Cuirfidh mé suas ‘benediction’ tobac

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Cuirfidh mé suas ‘benediction’ tobac

Cuirfidh mé suas ‘benediction’ tobac a deireadh fear a raibh dúil chráite aige i ngal tobac. Go deimhin bhíodh sé ag stolladh tobac seasta síoraí. Bhíodh goimh agus haras tobac air agus ba é a bhíodh gairgeach de dhíobháil tobac.

Ba spéisiúil an tsamhail a thug sé agus é ag réiteach a phíopa. Ag cuimhneamh a bhí sé ar Bheannacht na Naomhshacraiminte a bhíodh go minic sna séipéil an uair sin. Cuid shuntasach den searmanas ba ea an túiseán a chroitheadh agus deatach túise a chur in aer.

Is iomaí cruth a bhíodh ar an tobac sula gcuirtí sa bpíopa é. Bhíodh an tobac corna ann, an tobac caol, rópa tobac, tobac casta, rolla tobac, tobac gearrtha, maiste tobac, ionga, coirnín, cuitín, feadán, gaimbín, ioscaid, saoiste, stioc.

Ba dhóigh leat gurbh é a thug an tobac go hÉirinn a deirtí faoi dhuine a bheadh ag déanamh gaisce.

Is olc an tslí a bheith ag caitheamh tobac agus á scaoileadh le gaoth, a dúirt fear críonna eicínt.

Tobac amadáin a thugtaí ar thobac duine eile a bheadh á chaitheamh ag an té a choinneodh a chuid tobac féin ina phóca.

Chaithfeadh sé píopa Ainde Mhóir a déarfaí faoi dhuine nach mbeadh stopadh ar bith air ach ag caitheamh tobac:

‘Thabharfainn lán an Bhíobla gur tornóg a bhí ar an gcaolach

Leis an deatach a bhí os mo chionnsa ag píopa Ainde Mhóir.’

Thugas togha an tobac dóibh a deirtí i gContae an Chláir. Bualadh maith a bhíodh i gceist.

Cuirfidh mé suas ‘benediction’ tobac. Nach deas é?

Fág freagra ar 'Cuirfidh mé suas ‘benediction’ tobac'