CUIMHNE AGUS DEARMAD: Ní i gcónaí anois a thuigeann mo mháthair an focal ‘banana’

Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. Déanann máthair ár gcolúnaí, a bhfuil galar Alzheimer uirthi, dearmad lón a ithe…

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Ní i gcónaí anois a thuigeann mo mháthair an focal ‘banana’

Chuir mé slua breis agus 200 daoine faoi gheasa le banana tráth.

Tráthnóna Aoine a bhí ann agus deis, mar a bhíodh chuile sheachtain, ag daltaí na bunscoile ar a mbínn ag freastal drámaí beaga a léiriú do na páistí eile, do na múinteoirí agus do na tuismitheoirí.

Bhí mise chun sceitse beag a léiriú freisin, seó aonair cúig nóiméad a chuir mé féin i dtoll a chéile. Bhí mé i mo shuí ar stól beag i lár an stáitse. Bhí banana mar phrapa agam. Ach rinne mé dearmad ar na línte. D’fhan mé i mo thost. Gan focal asam, d’ith mé an banana. Líon mé cúig nóiméad ar an gcaoi sin. Bhreathnaigh breis agus céad páiste bunscoile orm gan focal astusan ach oiread. Ba mhór an t-iontas a bhí ar mhúinteoirí agus ar thuismitheoirí araon.

Bhí mé cúig bliana d’aois. Níl aon chuimhne agam féin ar an eachtra. Mo mháthair, a bhí i láthair an lá sin, a d’insíodh dom faoi. ‘Bhí siad faoi dhraíocht agat! Bhí tú chomh gleoite sin! Agus ba iad na múinteoirí a bhí buíoch asat, ní bhíodh siad féin in ann ord a choinneáil na tráthnónta Aoine sin!’

Daichead bliain níos déanaí, cuimhním ar an scéal sin gach uile lá beo.

Is é an chaoi nach gcuimhníonn mo mham, a bhfuil galar Alzheimer uirthi le roinnt blianta anuas ach atá ina cónaí léi féin go fóill, go gcaithfidh sí lón a ithe. Ar maidin, tagann cúramóir a chabhraíonn léi leis an mbricfeasta agus san oíche tagann cúramóir eile a réitíonn an dinnéar di. Fágann an cúramóir a thagann ar maidin ceapaire sa chuisneoir di don lón, ach níos minice ná a mhalairt bíonn an ceapaire céanna fós sa chuisneoir, gan aon phlaic bainte as, nuair a thagann cúramóir na hoíche. (Ní féidir an ceapaire a fhágáil ar an mbord mar gheall ar an gcat, nach bhfuil róshásta leis an soláthar bia mar atá ó thug mo mháthair mustard agus im piseanna talún le hithe di.)

Uair nó dhó (nó trí) thriail mé físghlaoch a chur ar mo mháthair ag am lóin agus a mhíniú di go bhfuil ceapaire sa chuisneoir di. Ach ar mhí-ámharaí an tsaoil tá cuimhne ghearrthréimhseach mo mháthar an-dona anois.  Sna cúig soicind a thógann sé uirthi siúl go dtí an cuisneoir ón scáileán speisialta sa seomra suí a mbainimid úsáid as chun físghlaoch a chur uirthi, déanann sí dearmad ar pé treoracha a thugaim di lena linn. Uair amháin, tháinig sí ar ais le pacáiste sú fraochán. Na huaireanta eile, bhí a lámha folamh.

An réiteach a fuair muid ar an scéal ná babhla torthaí a chur ar an mbord sa seomra suí, díreach in aice leis an scáileán. Ceannaíonn na cúramóirí na bananaí agus déanaimse cinnte de go n-itheann mo mháthair iad. Toisc nach dtuigeann mo mháthair an focal ‘banana’ i gcónaí, bíonn orm féin banana a bheith faoi réir agam ar an taobh eile den scáileán. Agus toisc go ndéanann mo mháthair dearmad go bhfuil banana á ithe aici fiú agus an diabhal rud ina glac, bíonn orm plaiceanna a bhaint as.

Réiteach sealadach é seo ar ndóigh. Tá áit á lorg dár máthair agam féin agus ag mo dheartháir óg in ionad cúraim lae. Ach… liostaí feithimh.

An chuma atá ar chúrsaí faoi láthair ná go mbeidh dráma beag laethúil an bhanana á chur ar stáitse agam féin agus ag mo mháthair go ceann míosa nó dhó eile.

Fág freagra ar 'CUIMHNE AGUS DEARMAD: Ní i gcónaí anois a thuigeann mo mháthair an focal ‘banana’'