile amach ó chósta an Dúin i 1940.
Ar an 21 Nollaig an bhliain seo caite, chuir Sinn Féin ráiteas amach thar ceann Uí Dhonnghaile ag fógairt go raibh sé ag éirí as Seanad Éireann, suíochán a fuair sé in áit an iarSheanadóra Gaeltachta de chuid Shinn Féin, Trevor Ó Clochartaigh.
Sa ráiteas sin dúirt Ó Donnghaile go raibh sé faoi chomhairle dochtúra gan freastal ar an obair ó shos an tsamhraidh roimhe sin agus gur dócha nach mbeadh aon athrú ar an scéal sin go luath.
Fág freagra ar 'Deimhnithe ag cumann CLG lán-Ghaeilge nach bhfuil an t-iarsheanadóir Niall Ó Donnghaile ina uachtarán acu níos mó'