Déagóir óg as an gCeathrú Rua a bhí ar iarraidh slán sábháilte

Ghabh an Garda Síochána buíochas leis an bpobal as a gcabhair agus iad ag iarraidh teacht ar an déagóir 15 bliain d’aois

Déagóir óg as an gCeathrú Rua a bhí ar iarraidh slán sábháilte

Thángthas tráthnóna ar dhéagóir óg as an gCeathrú Rua a bhí ar iarraidh le roinnt laethanta anuas.

Ghabh an Garda Síochána buíochas leis an bpobal as a gcabhair agus iad ag iarraidh teacht ar Michala Mullen, 15 bliain d’aois, a d’imigh ón mbaile Dé Sathairn seo caite.

Fuarthas tráthnóna i gcontae na Gaillimhe í agus í slán sábháilte.

Fág freagra ar 'Déagóir óg as an gCeathrú Rua a bhí ar iarraidh slán sábháilte'