Tá fáilte curtha ag lucht feachtais roimh chinneadh Údarás na Gaeltachta dhá shuíomh eile sa Ghaeltacht a roghnú mar áiteanna go bhféadfaí tithíocht a fhorbairt amach anseo, ach deirtear go bhfuil “cumhacht shoiléir” ag teastáil ón eagraíocht i leith na tithíochta.
I nGaeltacht Chonamara atá an dá shuíomh – ceann ar An Tulaigh i mBaile na hAbhann agus ceann ar Inis Meáin.
Cé gur chuir an grúpa feachtais tithíochta Bánú fáilte roimh an gcinneadh, dúirt siad gur údar díomá an plean a bhí ag an Údarás an dá shuíomh a aistriú go dtí dream eile “go speisialta nuair nach bhfuil an tÚdarás sásta a inseacht don phobal céard iad na dreamanna eile seo”.
Tá Bánú ag iarraidh go dtabharfaí cead d’Údarás na Gaeltachta Comhlacht Ceadaithe Tithíochta don Ghaeltacht a bhunú “lena chinntiú gur ar mhaithe le tithíocht a chur ar fáil do chainteoirí líofa Gaeilge a bheadh na suíomhanna á bhforbairt amach anseo”.
Dúradh go mbeadh Bánú agus Tinteán, eagraíocht náisiúnta tithíochta a seoladh ag Oireachtas na Gaeilge, i mbun stocaireachta as seo go ceann cúpla seachtain i measc na bpáirtithe a d’fhéadfadh a bheith sa chéad rialtas eile.
Beidh cruinniú inniu ag na grúpaí feachtais le ceathrar Teachta Dála de chuid Shinn Féin inniu, Pearse Dohery, Mairéad Farrell, Pa Daly agus Aengus O Snodaigh.
An t-éileamh a bheidh ag an lucht feachtais ná go dtabharfaí “cumhacht shoiléir” don Údarás dul ag plé le cúrsaí tithíochta agus go gcuirfí acmhainní ar fáil dóibh chun rannóg tithíochta a bhunú agus talamh a cheannach sa nGaeltacht ar a bhféadfaí suíomhanna a réiteach do chainteoirí Gaeilge.
I nGaoth Dobhair i nDún na nGall, sa Rinn i bPort Láirge agus ar an gCeathrú Rua sa Ghaillimh atá na chéad trí shuíomh a d’fhógair Údarás na Gaeltachta mar chuid dá mBeartas Tithíochta.
Deir an tÚdarás go bhfuil réamhobair déanta i dtaca leis na suíomhanna sin a léiríonn go bhfuil deiseanna forbartha ag baint leo agus go bhfuil “cainteanna ar bun le páirtithe leasmhara” faoi thalamh a aistriú chun tithíocht a fhorbairt.
Fág freagra ar '‘Cumhacht shoiléir’ i leith na tithíochta á héileamh d’Údarás na Gaeltachta'