Cuirimis an clog ar aghaidh 300 bliain agus tugaimis a gcearta do phobal na Gaeilge ó thuaidh…

Más ceadmhach Gàidhlig a úsáid sna cúirteanna talún in Albain, agus Breatnais i gcúirteanna Chaerdydd, agus Gaeilge san Ard-Chúirt i mBaile Átha Cliath, cad chuige nach n-úsáidfí an Ghaeilge i gcúirteanna Shráid Chichester?

Cuirimis an clog ar aghaidh 300 bliain agus tugaimis a gcearta do phobal na Gaeilge ó thuaidh…

Cad iad, dar leat, na comharthaí sóirt atá ar shochaí shofaisticiúil? Tábhacht a cuid filí, iontas a cuid dánlann, ceiliúradh a cuid scríbhneoirí? Seans. Ach i mo thuairimse, is é an teist is fearr ar shochaí ná an dóigh a gcaitheann sí lena teangacha mionlaigh. Sin mar a aithneoidh tú sochaí atá ar thús cadhnaíochta san 21ú aois seo.

Is eiseamláir í an Fhionlainn, tír ina bhfuil an mhuintir is gealgháirí ar domhan de réir na suirbhéanna. Céad bliain is an t-am seo a bunaíodh stát na Fionlainne.

Sa tír sin tugtar aitheantas iomlán oifigiúil don mhionlach suntasach a labhraíonn Sualainnis. Ach fosta, tá amach is isteach ar 9,000 Sámach sa tír, a mbunús ag cur fúthu san Artach.

Labhraíonn thart ar leathchuid acu sin teangacha na Sámach, a bhfuil cosaint iomlán oifigiúil acu i réigiúin thuaisceartacha na Fionlainne ina labhraítear iad. Leoga, cuireadh le stádas na Sámaise nuair a ritheadh Acht na dTeangacha Sámacha in 2004, sin d’ainneoin nach labhraíonn ach tuairim is 400 duine san Fhionlainn cuid de na teangacha sin.

Os a choinne sin, tugaimis cuairt ar an limistéar sin ina bhfuil rian na fírinne ar an seanscéal grinn:

Captaen eitleáin agus Sliabh Dubhaise le feiceáil uaidh: ‘Táimid ag tuirlingt i dTuaisceart Éireann, cuirigí siar bhur n-uaireadóirí 300 bliain, le bhur dtoil.’

Ach níl an magadh go maith mar nuair a phléimid tír ina bhfuil an pholaitíocht sioctha, táimid reoite abhus ar bhealach a chuirfeadh áthas ar an Fhionlannach cóir.

Tá sin le feiceáil go ríshoiléir sna cúirteanna i dTuaisceart na hÉireann, áit a bhfuil Acht 1737 a choisceann úsáid na Gaeilge i réim ar fad. Fágadh an dlí seo le huacht againn ag Parlaimint Ghrattan a bhí i mbarr a nirt le linn bhlianta órga na Cinsealachta Protastúnaí. Déanta na fírinne, is péindlí cultúrtha é Acht 1737 agus níl de reachtaíocht fágtha ó Pharlaimint Ghrattan – a raibh Caitlicigh go tearc inti – ach an reachtaíocht seo. Deir an staraí Éamon Phoenix, agus é ag trácht ar Acht 1737 sa chomhthéacs stairiúil: “is féidir dearcadh air (an tAcht) mar reachtaíocht idirdhealaitheach dírithe ar theanga bhunús mór an phobail Éireannaigh san am.”

San Ard-Chúirt i mBéal Feirste in 2009, dúirt an Giúistis Treacy gurb é an fheidhm a bhí le hAcht 1737 “go gcoinníonn sé in áit cosc iomlán de facto ar úsáid na Gaeilge i ngnóthaí iomlán na cúirte”.

Agus mé mar an chéad Aire Airgeadais poblachtach riamh sa Tuaisceart, chuir sé áthas orm gur ormsa a bhí cúram na ndlíodóirí – dream arbh fhéidir fíneáil a chur orthu as Gaeilge a labhairt sa chúirt. Nuair a thug mé faoin dlí ársa seo a aisghairm, fuair mé amach go mbíodh macasamhail na reachtaíochta céanna seo sa Bhreatain Bheag agus in Albain ach gur aisghaireadh sna tíortha sin í sa naoú haois déag!

Mar sin féin tá Acht 1737 i bhfeidhm fós, á chóiriú féin ar a fhara dlíthiúil mar a bheadh péacóg ann, d’ainneoin choimitmint chomónta i gComhaontú Aoine an Chéasta go ndéanfadh Rialtas na Breataine “gníomh diongbháilte chun an teanga a chur chun cinn”. Le cois, dúirt siad go cráifeach sa Chomhaontú céanna: “Aithníonn na rannpháirtithe uile tábhacht na hurraime, na tuisceana agus na caoinfhulaingthe i ndáil le héagsúlacht teanga”.

I dtaca le holc, tháinig Acht 1737 slán as an gheallúint i gComhaontú Chill Rìmhinn in 2006 faoinar dhúirt Rialtas an Breataine go sollúnta go dtabharfadh siad isteach Acht Gaeilge.

Tá tábhacht phraiticiúil agus shiombalach leis an Acht. Praiticiúil sa mhéid is go dtugtar aitheantas do theangacha neamhfhorleathana i gcúirteanna ar fud na hEorpa. Agus más ceadmhach Gàidhlig a úsáid sna cúirteanna talún in Albain, agus Breatnais i gcúirteanna Chaerdydd, agus Gaeilge san Ard-Chúirt i mBaile Átha Cliath, cad chuige nach n-úsáidfí an Ghaeilge i gcúirteanna Shráid Chichester? As siocair nach bhfuil sí maith a dóthain a thagann an freagra. Tá tábhacht shiombalach leis an chosc mar tá níos mó béime ar shiombailí i dTuaisceart na hÉireann ná chóir a bheith i réigiún ar bith eile san Eoraip. Agus nuair atáthar ag caitheamh anuas ar lucht labhartha na Gaeilge mar chrogaill agus mar scroblachóirí, is éasca greasáil shiombalach a thabhairt don teanga chéanna.

Ní hé nach ndearna lucht dea-chomhairle idirghabháil. Leoga, chuir rialtas na Breataine a ainm leis an Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh agus déanann Coiste Saineolaithe ó Chomhairle na hEorpa iniúchadh tréimhsiúil orthu. Gan teip, cháin na heiseamláirí seo de dhea-bhéasaíocht na hEorpa Rialtas Londan as diúltú d’aisghairm Acht 1737 – ach diúltaíodh i gcónaí dá n-achainíocha i dtaispeántais thaibhseacha réamh-Bhreatimeachta den dearg-cheanndánacht.

Agus fós in 2017, ní féidir glacadh feasta leis an iarsma seo den mheon fonóideach. Téann gach ród inniu, bíodh siad ann le 280 bliain, go ceann scríbe na hurraime.

Go ceann scríbe aráin agus rósanna. Nó más fíor nach dtig Acht Gaeilge a ithe, is cosúil ar fud na hEorpa go maireann siad go sásta ar thrí bhéile mhaithe sa lá chomh maith le meas ar theangacha mionlaigh. Cad chuige mar sin, go gcaithfeadh cainteoirí Gaeilge a ndínit a mhalartú ar a gceart ar rialtas atá i gceann oibre?

Ina bheathaisnéis i 1945, Black Boy, ba chuimhin leis an údar Meiriceánach Afracach Richard Wright comhoibrí, oibreoir ardaitheora, ar ghnách leis cromadh síos le ligean dá cheannasaí geal cic cairdiúil a bhualadh sa tóin air lena shéisín seachtainiúil a thuilleamh. B’íomhá é de smachtú ainnis a ghríosaigh Wright le teitheadh ó ansmacht plúchtach Stáit an Deiscirt.

Ba chontráilte ar ndóigh an ciníochas scáfar seo a d’fhulaing Meiriceánaigh Afracacha san fhichiú haois a chur i gcomparáid le huirísliú suarach Acht 1737 nó, leoga, le séanadh aitheantais oifigiúil don Ghaeilge i “dTuaisceart Éireann” an lae inniu.

Ach ní miste ar chor ar bith inspioráid a ghlacadh ó lóchrainn seo an mhisnigh eiticiúil a d’fhógair deireadh ar an éagóir. Mar sin, glacaimid uchtach ó fhocail Mhártan Luther King (fiú agus muid ag machnamh ar oidhreacht chasta Mhártain eile): “Agus muid ag siúl, is gá móid a thabhairt go siúlfaimid i gcónaí chun tosaigh. Ní thig linn tiontú siar”.

Nó le foláireamh James Baldwin, fathach eile de chuid litríocht Mheiriceá, a athlua (leis na rabhaidh thuasluaite), nuair a dúirt sé i scannán den ainm céanna: Ní mé bhur mBuachaill Dubh.

Ball tionóil de chuid Shinn Féin é Máirtín Ó Muilleoir. Foilsítear an t-alt seo le caoinchead Irish Pages: A Journal of Contemporary Writing. Foilsíodh an t-alt ar dtús san eagrán is déanaí den irisleabhar sin ‘Criticism, Vol 10, No 1’. Is féidir síntiús a fháil do Irish Pages anseo

Fág freagra ar 'Cuirimis an clog ar aghaidh 300 bliain agus tugaimis a gcearta do phobal na Gaeilge ó thuaidh…'

  • Muiris ó Súilleabháin

    Ba choir go mbédh an Ghaeilge á labhairt ins gach cúinne in Éirinn gach lá agus gach oíche. Sin an teanga bundúchasach,