Tá aithne agam ar Glenn Patterson. Shíl mé gur chóir dom sin a lua sular thosaigh mé an t-alt seo. Ní minic a fheicim é mar ní minic a bhím faoi mo chathair dhúchais, Béal Feirste, ar na saolta seo.
Mar sin féin, tharla go raibh mé i láthair ag seoaldh leabhair tá tamall de mhíonna ó shin. Leabhar le file as an chathair a bhí ann agus Glenn sa lucht féachana.
Léigh an file a chuid dánta agus thug muid bualadh bos dó. Sheas Glenn sa deireadh agus thug óráid as a stuaim féin faoin fhile, á mholadh as an obair a bhí déanta aige féin ar son mórán scríbhneoirí eile sa chathair. Bhí an moladh tuillte ag an fhile ach faoi Glenn a fágadh é an beart a dhéanamh as a stuaim féin. Sin an sórt é. Fial.
Samhlaím i gcónaí le Béal Feirste é. Fadó, fadó, fadó agus mé ag cur tús leis an iriseoireacht, foilsíodh a chéad úrscéal. Cheannaigh mé é. Tá mé ag léamh a chuid leabhar ó shin.
Más ag teacht in aibíocht atá sé féin mar scríbhneoir, is ag teacht in aibíocht mar léitheoir ina chuideachta atá mise. De réir a chéile a thógtar na caisleáin; de réir a chéile a thógtar an cnuasach fosta. Agus sin atá anseo againn – cnuasach aistí an údair Ultaigh ar an saol mór iontach atá thart air – Here’s Me Here: Further Reflections of a Lapsed Protestant (New Island).
Tá Patterson bliain nó dhó níos sine ná mé ach is sa chuid chéanna den chathair a d’éirigh muid aníos agus b’fhéidir gur sin is cúis le mo dháimh leis.
Insíonn sé scéal greannmhar faoi chóid phoist sa Tuaisceart. Bhí seisean ina chónaí in BT10; bhí mise i mo chónaí in BT11; an ceantar in aice leis. An t-am a raibh seisean ag rith thart i bhFionnachadh Theas ag móradh as Man U, bhí mise ag rith thart i bhFionnachadh Thuaidh, ag móradh as Learpholl. Bhí jab ag a athair le Harland and Wolff; bhí jab ag m’athair le Shorts.
Ach aithne ná aithne ní raibh riamh agam air ag an am. Sin agat Béal Feirste an t-am sin. Sin agat Béal Feirste sa lá atá inniu.
Blianta ina dhiaidh sin, casadh orm é in oifig irise. Úrscéalaí úr gan uabhar ar bith ag baint leis. Bhí profaí leabhair leis a bhí á léamh ag an fhile ar thug sé moladh mór dó tá tamall de mhíonna ó shin. Bhí seal caite aige i Sasana ach is ar ais i mBéal Feirste a bhí sé.
Shaothraigh sé a chuid lena pheann – á la Seosamh Mac Grianna – bhí ceardlanna ann; léamhanna poiblí. Lean sé leis ag scríobh agus baineann sé le dream ar leith – úrscéalaithe misniúla Ultacha – Sam Hanna Bell; Maurice Leitch; Micheal McLaverty; Peadar O’Donnell – dream nach raibh riamh faiseanta ach dream a raibh léargas ar leith le tabhairt acu ar an saol, dream a lean comhairle sin Kavanagh:
I have lived in important places, times
When great events were decided, who owned
That half a rood of rock, a no-man’s land
Surrounded by our pitchfork-armed claims.
Tamall de bhlianta ó shin, nuair a fógraíodh sosanna comhraic sa Tuaisceart, casadh cara d’fhoilsitheoir orm: “Tá drochdhóigh ar scríbhneoirí áitiúla faoi láthair. Tá lucht Londan fuar iontu anois.”
Agus smaointigh mé ar an bheagán bheag scríbhneoirí gairmiúla a bhí ar m’aithne, iad imníoch gur droch-chríoch a bhí i ndán dóibh. Cad chuige a raibh mé buartha? Ní bhíonn daoine fuar i bPatterson ach dílis dó. Lean sé leis ag scríobh. Agus seo leabhar eile dá chuid.
Aithním an Béarla ann, na carachtair, an imní, an greann, na háiteanna; an meon. Déanta i mBéal Feirste. Is maith sin; is leor sin.
Fág freagra ar 'Déanta i mBéal Feirste. Is maith sin; is leor sin…'