Dearadh díreach mar mhalairt anois ar ‘skinny jeans’

Roghnaíonn ár gcomhfhreagraí sé phéire den dearadh is deireanaí ar chostas idir €30 agus €290

Dearadh díreach mar mhalairt anois ar ‘skinny jeans’

Níl lá na jíons fáiscthe nó na ‘skinny jeans’ caite fós ná baol air ach tá dearadh nó gearradh nua tagtha chun cinn go mór sa bhfaisean le gairid anuas – gearradh díreach. Tá rogha leathan de na jíons seo tagtha ar an margadh le tamaillín agus cé go bhfuil difríochtaí sa dearadh agus sa bpraghas idir na brandaí éagsúla tá roinnt rudaí mar a chéile acu ar fad – tá gearradh díreach ar na cosa, tá an fháithim sceite nó gan a bheith fuaite agus is iondúil gur go rúitíní a théann siad. Ciallaíonn sin gur féidir iad a chaitheamh le buataisí rúitín, cuaráin nó sála arda. Is ‘frayed hem’ nó ‘raw hem’ a thugtar ar an mbail a bhíonn ar an bhfáithim.

Seo sé phéire jíons den dearadh nua seo a thaitníonn liom féin ar phraghsanna idir €30 agus €290.

Cé gur cadás is mó atá iontu tá síneadh beag san éadach sna jíons dubha tréigthe seo ó Topshop ar €55. Tá básta ‘leath-ard’ iontu agus iad gearrtha go rúitín.

 

‘Samurai Blue’ an dath atá orthu seo ó Zara agus deirtear gur jíons ón seanré iad atá deartha don ré nua. Tá básta ard orthu seo agus iad an-chompordach dá réir sin. Tá siad le fáil freisin i ndath níos éadroime agus stróiceacha iontu má thaitníonn sin leat.

 

Tá na cúig cinn de phócaí a bhíodh ar jíons go traidisiúnta ar an bpéire deas seo atá ar fáil ar €69 ó & Other Stories. Tá deinim tiubh iontu seo ach iad fós compordach. Tá roinnt dathanna éagsúla ar fáil faoi láthair agus beidh tuilleadh roghanna á dtairiscint acu amach anseo.

 

Seo an péire is saoire atá roghnaithe agam – iad ar fáil ar €29.99 ó New Look. Dath gorm éadrom atá orthu seo, iad simplí agus compordach. Seo an péire ba cheart duit a fháil i dtosach má tá tú idir dhá chomhairle faoin stíl nua seo.

 

Má thaitníonn jíons leat a bhfuil cuma sheanchaite orthu, tá an péire seo ó H&M ar €44.99 ar fheabhas ar fad. Tá neart stróiceacha orthu seo agus tá an fháithim níos giorra chun tosaigh. Tá cúig phóca orthu agus básta traidisiúnta, gan a bheith ard ná íseal. 

 

Agus don té gur acmhainn dóibh jíons a roghnú ó chomhlacht cáiliúil deartha, seo péire ón Grlfrnd Denim (atá ar fáil ó Revolve agus Selfridges) ar €290. Dath gorm dorcha atá orthu agus básta ard iontu – iad go hálainn ar fad ach ar an bpraghas sin is dócha gur ar na réaltaí mór le rá amháin a bheidh siad seo le feiceáil. 

Fág freagra ar 'Dearadh díreach mar mhalairt anois ar ‘skinny jeans’'