‘Dá mbeadh sé básaithe bheadh sé ar Raidió na Gaeltachta agus ní raibh’ 

Rinne RnaG searbhónta díom a bhí i mbun oibre don mháistir ba ghaire do mo chroí – mo mhuintir

‘Dá mbeadh sé básaithe bheadh sé ar Raidió na Gaeltachta agus ní raibh’ 

Rinne RnaG searbhónta díom a bhí i mbun oibre don mháistir ba ghaire do mo chroí – mo mhuintir

Nuair a tháinig Raidió na Gaeltachta ar an aer den chéad uair Domhnach Cásca 1972, níorbh áiteacha oibre amháin a bhí i stiúideonna Chasla, Bhaile na nGall agus Shrath na Corcrach dóibh siúd ag bhí ag saothrú iontu. 

Tús ré nua a bhí ann, tús seirbhíse a bhí dlite don phobal as ar sníodh iad. Tugann cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta léargas ar shlacht an bhealaigh a ndearnadar sin agus ar an mórtas a bhí orthu deis a fháil a leithéid a dhéanamh.

Ba ghrinn freisin a bhíodar siúd a roghnaigh iad agus an dream a tháinig ina ndiaidh. Le himeacht na mblianta thuill craoltóirí agus iriseoirí an Raidió moladh as a gcumas agus as a ngairmiúlacht i mbun nuachta, cúrsaí reatha, spórt, ceol, drámaíocht, siamsaíocht agus chuile ghné eile den obair a bhí idir lámha acu.

Níorbh iad an fhoireann chraolta, theicniúil agus rúnaíochta amháin a bhí ag plé le rud éicint úrnua. B’amhlaidh cás dár gcuid éisteoirí, a raibh teacht anois acu ar sheirbhís nach raibh a leithéid le fáil ag Béarlóirí na tíre – bulletins nuachta áitiúla chomh maith le nuacht i gcéin; cláracha irise logánta; tráchtaireacht spóirt ar chluichí náisiúnta agus áitiúla – rud a mba ag Raidió na Gaeltachta amháin a bhí sé nó gur tháinig na stáisiúin tráchtála i lár agus i ndeireadh na 1980idí.

Mheas mé riamh go mba mhór an phribhléid a bhí faighte agam nuair a fuair mé féin an deis a dhul ag obair do RnaG sé bliana tar éis a bhunaithe. Rinne sé searbhónta díom a bhí i mbun oibre don mháistir ba ghaire do mo chroí – mo mhuintir.

Tá dhá eachtra ar leith a sheasann amach i m’intinn faoin gceangal a bhí agus atá ag an stáisiún leis an bpobal sin.

Ag ól deoch dom i dteach ósta i gConamara oíche, d’fhiafraigh fear an bheáir de chustaiméir a bhí díreach tagtha isteach an doras. “Ar chuala tú ó aon duine go bhfuil (ní luafaidh mé aon ainm) básaithe?” “Níl muise,” a deir mo dhuine de hop.

“Bhfuil tú siúráilte?” “Tá, mar dá mbeadh, bheadh sé ar Raidió na Gaeltachta agus ní raibh.” 

Scéal é an ceann eile freisin a bhaineann leis an uair nach raibh aon trácht fós ar na bealaí go mbíonn scór i gcluiche fógartha ar tvuít chomh sciobtha céanna agus a bhíonn sé tagtha de theanga an tráchtaire.

I dtús na 1980idí bhain Deisceart Chiarraí amach craobh shinsir a gcontae trí nó ceathair de gheábhanna. 

I bhFómhar na bliana 1981 agus sin déanta acu den chéad uair le 20 bliain, bhí mé san oifig i gCasla nuair a bhuail an fón. Scata leaids as Uíbh Ráthach a bhí curtha fúthu i San Francisco ag cur tuairisce an raibh bealach ar bith go mbeadh deis acu éisteacht le tráchtaireacht ar an gcluiche ceannais idir a gceantar dúchais agus na Stacaigh an Domhnach dár gcionn.

An chéad rud a rith liom nach raibh. Ach chuir sin an oiread de dhíomá orthu go ndearna mé athchomhairle a ghlacadh.

An socrú a rinne muid go nglaofadh siadsan ar Chasla as teach ósta i San Francisco cúpla nóiméad sula dtosódh an imirt agus go gcuirfinnse glór Mhichíl Uí Shé síos an líne ghutháin chucu. Bhí leictreoir ina measc agus bhí seisean in ann an tráchtaireacht a chur ar challaire éicint a bhíodh ag banna ceoil sa teach ósta.

Socrú a bhí ann a mhair dornán blianta. 

Is mór i gceist ag Raidió Éireann an craoladh a rinne Micheál Ó hEithir as na Polo Grounds i 1947. Faraor nuair a ghlac RnaG an léim idirnáisiúnta ba bheag a bhí ar an eolas faoi seachas ag triúr nó an ceathrar a bhí i Stiúideo 1 i gCasla agus scata beag Ciarraíoch a bhí bailithe sa Little Shamrock 5,000 míle ó bhaile. 

Ar chúis éicint rinne mé dearmad glan é a lua leo siúd a bhí le ceadú!

Iar-Eagraí Spóirt RTÉ Raidió na Gaeltachta é Mártan Ó Ciardha. Tá an t-alt seo le léamh i leabhrán nua atá curtha le chéile ag Raidió na Gaeltachta mar cheiliúradh ar an leathchéad

Fág freagra ar '‘Dá mbeadh sé básaithe bheadh sé ar Raidió na Gaeltachta agus ní raibh’ '