Ní féidir gaiscí Dhónaill Uí Conaill mar cheannaire polaitiúil agus a dtionchar a mheas i gceart gan cuimhneamh ar an difríocht ollmhór idir an tír mar a bhí sí lena linn agus Éire in 2025.
Bhí an Fuascailteoir i gceannas ar ghluaiseacht a bunaíodh agus an tír faoi lánsmacht na Breataine, smacht a chuir isteach go minic agus go héagórach ar eagrais ar bith a d’iarr lánchearta do Chaitlicigh na hÉireann.
Bhí sé 26 bliain d’aois nuair a cuireadh deireadh le parlaimint na hÉireann in 1801 agus 54 nuair a chuir sé brú ar rialtas na Breataine an cosc ar Chaitlicigh i bparlaimint Westminster a chur ar ceal in 1829.
Ní raibh an feachtas sin ná an feachtas ina dhiaidh ar son aisghairm an aontais idir Éirinn agus an Bhreatain ábalta leas a bhaint as na modhanna taistil agus cumarsáide ar a mbraitheann páirtithe polaitiúla na linne seo.
Ní raibh teileafón ná ríomhairí ná ríomhphost ar fáil, ná córas leictreach chun cumhacht a sholáthar do ghléas ar bith. Thóg sé 24 uair an chloig taisteal idir Baile Átha Cliath agus Corcaigh ar an gcóiste ba ghaiste in 1820. Níor tógadh bóthar ceart siar go dtí a theach i gCathair Dónall go dtí i bhfad ina dhiaidh sin.
Bhí sé 59 bliain d’aois nuair a osclaíodh an chéad iarnród sa tír in 1834. Níor shroich na ráillí contae Chiarraí go dtí gur osclaíodh an líne go Cill Airne in 1853 – sé bliana i ndiaidh a bháis.
Bheadh bunú agus riar ghluaiseacht Uí Chonaill dúshlánach am ar bith i dtír neamhspleách ar bith, ach bhí eagraíocht pholaitiúil nár facthas riamh roimhe sin á reáchtáil aige ainneoin míbhuntáistí de gach cineál.
D’éirigh leis éacht polaitiúil a dhéanamh a d’fhág a lorg ar an tír agus é beo. Is doimhne ar go leor bealaí áfach a thionchar indíreach ar stair na hÉireann ó shin, mar is léir ó na pointí seo a leanas.
1 Misneach
Chothaigh sé féinmhuinín i dtír a bhí in ísle brí. Chuir sé féin agus an ghluaiseacht a bhunaigh sé brú ar rialtas na Breataine gealltanas a tugadh agus parlaimint na hÉireann á scor in 1801 a chomhlíonadh. Níor bhain an ghluaiseacht an aidhm a d’fhógair Ó Conaill ina dhiaidh sin (aisghairm Acht an Aontais) amach, ach léirigh an dá ghluaiseacht na buanna a bhain le feachtasaíocht eagraithe.
2 Rannpháirtíocht
Mhol Ó Conaill don Chumann Caitliceach in 1823 ballraíocht chomhlach a thairiscint do dhaoine a thabharfadh pingin sa mhí don Chumann. Spreag an ‘cíos Caitliceach’ nua spéis an phobail taobh amuigh den mheánaicme, tógadh gréasán náisiúnta leis an airgead a bhailiú agus neartaigh rannpháirtíocht an phobail dá bharr.
3 Measarthacht
Cáineadh Ó Conaill go minic lena linn agus ó shin mar dhuine a d’oibrigh dáiríre laistigh de chóras na Ríochta Aontaithe a raibh meas aige ar an rítheaghlach. Is féidir a chur ina leith freisin nár leag sé amach polasaí riamh chun feabhas a chur ar dhrochstaid eacnamaíochta na tíre. Fágann tuairimíocht dá leithéid as an áireamh an t-athrú mór ar mheon agus ar dhlí na tíre a chuir sé i gcrích – athrú a thug ábhar machnaimh agus misnigh do ghluaiseachtaí eile tar éis tamaill.
4 An cheird pholaitiúil
Ní bhfuair Ó Conaill deis riamh dul i mbun rialtais agus is mar cheannaire ar bhrú-eagraíocht a dhírigh ar rialtas na Breataine a chuaigh sé i mbun cheird na polaitíochta. Is léir an bhundifríocht idir a chur chuige agus an cur chuige polaitiúil a theastaíonn i stát neamhspleách. Síneann an snáithe pholaitiúil siar áfach go dtí an ceannaire Éireannach is túisce a bhain máistreacht amach ar an gceird.
5 Idirnáisiúnaí
Léirigh Ó Conaill a spéis i gcúrsaí idirnáisiúnta i gcónaí – spéis a chuir sé i bhfeidhm go háirithe agus tacaíocht á tabhairt aige don fheachtas in aghaidh na sclábhaíochta. Dhiúltaigh sé lámh a chroitheadh le hambasadóir na Stát Aontaithe i Londain mar gheall ar an sclábhaíocht sna Stáit. Thug an t-ambasadóir a dhúshlán dul chun comhraic, dúshlán ar thug Ó Conaill (a mharaigh fear i gcomhrac eile in 1815) droim láimhe dó.
6 Cearta an Duine
Thug Ó Conaill tacaíocht don fheachtas ar son cead a bheith ag Giúdaigh suí sa pharlamint in Westminster. Is samplaí a dhearcadh ar chás na nGiúdach agus ar sclábhaíocht dá sheasamh láidir ginearálta ar son cearta daonna ar fud an domhain – seasamh arb ionann é go bunúsach agus seasamh rialtas na hÉireann ó thosaigh rannpháirtíocht an stáit sna Náisiúin Aontaithe agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta eile.
7 Gaeilge
Cáintear Ó Conaill toisc gur tógadh le Gaeilge é in Uíbh Ráthach ach gur thug sé cúl le Gaeilge mar fhear poiblí. Bhí Béarla á labhairt go forleathan i mbailte móra na tíre agus i gcuid mhór den réigiún máguaird. Céard eile a dhéanfadh ceannaire a bhí ag iarraidh dul i bhfeidhm ar an gcuid is mó den tír ach labhairt le muintir na háite ina dteanga féin?
8 Aontachtaithe
Cuirtear ina leith chomh maith nach ndearna sé iarracht riamh comhthuiscint a chothú idir Caitlicigh agus aontachtaithe chúige Uladh. Déanann cáineadh dá leithéid beag is fiú den chos ar bolg a bhí á déanamh ar Chaitlicigh agus den chothromaíocht idir aicmí creidimh a mhol sé i gcónaí. Sin ráite, níor éirigh le scata ceannairí eile an deighilt idir an dá thraidisiún a leigheas ó shin.
9 Eaglais agus stát
Mhol Ó Conaill scaradh iomlán idir an stát agus an eaglais, ní hamháin chun cur in aghaidh an chórais a thug tús áite don eaglais Phrotastúnach lena linn ach mar phrionsabal ba chóir a bheith i bhfeidhm i ngach tír. Níor thug an stát neamhspleách a bunaíodh i 1922 ach lag-aird ar an bprionsabal sin ar feadh leathchéad bliain.
Níl glan-idirdhealú déanta fós sna scoileanna agus sna hospidéil ach léirigh na reifrinn ar cholscaradh (1995), ar chomhionannas pósta (2017) agus ar ghinmhilleadh (2018) toil na bpolaiteoirí agus na vótálaithe neamhaird a thabhairt ar thuairimí na heaglaise is mó sa tír.
10 Mórchúis
Ní raibh an Fuascailteoir gan locht. Bhíodh sé borb rómhinic agus é ag labhairt faoi dhaoine nár aontaigh leis. Ní gan bulaíocht, áibhéil as cuimse, easpa scrupaill nó bagairt a chuir sé gach cás chun cinn. Ní raibh sé lándílis dá bhean chéile i gcónaí. Theip air nasc tuisceana ar bith a thógáil idir dreamanna a chloígh le modhanna síochánta chun neamhspleáchas a bhaint amach agus grúpaí a bheartaigh foréigean.
Cogar, an raibh ceannaire ar bith ar domhan riamh a bhí gan locht agus a rinne éacht mar a rinne Ó Conaill ar son a mhuintire?
Dáithí Mac Cárthaigh
Ní cháintear Ó Conaill as leas a bhaint as an mBéarla go poiblí ach as gan leas a bhaint as an nGaeilge agus é ag tabhairt oráidí uaidh sna ceantair a raibh sí in uachtar an uair sin: Cúige Mumhan (Cathair Chorcaí san áireamh), Connachta (Gaillimh san áireamh), Ceantar Oirealla (idir Ard Mhacha agus an Uaimh), Cill Chainnigh, srl.
Is amhlaidh a labhraíodh fir eile as Gaeilge i ndiaidh chaint an fhir mhóir chun an scéal a mhíniú don mhuintir.