Cúrsa sa Saibhreas Teanga á reáchtáil ag an Acadamh

Cuirfear béim sa chúrsa seo ar stór focal, nathanna agus leaganacha cainte dúchasacha na Gaeilge, agus ar dhul nádúrtha na teanga

acadu

Is cúis dóchais dúinn go bhfuil an Ghaeilge fós beo beathach sa Ghaeltacht agus í á labhairt ag scoth na gcainteoirí.

Chuige sin, tá Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag eagrú cúrsa seachtaine atá dírithe ar shaibhreas agus ar shaíocht na Gaeilge i nGaeltacht Chonamara. Beidh an bhéim ar nádúr na Gaeilge – stór focal, nathanna agus leaganacha cainte dúchasacha, dul na Gaeilge, tráthúlacht agus deisbhéalaíocht, na canúintí, scileanna aistriúcháin agus cruinneas teanga. Beidh scoth na gcainteoirí agus na dteagascóirí ag roinnt a gcuid eolais le rannpháirtithe an chúrsa agus beidh neart deiseanna ann cur agus cúiteamh a dhéanamh faoi chúrsaí foclóra, foghraíochta, nádúr na teanga agus go leor eile!

D’fheilfeadh sé seo do dhaoine

  • a bhfuil Gaeilge d’ardchaighdeán acu agus cleachtadh acu ar í a labhairt
  • a rinne an Dioplóma sa Ghaeilge, céim sa Ghaeilge nó a bhain amach cáilíocht acadúil sa Ghaeilge
  • atá ag múineadh
  • atá ag obair sna meáin chumarsáide
  • a bhfuil suim acu sna canúintí
  • a bhfuil leaganacha cainte agus nathanna dúchasacha ligthe i ndearmad acu
  • a airíonn go bhfuil an iomarca Béarlachais trína gcuid cainte
  • atá ag tógáil a gclann le Gaeilge agus ar mhaith leo go mbeadh canúint na háite agus Gaeilge nádúrtha ag a gcuid gasúr

NB Ní fheilfeadh an cúrsa seo do dhaoine atá fós ag foghlaim na teanga.

Dátaí: 29 Meitheamh – 03 Iúil 2014

Costas: €260 (táille teagaisc)

Tuilleadh eolais: cursaigaeilge@oegaillimh.ie agus www.acadamh.ie

An Rúnaí, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe. 091-595101