Curaclam nua forbartha i nGaeilge chun ‘Mórtas Áite’ a spreagadh i ndaltaí

Tá curaclam nua ‘Mórtas Áite’ forbartha ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne i gcomhpháirt le Pobalscoil Chorca Dhuibhne 

Curaclam nua forbartha i nGaeilge chun ‘Mórtas Áite’ a spreagadh i ndaltaí

Tá curaclam nua forbartha i nGaeilge chun ‘Mórtas Áite’ a spreagadh i ndaltaí bunscoile agus iarbhunscoile.

Oidhreacht Chorca Dhuibhne a d’fhorbair an curaclam nua i gcomhpháirt le Pobalscoil Chorca Dhuibhne.

Tá a leithéid de churaclam a mhúineann mórtas áitiúil á fhorbairt san Ísiltír, sa Tuirc, agus sa Phortaingéil faoin scéim Erasmus+ an Aontais Eorpaigh.

Agus an curaclam á fhorbairt, bhí deis ag baill foirne de chuid Oidhreacht Chorca Dhuibhne agus múinteoirí ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne freastal ar sheisiúin traenála i dtíortha eile san Eoraip atá i mbun na scéime.

Tá an curaclam, atá oiriúnach do dhaltaí ardranga ar an bhunscoil agus daltaí iarbhunscoile, á fhorbairt le trí bliana anuas agus measúnú á dhéanamh ar a dhul chun cinn.

Dúirt urlabhraí ó Oidhreacht Chorca Dhuibhne go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh daoine bródúil as an cheantar ina maireann siad nó as an cheantar gurb as dóibh ó dhúchas.

“Braitheann daoine go bhfuil ceangal láidir acu leis an áit dhúchais agus leis an aicme daoine a mhaireann ann. Ceangal mothúchánach é sin agus tugann san féiniúlacht dóibh. Cuid bhunúsach den mhórtas áite sin a fhorbairt ná an teagasc fén oidhreacht chultúrtha áitiúil.”

An fhealsúnacht atá mar bhonn leis an tionscadal seo ná “go gcuideoidh an t-oideachas seo leis an gcomhtháthú sóisialta, leis an ionchuimsiú sóisialta má tá inimirce chun an cheantair, le rannpháirtíocht sa phobal agus go ndéanfaidh sé leas an phobail i gcoitinne i gceantracha tuaithe,” a dúirt urlabhraí ó Oidhreacht Chorca Dhuibhne.

Beidh an curaclam nua á sheoladh inniu, Dé hAoine, agus fáil air ar an suíomh Oidhreacht.ie.

Fág freagra ar 'Curaclam nua forbartha i nGaeilge chun ‘Mórtas Áite’ a spreagadh i ndaltaí'

  • Éilís Ní Anluain

    Ba cheart go mbeadh logainmneacha áitiúla fite fuaite le múineadh na Gaeilge +stair/tíreolas/eolaíocht ar fud na tíre ó thús na bunscoile go deireadh an dara leibhéal.

  • Tash

    Déarfainn go bhfuil níos mó ná logainmneacha i gceist sa thionscadal so.