D’aireofá uait rógairí na peile agus a ‘game face’ anois ar chuile dhuine

Is fadó imithe an lá go mba uirlis don duine aonair aon bhlas dá phearsantacht a chur in iúl i gcluiche tábhachtach foirne, ná go deimhin roimhe

D’aireofá uait rógairí na peile agus a ‘game face’ anois ar chuile dhuine

Kieran Donaghy i 2014. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

A liacht uair le seachtain ar chaith mé súil nó ar thug mé cluas don tuairimíocht faoi chluiche mór peile an lae seo is ea is mó a tháinig sé i mo chloigeann nach bhfuil baol ar an méid céanna rógairí ag plé leis an bpeil Ghaelach ná leis an iománaíocht sa lá atá inniu ann agus a bhíodh.

B’fhéidir gur ag dul amú atá mé, ach aon uair anois a labhraíonn iriseoir leis an imreoir nó dhó atá curtha ar fáil roimh aon chluiche (cuma céard é a thábhacht), is é an t-athrá leamh céanna atá ag teacht as a gcuid béal agus a thagann as béal a mbainisteora, a gcaptaen agus an té a mbeadh Uimhir 24 ar a dhroim dá dtabharfaí cead cainte dó siúd.

Níl aon mhilleán ag dul do na himreoirí. Ní hiadsan atá athraithe. Tá mé cinnte nach bhfuil foireann contae sa tír nach bhfuil cleasaí nó dhó uirthi. Ach den chuid is mó is ar chúla téarmaí a tharlaíonn an pléaráca. Is fadó imithe an lá go mba uirlis don duine aonair aon bhlas dá p(h)earsantacht a chur in iúl i gcluiche tábhachtach foirne, ná go deimhin roimhe.

Lúb sa slabhra is ea imreoir idirchontae an lae inniu, lúb atá faoi anáil bainisteoirí, roghnóirí, lucht leighis, aclaíochta, síceolaíochta, cothaithe agus an chuid eile den liosta ar ghlac Séamus Callanan buíochas leo cúpla seachtain ó shin.

Tá sé os cionn leathchéad bliain anois ó tháinig an téarma ‘game face’ ar an saol – ‘dreach dáiríre, gruama a chuireann daoine ar a gclár éadain agus iad ag tabhairt faoi rud éicint a bhuachan nó a bhaint amach’ an sainmhíniú atá sa bhfoclóir ar an téarma.

Ní fada anois go gcaithfear a leithéid a aimsiú don ‘game tongue’ seo a thagann i bpluc chuile dhuine agus iad ar thairseach na hiomaíochta. Tá mé cinnte agus iad sa mbaile nó i mbun a gcuid oibre gur ionann a gcomhrá agus an chuid eile againn. Ach tarraing anuas an imirt agus is é ‘amhrán an chomhlachta’ a thagann as a mbéal faoi mar a bhíodh sa tSeapáin tráth.

Níl amhras faoi ach go bhfuil peileadóirí agus iománaithe an lae inniu i bhfad chun cinn ar an dream a chuaigh rompu ó thaobh scileanna, aclaíochta agus a dtéann leo sin.

Níl teora leis an ómós atá agam dóibh, ach b’fhada liom an lá le seachtain go ndéarfadh duine éicint as campa Átha Cliath go mb’fhearr leo an bua a fháil ar Chiarraí inniu ná a bheith ag ithe a mbéilí, mar go bhfuil siad dubh dóite ag éisteacht leis an gcaint faoi fhoirne móra an chontae sin agus an chaoi a ndeachaigh siad i bhfoisceacht sonc beag amháin den ‘Chúig-as-a-chéile’.

Agus Kieran Donaghy faoi agallamh ar an taobhlíne go gairid i ndiaidh shéideadh na feadóige i gCluiche Ceannais na hÉireann 2014 thug sé sáiteán go poiblí do Joe Brolly os comhair 82,000 i bPáirc an Chrócaigh – ceann a chonaic na milliúin lucht féachana teilifíse.

Níl duine dá bhfaca é nár bhain sé gáire as – Brolly féin fiú déarfainn – mar agus an cath buaite bhí an fear mór in ann ‘amhrán an chomhlachta’ a ligean i ndearmad agus labhairt óna chroí amach.

Ach a bheith fírinneach faoin scéal, níl duine againn nach bhfuil rian den ‘phearsantacht scoilte’ seo ag baint leis nó léi. Bhí an dá thaobh le Tadhg féin. Shíl mé fós nach dtiocfadh an lá go deo gur súil thapa a chaithfinn ar agallaimh le himreoirí leithéid na seachtaine seo.

Níl sé i bhfad blianta ó scríobh an t-údar John Scally leabhar faoi na rógairí agus na scéiméirí ba mhó a chleacht na Cluichí Gaelacha. Ní nach ionadh b’éigean caibidil dá chuid féin a thabhairt do Pháidí Ó Sé.

D’fhoghlaim Páidí freisin an ceol a chuaigh le ‘amhrán an chomhlachta’ scafánta go leor nuair a d’fheil sin é – tuilleadh den scéiméireacht.

Ar cheann de na heachtraí atá luaite ag Scally ina thaobh tá an chaoi a ndearna imreoirí Chiarraí ceiliúradh ar bhreithlá Eoin ‘Bomber’ Liston agus iad ar saoire san Astráil geábh. Bhronn Páidí teilifíseán beag air thar ceann na foirne – uirlisí a bhí nua-aoiseach go leor ag an am. Chuaigh an gean a bhí léirithe ag a chomrádaithe air go smior sa bhfear mór nó go bhfuair sé amach gur as seomra béaldorais san óstán a bhí an gléas crochta leis ag an té a bhronn.

Bhí uair eile ann a raibh Páidí i dTeach Laighean áit ar casadh Taoiseach na linne air agus maidí croise faoi siúd. “Ar bhris tú féin aon chnámh riamh, a Pháidí ?” a d’fhiafraigh Cathal Ó hEochaidh de. “Dar m’anam ach gur bhris, ach buíochas mór le Dia nach mba liom féin aon cheann acu,” an freagra a fuair sé.

Ba é Mick Holden, trócaire airsean freisin, leathbhádóir Pháidí ar fhoirne Átha Cliath na linne.

Ba mhó d’iománaí ná de pheileadóir é ach bhí oiread measa ag Kevin Heffernan air go raibh sé sásta é a chur chun páirce i mbabhta ceannais an Chúige i 1979 agus gan aon chluiche imeartha roimhe sin aige.

Bhí a fhios ag an saol go mba saoiste géar é Heffo – go bhfóire Dia ar an té a thiocfadh crosach air. Mar sin féin, ba mhinic na seisiúin thraenála tosaithe faoin am a mbainfeadh Holden Páirc Parnell amach – burgar de chuid McDonalds agus bosca sceallóga fágtha lena thaobh ar an mbinse agus é ag feistiú chomh minic céanna.

Fós bhí cion an tsaoil ag a bhainisteoir air mar go mba rógaire a bhí ann.

Nuair a cheistigh sé uair é faoi a bheith mall arís , d’inis Mick scéal i mbarr bata dó faoi é a bheith coinnithe ag na Gardaí a bhí ag fiosrú robáil bainc. Dúradar, dar le Holden, go mba é pictiúr duine díobh siúd a raibh amhras faoi agus tugadh chun na beairice é lena cheistiú.

“Bhfuil tú dáiríre?” a d’fhiafraigh Heffernan. “Níl, ach nach fearr an scéal é ná a rá gur rug an codladh orm,” a deir Holden.

Cén chaoi nach bhféadfadh cion a bheith agat ar a leithéid?

Bhí uair eile ann agus piollaí suain á roinnt amach ar an gcuid sin d’imreoirí Átha Cliath a mbíodh sé ag dul crua orthu codladh a fháil an oíche roimh an gCluiche Ceannais. Chuir Mick a lámh in airde ag lorg ceann. Bhí a fhios ag Heffernan go gcodlódh an fear céanna ar phíce agus thug sé suntas don éileamh. “Do mo mháthair atá sé uaim. Bíonn sé ag cinniúint ar an mbean bhocht súil a dhúnadh an oíche sin,” a deir Holden.

Fág freagra ar 'D’aireofá uait rógairí na peile agus a ‘game face’ anois ar chuile dhuine'