Daltaí Gaeltachta sa tóir ar áit ag comórtas fiontraíochta in Iostanbúl

Tá Craobh Náisiúnta Chlár na gComhlachtaí á reáchtáil i gConamara an deireadh seachtaine seo agus scoileanna ó Chiarraí, Gaillimh, Dún na nGall agus Maigh Eo san iomaíocht

Daltaí Gaeltachta sa tóir ar áit ag comórtas fiontraíochta in Iostanbúl

Glacfaidh seacht bhfoireann ó scoileanna Gaeltachta ar fud na tíre páirt i gcomórtas náisiúnta fiontraíochta an tseachtain seo chun áit a bhaint amach ag craobh na hEorpa sa Tuirc.

Tá Craobh Náisiúnta Chlár na gComhlachtaí á reáchtáil in Óstán Chois Fharraige i nGaeltacht Chonamara amárach Déardaoin, an 20 Aibreán, agus daltaí ó cheithre scoil in iomaíocht lena chéile chun áit a bhaint amach ag Craobh Chomhlacht na Bliana Junior Achievement na hEorpa in Iostanbúl i mí Iúil.

Comhfhiontar é Clár na gComhlachtaí idir Údarás na Gaeltachta agus Junior Achievement Ireland, agus glacann daltaí idirbhliana in iarbhunscoileanna Gaeltachta páirt sa chomórtas chun blaiseadh a fháil de shaol an fhiontraí.

Beidh dhá fhoireann as Ciarraí i láthair agus an dá thogra as Pobalscoil Chorca Dhuibhne – Soláthróirí Spóirt agus Fíricí Fánacha.

Beidh dhá fhoireann ó Scoil Phobail Mhic Dara i gCarna ag déanamh ionadaíochta ar Chonamara leis na tograí Cuimhní ag Fás agus Anseo Anois.

Dhá fhoireann as Pobalscoil Ghaoth Dobhair a bheidh ag seasamh an fhóid ar son Ghaeltacht Thír Chonaill, leis an dá thogra, Crainn Chruthaitheacha agus Voltas agus beidh foireann as Coláiste Pobail Acla ansin lena dtogra – Nails by Ciara – thar ceann Ghaeltacht Mhaigh Eo.

Bhí iomaíocht ghéar san craobhacha áitiúla le dul chomh fada leis an mbabhta ceannais agus is iad na seacht mionchomhlacht seo, ó ranganna idirbhliana na scoileanna Gaeltachta, atá fágtha san iomaíocht d’áit sa gcraobh Eorpach.

Tabharfaidh na foirne cuairt ar Ollscoil na Gaillimhe inniu agus deis acu casadh le hUachtarán na hOllscoile, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, agus blaiseadh a fháil de réimse cúrsaí na hollscoile.

Roimh an gcomórtas, beidh seisiún oiliúna ag na foirne fiontraithe leis an gcomhlacht margaíochta Lorg Media, áit a bhfaighidh siad eolas faoin mbealach is fearr lena gcuid smaointe agus a gcuid tograí a chur i láthair.

“Is iontach an deis í seo do na daoine óga teacht le chéile agus a gcuid smaointe gnó a chur i láthair a chéile agus i láthair an phobail,” a dúirt Stiúrthóir Fiontraíochta, Fostaíochta agus Maoine Údarás na Gaeltachta, Dearbháil Ní Chualáin.

Fág freagra ar 'Daltaí Gaeltachta sa tóir ar áit ag comórtas fiontraíochta in Iostanbúl'

  • Siobhán

    Maith sibh Scoil Phobail Mhic Dara ag déanamh ionadaíochta ar son Chonamara. Go n-éirí libh.