An ag damhsa a bhítear nó ag rince?
Bíodh do rogha leagain agat. Is duine níos oilte ná mise a bheadh in ann a inseacht duit ar ionann iad nó nach ea. Ach mhairfinn ag breathnú air.
Ní hé go raibh aon chuma orm féin ina bhun, fiú nuair a bhí mé níos óige, níos éadroime ná níos súpláilte ná tá anois. An uair sin féin ba mhó de chosúlacht a bhí ag mo chuid sleaschéimeanna agus siúl eilifinte ná a bhí acu le Michael Flatley.
Chuile uair a gcloisim an cor ‘The Sally Gardens’ tagann Domhnach tuairim dhá scór bliain ó shin isteach i m’intinn. Ag déanamh ar an gcistineach i Raidió na Gaeltachta a bhí mé ar thóir cupán tae nuair a chuala mé ceol an bhosca ag teacht amach as ceann de na stiúideonna. Bhí tionlacann nár aithnigh mé ag dul leis – mar a bheadh scifil nó clár níocháin ann.
Bhuail fiosracht mé agus isteach liom sa seomra stiúrtha. Bhí droim an bhoscadóra liom, ach ag ceann thall an stiúideo bhí an damhsóir Máirtín Beag Ó Gríofa ag coinneáil leis an gceol. Ba bheag an t-iontas sin mar ní raibh a shárú le fáil. Ach d’fhág cairpéad a bheith ar an urlár go mba thuas ar bhord a bhí an Gríofach sa gcaoi to mbeadh cloisteáil ag na héisteoirí ar thorann a chuid cos. Ní raibh an bord a dhath ní ba mhó ná an ceann a leagfainn mo chupán tae air go gairid ina dhiaidh sin.
Ar bhreathnaigh Máirtín Beag síos go bhfeicfeadh sé cé chomh gar don cholbha bhí sé nó an raibh aon bhaol titim air? Beag an baol. Ní raibh aon chall dó leis. Bhí a fhios aige go díreach cén áit a mbainfeadh a shála agus méaracha a chos ceann scríbe amach.
Agus chuile eilifint ar domhan maslaithe agam tar éis dom a ngluaiseachtaí a chur i gcomparáid le mo chumas damhsa féin, ceadaigh dom iarracht ar chúiteamh a dhéanamh trí labhairt faoin maorgacht a bhaineann le cuid eile de threibheanna na gceithre cos.
Ach oiread le steipeanna Mháirtín Beag ar bhord RnaG, ba trí thimpiste a tháinig mé ar chomórtas an Dressage ag na Cluichí Oilimpeacha le gairid. Cé go bhfuil an-tóir agam ar rásaíocht agus fiú ar an seóléimneach, níos minice ná a chéile is ar thóir rud éicint eile a théim nuair a fheicim an spórt a bhfuil Dressage mar ainm air. Ar chúis éicint níor dheifrigh mé uaidh an lá faoi dheireadh.
Dúirt an tráchtaire go mba thráthúil go mba i bPáras (1900) a facthas capaill ag iomaíocht sna Cluichí Oilimpeacha den chéad uair. Bhí os cionn 50 bliain eile caite sular ceadaíodh mná isteach sa Dressage in Heilsincí in 1952.
Ach tá stair i bhfad níos ársa ná sin ag baint leis, ceann a théann siar dhá mhíle bliain nuair a thuig na Gréagaigh gur fheil an oiliúint a bhain leis do chapaill a bheadh á n-úsáid ar pháirc an áir.
Tá an Dressage ar cheann de na bealaí is forásaí dá bhfuil ann le capall a thraenáil, mar chomh maith lena ndéanamh aclaí, múnlaíonn sé intinn an ainmhí go mbíonn sé breá méiniúil. Is minic a bhíonn oiliúint seacht nó ocht de bhlianta i gceist go dtagann an capall in inmhe. Faoin am sin bíonn sé féin agus a mharcach ar aon aigne.
Bíonn comórtais aonair agus foirne sna Cluichí – marcanna á dtabhairt ar chumas na gcapall agus na marcach déileáil le srianta áirithe – coiscéimeanna gearra, gearrshodar, sodar, sodar gan bogadh, bogadh i leataobh agus an comórtas a bhí ar bun nuair a bhí mise ag breathnú ar an teilifís – an Grand Prix Freestyle.
Le tionlacan ceoil a dhéantar an iomaíocht sa gcás seo. Is ceadmhach do na marcaigh a gcuid ceoil féin a roghnú, ach bíonn 16 gluaiseacht i gceist atá éigeantach do chuile dhuine (pirouette ar cheann acu) – cead acu cur leo sin más áil.
Capaill de phór Ollannach ar a dtugtar Dutch Warmblood is oiriúnaí don spórt – capaill Hanófaracha, Holsteiners, Westphalians agus Oldenburgs. Bíonn siad tuairim is ceithre bliana nuair a cheansaítear iad agus tharlódh go mbeadh 4/5 eile de bhlianta caite acu ag iomaíocht ag leibhéil ísle sula bhfaigheadh siad deis a dhul sna mórchomórtais, ach iad a bheith maith a ndóthain, ar ndóigh.
Tharlódh costas €10,000 a bheith ar fheisteas an chapaill agus an mharcaigh agus d’íocfá €¼ milliún ar chapall 10 mbliana a bheadh ar chaighdeán Grand Prix.
San Ísiltír i mbliain na Mílaoise rugadh stail darbh ainm Moorlands Totilas. Deich mbliana dár gcionn bhuaigh sé féin agus a mharcach Edward Gal trí bhonn óir sa Dressage ag Craobhacha an Domhain i Kentucky.
Bhíothas go láidir den bharúil go ndéanfadh siad amhlaidh ag Cluichí Oilimpeacha Londan. Faraor, beagán os cionn bliana sula raibh siad siúd le bheith ann, dhíol Gal an capall. Ar eagla nach raibh sin dona go leor ba le Gearmánach Paul Schockemohle a rinne sé sin. Naimhde móra ó thaobh na heachaíochta iad an dá thír.
Ní deacair a thuiscint cén fáth ar scaoil Gal le Moorlands Totilas. Fuair sé idir €10-€15 milliún air.
Chaith an capall cúpla bliain ag iomaíocht do Schockemohle, ach gortaíodh é agus ó 2015 ar aghaidh, b’obair staile ba mhó a tugadh dó. Shaothraigh sé €1½ as sin sa gcéad bhliain leis féin. Cailleadh é in 2020.
Cé nach minic a fheictear a leithéid, tarlaíonn sé anois agus arís go ndéanann capaill a bhí tráth i mbun rásaíochta go maith sa Dressage. Bhí ceann darbh ainm Wily Trout ar fhoireann na Breataine a bhuaigh bonn óir ag Craobhacha na hEorpa tráth agus le gairid facthas Quadrille, a mba le Banríon Eilís Shasana é ag iomaíocht i Royal Ascot sular athraigh sé treo.
B’ait iad ar fad, ach ní déarfainn go raibh aon cheann acu in ann céipear a dhéanamh ar bhoirdín RnaG!
https://www.horseandhound.co.uk/news/becky-moody-olympic-dressage-grand-prix-special-867247
JP
Ba cheart deireadh a chur leis an ‘spórt’ sin sna cluichí Oilimpeacha, dar liom.
Iompar agus gothaí ainspianta ag capaill ‘sea an dressage sin ina mbíonn iomad den bhfuip in úsáid ag lucht traenála go hilmhinic d’fhonn is an t-ainmhí a mhúineadh is
‘a thabhairt chun foirfeachta’.
Bhí scannal sa Bhreatain le gairid ina mbeireadh amuigh ar bhean a raibh droch-íde á déanamh aici ar chapall a bhí á ullmhú le haghaidh dressage aici. Gach smiotaíl gháire aici i gcaitheamh an ama.
An capall bocht seanchráite ag stealladh in aghaidh gach lasc den bhfuip.
Bhí barbaracht de shaghas eile ar siúl sa tír seo i seamlas i gCill Dara a taispeánadh ar Prime Time, RTÉ.
Chuirfeadh an clár scannrúil sin seirfean agus casadh aigne ar an psycho féin.
B’fhiú féachaint siar air má tá an bolg agat chuige.
Cothaítear íomhá niamhghlan ‘spórtúil’ timpeall ar chapaill go poiblí toisc go mbaineann siad, ar an mórchóir, le rachmasóirí agus le piardaí móra.
Ach is ‘íomhá’ a bhíonn ann go minic, dada eile.
Cén chrích a thugtar ar na hainmhithe breátha seo ach a mbíonn a rás rite?? An gcuirtear amach ar féarach iad nó an é an poll ifrinn
.i. an seamlas, is dán dóibh?
Sásaíonn an chruálacht agus an fíoch fola mianach éigin diamhair diablaí i gcroí an duine.
Feicimíd gach uile lá beo é.