I mo shuí i bhforhalla Óstán an Everglades i nDoire ag fanacht ar iriseoir ón áit a bhíos. Mé ag cuardach scéil do Today Tonight.
Chaitheas seal leis an gclár cúrsaí reatha sin in RTÉ idir 1986 agus 1990 tar éis do Mhuiris Mac Conghail Féach a scor, toisc a sheanchaite a bhí sé mar fhoirmle, gan dabht. Agus mar gheall ar an sean-aighneas idir é féin agus Proinsias Mac Aonghusa, eagarthóir Féach chomh maith. Ach sin scéal eile agus fágaimid an seachbhóthar suimiúil sin gan siúl an dul seo.
Pé scéal é, bhí mé i mo shuí sa bhforhalla thuasluaite agus cé a shiúlfadh doras an Everglades isteach ach John Hume. Sall chugam láithreach leis agus dúirt lom díreach amach liom, agus gan oiread is gabh mo leithscéal a rá thug sé spéic faoi rud ba léir a bhí á chrá le fada an lá. Thug Hume fúm go tiubh is go tréan.
‘You tell Today Tonight I’m still alive. One appearance in 12 months. One! You tell them that I’m still alive!’
Agus avae leis ansin i mbun pé gnó a thug don Everglades sa chéad dul síos an lá beannaithe sin é.
Ní dhearna mé aon iarracht riamh fáil amach arbh fhíor a mhaíomh, ach thuigeas dó maidir leis an rud a bhí ag dó na geirbe aige. Ba léir don dall go raibh córas roghnaithe aíonna ‘dá chuid féin’ ag Today Tonight.
Cuirfead mar seo é –má bhí Hume, ceannaire an SDLP ar Today Tonight uair sa ráithe, ar a mhéid, bhíodh Ken Maginnis ón UUP air geall le gach re seachtain. Nó b’in an chuma a bhí ar chúrsaí, pé scéal é. Chothaigh Maginnis íomhá ‘bhog’ don UUP a raibh glacadh leis ó dheas agus bhí cláracha RTÉ, aimsir John Bruton agus An Daonlathas Clé cinnte, agus níos túisce ná sin riamh anall, ar a míle dícheall ag iarraidh a bheith deas leis an UUP chun ‘go dtuigimis níos fearr iad’. Raight.
Cúirtéis ab ea í sin nár léiríodh leis an díograis chéanna don teaghlach náisiúnach ó thuaidh sna blianta sin. Níor leasc riamh leis an teaghlach náisiúnach ó thuaidh an méid sin a chur in iúl dom ó am go chéile. Ba mhó a n-iontaoibh in iriseoireacht an BBC ná in RTÉ.
‘Edited in Whitehall’, arsa fear ón ‘shire’ liom tráth.
Chuala an lá fá dheireadh i bpíosa cartlainne a chuir Tommie Gorman amach Jim Dougal ag spochadh faoi Hume faoin mbinb dhubh i nglór Brian Farrell agus Hume á cheistiú aige faoi Chomhráite Hume/Adams i 1993.
Sí an fhírinne lom ná gur bhain bealaí dá gcuid féin le lucht Cúrsaí Reatha agus RTÉ News an tráth sin. Tuigim go rímhaith cén fáth gur chuir John Hume an ghoimh ar chinsirí neamhoifigiúla RTÉ an uair úd. Ní raibh Hume sásta riamh an líne ‘cheartchreidmheach’ a leanúint. Lánstad.
D’fhéadfadh Hume a bheith ag praeitseáil faoin tsíocháin go ndéanfadh Dia Diarmuid de, ach chreid geatóirí neamhoifigiúla an stáisiúin, a raibh luí acu le Sinn Féin Oifigiúil, Sinn Féin Pháirtí na nOibrithe, Páirtí na nOibrithe, agus An Daonlathas Clé, de réir mar a chlaochlaigh an bhuíon sin thar na mblianta, go raibh sé d’fhiacha ar Hume freisin polaitíocht an deargcháinte a chleachtadh go leanúnach i gcoinne Shinn Féin.
Shéan Hume an foréigean go neamhbhalbh, agus dúirt i gcónaí go raibh bealach an fhoréigin mímhorálta, mícheart agus místuama.
Níor leor sin do na geatóirí, áfach. Ní raibh Hume sásta polaitíocht na haithise a chleachtadh i dtaobh aithisiú an phoblachtachais. B’fhuar an fháilte a bhí roimhe i ndorchlaí áirithe in RTÉ ar a chionn sin.
Toisc nár chleacht Hume riamh ‘the politics of condemnation’ ba bhuntáiste a sheasamh nuair a thug an tAthair Alec Reid an cuireadh dó bualadh le Adams fá rún i 1986. Ár mbuíochas dó gur ghlac John Hume seilbh ar an gcailís nimhe sin ar son an phobail uilig.
Mar nach bhfeacfadh sé an ghlúin do chlár na ndoirseoirí neamhoifigiúla d’íocfadh sé féin, a bhean is a chlann praghas ard ar bhonn pearsanta.
Cuireadh fearg orm an lá fá dheireadh ag éisteacht le briathra meala an Commentariat, ‘an Bharúileacht’, ar raidió is ar theilifís. Port ar fad eile faoi John Hume a chraobhscaoil cuid acu thiar i ndorchacht na n-ochtóidí is na nóchaidí agus a ngairmeacha á dtógaint acu.
Thóg sé tamall orthu ach d’athraigh na geatóirí sin a bport de réir a chéile. B’fhacthas dóibh faoi dheireadh, agus eireaball a máistrí polaitiúla, An Daonlathas Clé, anois rannpháirteach i Rialtas na hÉireann, ní hamháin go raibh ag éirí le Hume/Adams, ach go gcaithfí U-chasadh iomlán a dhéanamh chun teacht suas leis agus chun tuairisciú fuarchúiseach gairmiúil a dhéanamh ar phróiseas na síochána.
Ghoill sé go mór ar chuid acu freisin go raibh orthu cás víosa Meiriceánach Gerry Adams a thuairisciú ar an mbealach cothrom céanna.
Is minic a bhaineas pléisiúr peacúil as a bheith ag féachaint ar chuid den scaifte maolchluasach sin ar a mbionda agus ag iad iarraidh port molta John Hume a chasadh in áit an díspeagadh ba dhual dóibh a spalpadh le fada an lá.
Ba mhó ná iad uile an fear atá imithe uainn le seachtain.
Peaca a bhí ann go raibh ar John Hume agus a mhuintir dul tríd an gcáineadh mailíseach sin ar son dogma gan dealramh na ngeatóirí féincheaptha neamhdhaonlathacha in RTÉ agus sa Sunday Independent.
Ní iriseoireacht ach clár polaitiúil fá choim faoi ndear an bealach inar chaith cuid den cheathrú heastát le mórpholaiteoir na hÉireann sna blianta dorcha sin. Nuair a tháinig siad ar athrú poirt ar ball tionscnaíodh feachtas chun canónú a dhéanamh ar Hume bocht. Rud nár shantaigh sé ach an oiread.
Go dtuga Dia foighne dom.
Seán Mag Leannáin
Léargas an-spéisiúil ó dhuine ar an taobh istigh ar RTÉ faoi chinsireacht Alt 31 – tréimhse náireach i stair na hiriseoireachta sa tír seo. “Is minic a bhaineas pléisiúr peacúil as a bheith ag féachaint ar chuid den scaifte maolchluasach sin ar a mbionda agus ag iad iarraidh port molta John Hume a chasadh in áit an díspeagadh ba dhual dóibh a spalpadh le fada an lá.”
Aontaím go hiomlán le Pat Butler gur mhó ná iad uile an fear atá imithe uainn le seachtain.
Seán Mag Leannáin
Maidir leis an sean-aighneas idir Muiris Mag Conghail agus Proinsias Mac Aonghusa déarfainn go mbeadh an-suim ag léitheoirí tuilleadh eolais agus tuairimí faoin ábhar sin a léamh chomh maith.
Eoin O Murchu
Alt ar dóigh mar deir siad ó thuaidh.
Traolach Ó Sioradáin
Alt an-shuimiúil. Maith thú.
Traolach Ó Sioradáin
Léargas an-shuimiúil ar mheon RTÉ sna 80í agus na 90í. Athrú poirt anois ann agus é ar shlí na fírinne.
Padraig O Concubhair
fair play d uit, a bhucahaill-an fhirinne lom ata dá instint agat.