CULTÚR: Féile IMRAM, Trasna na dTonnta, Féile Gaeilge do phobail nua, Litreacha Dhaidí na Nollag

Sa cholún seo tá eolas faoi na hócáidí, na féilte, na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh

CULTÚR: Féile IMRAM, Trasna na dTonnta, Féile Gaeilge do phobail nua, Litreacha Dhaidí na Nollag

AN NOLLAIG

Litreacha Nollag Thuismitheoirí na Gaeltachta

Tá scéala tagtha ó Thuismitheoirí na Gaeltachta go raibh oifig Dhaidí na Nollag i dteagmháil leo arís i mbliana agus é ag súil le litreacha ó pháistí na Gaeltachta. Is féidir le gasúir a gcuid litreacha chuig Daidí na Nollag a sheoladh isteach faoi chúram Thuismitheoirí na Gaeltachta agus cuirfidh siadsan ar aghaidh go dtí an Mol Thuaidh iad. Tá sé geallta ag Daidí na Nollag go mbeidh sé ag scríobh ar ais i nGaeilge ag na gasúir.

Ní mór a bheith i mbun pinn, áfach, caithfidh na litreacha a bheith ar ais ag Tuismitheoirí na Gaeltachta faoin 8 Nollaig le go mbeidh am acu iad a sheoladh ar aghaidh ag Santaí. Seol do litir go dtí an seoladh seo: Litir chuig Santaí, f/ch Tuismitheoirí na Gaeltachta, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe H91 Y0R2. Bí cinnte go mbíonn ainm agus seoladh an pháiste sa litir nó beidh mearbhall ar an bhfear mór agus é ag iarraidh scríobh ar ais.

Tá teimpléad gis féidir a phriontáil agus a úsáid leis an litir a scríobh le fáil ar shuíomh idirlín Thuismitheoirí na Gaeltachta anseo.

Geamaireacht na Nollag i mBéal Feirste

Tá leagan nua de scéal Luaithríona cóirithe don stáitse do gheamaireacht na Nollag i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich. Is é Conall Mac Corraidh a scríobh an gheamaireacht agus tá sí á léiriú ag Craicin Up Productions. Cailín misniúil, cód wi-fi casta agus an clog ag bualadh, an éireoidh le Luaithríona an chríoch shona a aimsiú? Beidh le feiceáil. Beidh an gheamaireacht ar stáitse ar an Satharn an 29 Samhain ag a 1pm agus £5 atá ar na ticéid.

FÉILTE

Féile IMRAM, tá cúpla lá eile fágtha

Beidh roinnt imeachtaí eile ar bun ag an bhféile IMRAM an deireadh seachtaine seo i mBaile Átha Cliath. Cuireadh tús le féile na bliana seo ar an 8 Samhain agus tá sí ag dul ar aghaidh go dtí an 23 Samhain ag ionaid éagsúla ar fud na cathrach.

Cuirfear Bard na Páirce: Ómós do Mhicheál Ó Muircheartaigh ar bun tráthnóna inniu, Dé hAoine an 21 Samhain, ag a 7:30pm in Amharclann Smock Alley. Tionscadal é seo a choimisiúnaigh IMRAM le filí agus tráchtairí in ómós don chraoltóir mór le rá a raibh cion agus meas air i bhfad agus i gcéin. Ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar Uí Mhuircheartaigh atá sa léiriú seo agus filíocht agus prós le Colm Mac Gearailt, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Dara Ó Cinnéide agus Alan Titley san áireamh ann, chomh maith le ceol agus amhráin nua-chumtha le Colm Ó Snodaigh in éineacht le Brian Hogan. Beidh taifeadtaí cartlainne de thráchtaireacht Uí Mhuircheartaigh le cloisteáil ansin freisin agus íomhánna ar scáileáin atá déanta ag an ealaíontóir Margaret Lonergan. Is í Majella Ní Chríocháin a léirigh.

Beidh Turas:|PilgrimageTimeJourney, seó filíochta agus ealaíne ar bun i gcomhar le Leabharlann an Lexicon i nDún Laoghaire ar an Satharn, 22 Samhain ag a 3:00 i.n. Taispeántas íomhánna le Margaret Lonergan agus léamh filíochta le Rody Gorman a bheidh anseo agus cúlra ceoil curtha leis ag Seán Mac Erlaine. Baile Átha Cliath, Cill Mhantáin, Ríocht Chulainn agus Dún Laoghaire an inspioráid atá ag an léiriú seo agus é ina mhachnamh ar aislingí na hóige.

Tuilleadh eolais agus ticéid ar fáil ar shuíomh idirlín IMRAM anseo.

 

Trasna na dTonnta

Beidh an feachtas Trasna na dTonnta á rith ag Conradh na Gaeilge agus Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada ón 1 go dtí an 5 Nollaig ar líne. Tugann an feachtas seo deis do dhaoine ar fud an domhain Gaeilge a labhairt lena chéile mar chuid de shraith imeachtaí atá eagraithe ar líne. Cuirfear imeachtaí éagsúla ar bun ar líne, chomh maith le ciorcal comhrá leanúnach agus comórtais. Déanfar craoladh beo ar na himeachtaí ar leathanach YouTube Sheachtain na Gaeilge anseo.

Seolfar imeachtaí na bliana seo ar an Luan, 1 Nollaig ag 4:30 i.n. (am na hÉireann) agus Mollie Guidera (@IrishWithMollie) ina bean an tí agus comhrá le Dara Calleary, Aire na Gaeltachta, agus Ciaran Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge. Beidh réalt mhór ar an gcainéal ag a 6:30 i.n. an tráthnóna céanna agus Mamaí na Nollag ag bualadh isteach beo agus teachtaireacht speisialta aici do pháistí. Tá sé tugtha le fios ag Mamaí na Nollag go mbeidh sí in ann teachtaireachtaí pearsanta a thabhairt amach ag an ócáid ar líne, ach scéala a bheith faighte aici roimh ré anseo.

Cuirfear ceardlann logainmneacha ar bun Dé Máirt, 2 Nollaig, chomh maith le ceardlann liricí Kneecap, agus beidh ciorcal comhrá leanúnach ar líne ar siúl ar an gCéadaoin. Neart imeachtaí eile leagtha amach ar an gclár agus tá gach eolas le fáil anseo.

 

Fáilte Fite Fuaite ag ceiliúradh pobal nua

Tá ‘Féile Gaeilge’ ag ceiliúradh fás na teanga i measc na bpobal atá nuathagtha go hÉirinn á heagrú ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Gaeilge365 agus Céad Míle Fáilte. Cuireadh tús leis an bhféile ar an 19 Samhain agus beidh sí ar bun go dtí an Domhnach, an 23 Samhain in áiteanna éagsúla ar fud na cathrach. Is í an aidhm atá ag an bhféile ná an cultúr bríomhar Gaeilge atá faoi bhláth i measc phobail atá nuathagtha go hÉirinn a léiriú.

Fáilte Fite Fuaite an t-ainm atá ar an bhféile agus tá sí á heagrú i gcomhar leis an eagraíocht Céad Míle Fáilte, tionscnamh a thugann cúnamh do phobail nua d’fhoghlaimeoirí Gaeilge taithí a fháil ar an teanga. Tá breis agus 300 duine ó sé thír éagsúla ag glacadh páirt faoi láthair i ranganna agus imeachtaí saor in aisce atá á n-eagrú ag Céad Míle Fáilte. Ar chuid de pobail nua atá ag freastal ar na ranganna Gaeilge, tá daoine ón Úcráin, ón Tuirc, ón Nigéir, ón tSúdáin, as Meiriceá Theas agus ón bPalaistín.

Tá os cionn 20 imeacht á n-eagrú mar chuid den fhéile seo ar fud oirdheisceart chathair Bhaile Átha Cliath agus é mar sprioc acu muinín, fiosracht agus ionchuimsiú a chothú agus úsáid nádúrtha na Gaeilge a spreagadh mar chuid den saol laethúil. ar na himeachtaí a bheidh ar siúl, beidh ‘Mo Chéad 100 Focal’ ar siúl i Leabharlann Shráid an Phiarsaigh, BÁC 2 ag meán lae. Tá an ócáid saor in aisce atá ann. Beidh ‘Rúin agus Rianta an Dúlra’ ar siúl i nGairdíní Raghnallach ag an am céanna agus siúlóid ‘Walk and Talk’ á stiúradh ag Éanna Ní Lamhna agus í ag tabhairt léargas spraíúil ar an dúlra atá le fáil i bpáirceanna Bhaile Átha Cliath.

Beidh tráthnóna ceoil, agus siamsaíochta ar bun ar an Satharn, 22 Samhain ag 7:00 i.n. sa Seomra Darach, Teach an Ardmhéara, Sráid Dawson. Oíche airneáin teaghlaigh a bheidh ann ina mbeidh Banna Synge, Cór Synge, siamsaíocht do pháistí, filíocht Éireannach agus idirnáisiúnta i measc na n-himeachtaí.

 

Bríd Ó Gallchóir agus Gearóíd Ó Cairealláin. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Scoil Gheimhridh Uí Chairealláin

 

Beidh Scoil Gheimhridh in ómós do Ghearóid Ó Cairealláin á reáchtáil i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich idir an 5 agus an 6 Nollaig. Cuirfear réimse imeachtaí ar bun i rith na scoile cothrom le bliain ó d’imigh sé ar shlí na fírinne.

I measc na n-imeachtaí beidh oíche scannáin tráthnóna Dé Sathairn, 5 Nollaig ag a dtaispeánfar clár faisnéise a rinne RTÉ faoi Ghearóid Ó Cairealláin agus taispeánfar an scannán Is Olc an Ghaoth ina dhiaidh.

Beidh pléphainéal cainte ar siúl níos luaithe an lá céanna agus ‘Iriseoireacht na Gaeilge agus Tógáil Pobail’ mar ábhar ann, ag tosú ag a 3pm. Tuilleadh eolais le fáil ar leathanach Instagram Chultúrlann McAdam Ó Fiaich anseo.

CEOL

Oíche cheiliúrtha le buaiteoirí Oireachtas na Samhna

Beidh ceiliúradh mór ar bun i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar an Satharn, 22 Samhain agus cuireadh tugtha don phobal a theacht agus ceiliúradh a dhéanamh le buaiteoirí Oireachtas na Samhna. Cuirfear amhráin, scéalaíocht, lúibíní agus neart eile i láthair i gcomhluadar bhuaiteoirí ó phobal Bhéal Feirste ag Oireachtas na bliana seo. Tá fáilte roimh chách agus cuirfear tús leis na himeachtaí ag a 5pm.

Fág freagra ar 'CULTÚR: Féile IMRAM, Trasna na dTonnta, Féile Gaeilge do phobail nua, Litreacha Dhaidí na Nollag'