Cuntas breá faoi 150 bliain d’eachtraí phobal Chois Fharraige

Is mór an chomaoin atá curtha ag John J Keady ar mhuintir Chonamara lena shaothar ‘Cois Fharraige (By the Sea)’

Cuntas breá faoi 150 bliain d’eachtraí phobal Chois Fharraige

Cois Fharraige (By the Sea)
John J Keady
€18
(Foilsithe ag an údar agus le fáil ó shiopa Chló Iar-Chonnacht)

 Dídeanaithe Chromail, ainnise is ocras na sinsear agus an chos buailte go teann ar aon scannal, náire ná easonóir, mise á rá leat gur iomaí scraith ghlugair ghinealaigh nach santaíonn cuid againn.

Níor stop sin John J. Keady, a tógadh i Meiriceá ach gur as ceantar an Spidéil i gConamara a thuismitheoirí agus a shinsir. Tá eolas maith aige ar an áit, tamallacha caite aige ag obair sa gceantar agus gaol aige le leath de phobal an cheantair agus é in ann an gaol sin a ríomh siar sna glúnta. Col cúigear ab ea a sheanmháthair agus an t-údar Máirtín Ó Cadhain agus thagair an Cadhnach féin dá mhuintir i Seanadh Gharráin. Go deas nádúrtha ceanglaíonn an t-údar na sinsir sin le cuid de na scéalta a luaitear ina chuid foinsí, fiú nuair is sna cúirteanna a tharla.

Tá cuntas breá faoi thart ar 150 bliain d’eachtraí phobal Chois Fharraige scríofa ag John ach seachas imeachtaí a ríomh ó bhliain go bliain is amhlaidh a chuaigh sé sa tóir ar chúlra na scéalta, na daoine is na píosaí fianaise a casadh air, díreach mar a thosaíonn tú do chraobh ghinealaigh fhéin. Fágann seo siar is aniar go leor ort ach is bealach deas é seo don ghnáthléitheoir leis na mórscéalta a thuiscint agus an fócas ar an scéal agus an duine áitiúil.

Más idirlíon is meáin shóisialta foinsí an lae inniu, cásanna cúirte, tiarnaí talún is iascaigh, gníomhais talún is mhaoine, uachtaí is cleamhnais na mboc mór, nuachtáin, cáipéisí dlí is rialtais, clocha cinn i reiligeacha, cuntais eaglaise ar bhás, breith is pósadh, chomh maith le heolas na ndeoisí ar shagairt is easpaig, a thapaigh an Céideach.

Is iontach spéisiúil go deo na scéilíní a d’aimsigh sé, cuid acu a bhí mar chomhrá teallaigh againn ach nach beag a cheapas go bhfeicfinn dearbhú scríofa orthu go brách.

Tá 25 téama nó caibidil sa leabhar agus leanann an t-údar an t-ábhar sin chomh fada siar agus is féidir leis, os cionn céad go leith bliain go minic. Chomh maith leis sin tá 15 aguisín ag deireadh an leabhair ina bhfuil mioneolas faoi chuid de na téamaí sin.

Ní nach ionadh tá mórchuid taighde agus plé déanta aige thart faoi cheantar an Spidéil féin agus is léir gur thuill piardaí na háite cual páipéarachais. Tá taifead ann faoi na húinéirí talún is uisce, an drochshaol agus iarrachtaí fóirithinte is iompú creidimh, cúrsaí sláinte is galar, scéal dhá chéibh an Spidéil agus an t-uisce faoi thalamh a bhain leis an tógáil.

Beidh suim ag aon duine a bhreathnaigh isteach riamh ar Choláiste Chroí Mhuire, nó aon duine a chodail sa suanlios, scéal aisteach na dílleachtlainne ansin a léamh. Is iontach mar a thóraigh an Céideach cuid de na leanaí a leaindeáil sa Spidéal. Ní chreidfeá in úrscéal é! Baol ar bith go ndéanfadh muintir an Spidéil athréimniú ar pharáid an 12 Iúil?

Soir Cois Fharraige agus siar Conamara an mapa ón liombó s’againne ach féach gur muid teorainn thiar Chois Fharraige ag an gCéideach. De réir nádúir is mó atá sa leabhar faoin cheantar an Spidéil ach na Blácaigh mhallaithe an chéad téama a thóraigh mé fhéin. Ní ghlanann fianaise an leabhair seo a bpeacaí ná a ndroch-cháil.

Ná bíodh aon imní ort gur doilíos uilig a bhí sa saol – ní dhéanann an Céideach dearmad ar thithe ósta, rásaí capall, cúrsaí iascaigh ná seanchas is scéalta beaga na háite.

Ceann d’iarmhairtí na coilíneachta an nasc láidir idir cúrsaí i gCois Fharraige, Baile Átha Cliath agus Londain agus a bhuíochas don imirce rábach sa 19ú haois, Meiriceá. Amhail go leor mídhaonnachta, ba nós a rá tamall nach raibh boic mhóra na himpireachta ar an eolas faoin drochbhail a cuireadh ar phobal na tíre seo, ach tá fianaise sa leabhar seo nár ligeadh broim i gConamara nach raibh ar an taifead i nuachtán nó i gcáipéis éigin ag na húdaráis i Londain.

Is mór an chomaoin atá curtha ag John J Keady ar mhuintir Chois Fharraige leis an insint seo ach níos tábhachtaí fós tá 10 leathanach d’innéacs is foinsí tugtha aige i ndeireadh an leabhair ionas gur féidir leis an té atá fiosrach agus ag a bhfuil am is misneach tabhairt faoina thuilleadh taighde.

Fág freagra ar 'Cuntas breá faoi 150 bliain d’eachtraí phobal Chois Fharraige'