Dáithí Mac Gabhann – ‘An láidreacht agus an misneach atá ag an ghasúr beag sin’

Tá Dáithí Mac Gabhann, Gael óg as Béal Feirste a bhfuil dlí nua faoin deonú orgán ainmnithe ina dhiaidh, ag teacht chuige féin i ndiaidh obráid mhór ar a chroí

Dáithí Mac Gabhann – ‘An láidreacht agus an misneach atá ag an ghasúr beag sin’

Tá turas go Disney i bPáras, a bhí ar cheann “d’aislingí” Dháithí Mhic Ghabhann curtha ar ceal agus é ag fáil cúram iar-obráide san ospidéal i mBéal Feirste.

I dteachtaireacht a scaipeadh ar na meáin shóisialta dúradh go raibh “tús áite” á thabhairt do shláinte Dháithí agus an cinneadh déanta ag a thuismitheoirí gan dul ar an tsaoire go Disney mar a bhí beartaithe.

Tá Dáithí Mac Gabhann, Gael óg as Béal Feirste a bhfuil dlí nua faoin deonú orgán ainmnithe ina dhiaidh, ag teacht chuige féin i ndiaidh obráid mhór ar a chroí.

Obráid riachtanach a rinneadh in ospidéal i Newcastle Shasana a bhí inti, le go bhféadfadh sé áit a fháil arís ar liosta feithimh d’aistriú croí.

An mhí seo caite a cuireadh in iúl do thuismitheoirí Dháithí, Máirtín Mac Gabhann agus Seph Ní Mhealláin, ar beirt chainteoirí Gaeilge iad, go raibh Dáithí bainte den liosta feithimh fá choinne aistriú croí.

Cuireadh Dáithí, atá sé bliana d’aois, ar an liosta feithimh in 2018.  Bhí sé 14 mhí ag an am, tráth a bhfuair a thuismitheoirí amach go raibh Siondróm Hipeapláiseach Croí air, a d’fhág nár fhorbair an taobh clé dá chroí mar is ceart sa bhroinn.

Tá muintir Dháithí agus an lucht leighis i Newcastle Sasana ag súil go réiteoidh an obráid seo an scéal agus go mbeidh sé in ann áit a fháil ar an liosta feithimh d’aistriú croí arís.

Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt athair Dháithí, Máirtín Mac Gabhann, go raibh seachtain “chrua” caite ag Daithí san ospidéal agus go raibh siad “iontach bródúil” as.

“Le seachtain anuas bhí muid thall i gCaisleán Nua Shasana agus rinneadh obráid mhór ar chroí Dháithí. Mhair an obráid féin ceithre uair go leith agus rinne siad obair mhór ar a chroí.

“Bhí sé iontach deacair air le bheith fírinneach faoi, bhí siad ag tógáil fola cúpla uair sa lá le seachtain anuas agus bhí sé trom air ach is trodaí amach is amach é Dáithí s’againne agus tá muid iontach bródúil as.

Mhol Máirtín an “láidreacht agus misneach” atá ag a mhac.

“An láidreacht agus an misneach atá ag an ghasúr beag sin, ba bhreá liomsa an misneach céanna a bheith agam i mo shaol. Cuireann sé gliondar ar mo chroí gur mise a athair.”

Dúirt Máirtín Mac Gabhann gur údar mór “dóchais” a bheadh ann a bheith arís ar an liosta feithimh d’aistriú croí.

“Tá muid ag fanacht anois ar an scéal oifigiúil go bhfuil sé ar ais ar an liosta feithimh agus tá muid ag dúil go mór go mbeidh sé ar ais ar an liosta ach níl sin deimhnithe fós.

“An rud a thabharfadh sin dúinne ná dóchas inár saol agus dóchas go bhfaigheadh sé croí nua,” ar sé.

Ar an chéad lá de Mheitheamh a tugadh ‘Dlí Dháithí’ isteach, a fhágann go bhfuil gach duine fásta sa Tuaisceart áirithe mar dheontóir orgáin seachas sa chás go roghnaíonn siad gan a bheith ina ndeontóir orgáin.

Feachtas beagnach cúig bliana a throid tuismitheoirí Dháithí Mac Gabhann chun an dlí faoi dheonú orgán a athrú.

Fág freagra ar 'Dáithí Mac Gabhann – ‘An láidreacht agus an misneach atá ag an ghasúr beag sin’'

  • jpmorley0@gmail.com

    Maith thú a Dháithí, stunaire fir!