Cuireann Masters of the Air an dlaoi mhullaigh ar chuasach cogaíochta Hanks agus Spielberg

Bogtar ó pháirceanna is farraigí an áir chuig sceimhle an aeir sa tsraith nua ó Tom Hanks agus Steven Spielberg

Cuireann Masters of the Air an dlaoi mhullaigh ar chuasach cogaíochta Hanks agus Spielberg

Thosaigh sé ar fad leis an gcomhghuaillíocht idir Tom Hanks agus Steven Spielberg sa saothar iontach sin Saving Private Ryan (1998). Bhí rath thar na bearta ar an saothar sin a ghnóthaigh cúig dhuais Oscar agus an dara deilbhín stiúrthóra do Spielberg. Trí bliana ina dhiaidh sin bhíodar mar léiritheoirí feidhmiúcháin ar an tsraith iontach Band of Brothers. Naoi mbliana ina dhiaidh sin arís thugadar The Pacific ar an bport.

Seo chugainn anois iad leis an dlaoi mhullaigh a chur ar a gcnuasach faoin Dara Cogadh Domhanda. Bogann Masters of the Air (An chéad dá ghála ar fáil ar AppleTV+) na heachtraí fuilteacha ó pháirceanna is farraigí an áir chuig sceimhle an aeir. Tá an saothar seo bunaithe ar leabhar den teideal céanna ó Donald L. Miller.

Leanaimid gníomhartha gaisce contúirteacha an 100th Bomb Group, nó an “Bloody 100th” mar a baisteadh orthu de bharr an oiread sin díobh a maraíodh i rith na ruathar buamála ar chríocha gafa na Naitsithe. Ceann de na téamaí a chíortar sa chéad dá ghála ná an difríocht sa chur chuige buamála a bhí ag na Sasanaigh agus na Meiriceánaigh. Na Sasanaigh i dtaobh le hionsaithe oíche neamhshrianta. Na Poncánaigh ag iarraidh a bheith níos pointeáilte agus ag tabhairt faoi i rith an lae. Mar thoradh ar an gcinneadh sin dhein fórsaí na Naitsithe slad orthu ón talamh agus ón aer.

Tá an tsraith lán go gad de charachtair/aisteoirí éagsúla, cuid díobh nach bhfuil gafa chugainn go fóill. Is iad Major John “Bucky” Egan (Callum Turner) agus Major Gale “Buck” Cleven (Austin Butler) an bheirt cheann feadhna. Dlúthchairde iad beirt, staonaire stuama, ciallmhar duine acu, an fear eile acu spleodrach agus lán de bhithiúntaíocht. Taobh leo sin tá Harry Crosby (an Feirsteach Anthony Boyle) agus Curtis Biddick (an Bleá Cliathach Barry Keoghan). Aisteoireacht foirne iontach atá againn agus cuirfear breis aithne ar na carachtair éagsúla de réir mar a bhogfaimid ar aghaidh.

Ach oiread leis na sraitheanna eile déantar an chomrádaíocht agus an chrógacht a shníomh le brúidiúlacht agus éigiall na cogaíochta. Criúnna na n-aerárthach B-17 ag iarraidh glacadh lena gcinniúint nuair nach bhfuil idir iad agus an saol eile ach giota fleaic nó urchar Messerschmitt. Sna sraitheanna eile bhí na saighdiúirí i bpíobáin a chéile, anseo tá siad sna scamaill os a gcionn. Sa chomhrac éigiallda seo is bua ann féin é teacht slán.

Bhí cad é bús faoi na maisíochtaí speisialta nua-aimseartha a bheadh sa tsraith, maisiúcháin a thabharfadh isteach i lár na cogaíochta go réalaíoch sinn. Cé go ndéantar na comhraic aeir a shamhlú go breá, bhíos ábhairín díomách agus mheasas go raibh cuma bhréagach go maith ar mhíreanna áirithe. Caithfidh saothar den saghas seo siúl ar an tanaí; é ag iarraidh crógacht na n-eitleoirí a léiriú ach gan an chogaíocht a mhóradh. Éiríonn leis an saothar snasta eachtrúil seo é sin a dhéanamh go paiteanta.

Fág freagra ar 'Cuireann Masters of the Air an dlaoi mhullaigh ar chuasach cogaíochta Hanks agus Spielberg'

  • jpmorley0@gmail.com

    Bhí páirt ábhalmhór ag píolótaí de chuid na Seice san RAF le linn an dara cogadh domhanda, fíric nach luaitear, go bhfios dom, in aon trácht thairis. Go deimhin féin, is Seieach de chuid an RAF a rug an cíoná leis sa chogadh áirithe sin as an méid ‘maraithe’ a rinne sé san aer.
    Foinse: HhhH le Laurent Binet