‘Cuirtear Amhrán na bhFiann ar an gcuraclam bunscoile’

Deir Seanadóir de chuid Fhine Gael gur léir nach bhfuil ‘fonn ná focail Amhrán na bhFiann’ ar eolas ag go leor Éireannach

‘Cuirtear Amhrán na bhFiann ar an gcuraclam bunscoile’

Cáineadh colún nuachtáin le déanaí inar ceistíodh an nós i gcoláistí samhraidh Amhrán na bhFiann a chanadh, ach tá Seanadóir de chuid Fhine Gael anois ag moladh go mbeadh an t-amhrán náisiúnta ina chuid de churaclam bhunscoileanna na tíre.

D’iarr an Seanadóir Neale Richmond, ar an Aire Oideachais Richard Burton go gcuirfí an t-amhrán ar churaclam na mbunscoileanna “agus na Cluichí Oilimpeacha faoi lán seoil”.

“Tá súil againn go gcasfar Amhrán na bhFiann do chuid dár lúthchleasaithe sa chás go mbuafaidh siad bonn óir. Is léir, áfach, nach bhfuil fonn ná focail Amhrán na bhFiann ar eolas ag go leor Éireannach.

“Is amhrán sách casta é agus fonn éagaointe leis, agus d’fhéadfadh go mbíonn na liricí an-deacair ag go leor, go háirithe iad sin nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu. Tá sé tábhachtach go bhfoghlaimeodh na páistí stair an amhráin agus comhthéacs na linne inar scríobhadh é,” a dúirt sé.

Thagair an Seanadóir Richmond do ‘Lá an Fhorógra’ a reáchtáladh níos túsice i mbliana agus dúirt gur “maith an rud é” gur chuala go leor daltaí scoile an t-amhrán náisiúnta á chanadh “i gceart”.

Dúirt sé “go mba cheart go mbeimis bródúil as ár n-amhrán agus ár dtír” agus gur amhrán é Amhrán na bhFiann a mhúsclaíonn bród i nduine.

“Múintear Amhrán na bhFiann i roinnt scoileanna ach ní mhúintear i go leor eile agus, i mo chás féin, ba thrí thréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht agus mé i mo dhéagóir a bhí mé féin compordach á chanadh,” a dúirt sé.

Mhol sés freisin go gcanfaí Amhrán na bhFiann ag tús an lae scoile sa chás go n-éireodh lena theagasc amach anseo, nó go ndéarfaí “móid dílseachta” mar a dhéantar i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Fág freagra ar '‘Cuirtear Amhrán na bhFiann ar an gcuraclam bunscoile’'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    ‘nó go ndéarfaí “móid dílseachta” mar a dhéantar i Stáit Aontaithe Mheiriceá’

    Bheadh sé suimiúil a fháil amach caidé gnígh siad i dtíortha eile sa domhain, in áit bheith ag síor leanstan SAM. Is gairid go dtabharfaí an haonú stáit is caoga ar Éirinn…

    ‘móid dílseachta’ le rá againn uilig maidir le caomhnú na timpeallachta agus an chomhshaol de.

  • Pól Réamonn

    @Mhol sés freisin go gcanfaí Amhrán na bhFiann ag tús an lae scoile sa chás go n-éireodh lena theagasc amach anseo, nó go ndéarfaí “móid dílseachta” mar a dhéantar i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

    Tá sé ag dul thar an cheasaí leis an moladh sin

  • Pól Ó Braoin

    Ní fheicim údar ar bith ann gan Amhrán na bhFiann agus meas ar ár mbratach a mhúineadh do gach dalta bunscoile in Éirinn is cuma cén bhunscoil a bhfreastalaíonn siad uirthi. D’fhágadh sin na cúpla abairtín féin Gaeilge acu… i bhfad níba mhó ná atá ag cuid mhaith acu na laethanta seo.

  • Gearóid de Grás

    Aontaím leat a Phóil Uí Bhraoin.
    Is náireach an rud é nach bhfuil an tAmhrán Náisiúnta ar eolas ag mórán. An bhliain seo an t-am ceart chun tionscnamh mar seo a chur i bhfeidhm sna scoileanna toisc go raibh an méid sin plé faoi 1916, an forógra agus brí an náisiúnachais cheana féin. Anois nó riamh!
    Ba cheart go gcanfaí é ag tús (agus ag deireadh) an lae scoile – muna gcanfar go rialta é déanfar dearmad air. B’fhearr liom go mór go mbeadh plé agus tuiscint ar coincheapanna mar tíorántacht agus tráilleacht i gcomhthéacs stair na hÉireann seachas ‘móid dílseachta’ gan smaoineamh, gan fhreagracht.
    Cáineadh FG go minic le roinnt blianta anuas as an méid dochair a rinneadar don nGaeilge agus tá an cáineadh sin tuillte acu ach ba mhaith liom Richmond a mholadh sa chás seo – beidh le feiceáil an bhfaighidh sé cluas an Aire áfach.
    Ní thuigim faoin spéir cén bhaint atá ag nósanna na Meiriceánach nó na nEorpach linne – déanaimis an rud ceart beag beann orthu ar fad. Níl mórán dul chun cinn déanta againn le céad bliain anuas má tá bac orainn rud maith a dhéanamh toisc go bhfuil rud cosúil leis á dhéanamh i SAM (nó áit eile) cheana!