Céard a tharlaíonn nuair a chuireann tú othar Alzheimer agus cat le chéile?

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. An mhí seo: tá máthair ár gcolúnaí, a bhfuil galar Alzheimer uirthi, agus ár gcolúnaí féin faoi bhois an chait ag cat na gcomharsan

Céard a tharlaíonn nuair a chuireann tú othar Alzheimer agus cat le chéile?

Cé a shamhlódh gurbh í an fhadhb is mó a bheadh romham nuair a thug mé aghaidh ar an Ísiltír mí go leith ó shin chun tamall achaitheamh i dteach mo mháthar, a bhfuil galar Alzheimer uirthi agus a bhfuil an dá chromán ag cliseadh uirthi, ná an cat.

Céard a tharlaíonn nuair a chuireann tú duine a bhfuil galar Alzheimer air agus cat le chéile?

Glacann an cat seilbh ar an teach.

Ag am bricfeasta, léimeann an cat in ucht mo mháthar agus robálann an slisín cáise dá ceapaire.

Ag am lóin léimeann an cat ar an mbord agus déanann creach ar an uibheagán nó cuireann sí a smut san anraith.

Ag am dinnéir bíonn an cat ar an mbord cheana féin, ina luí idir na plátaí, ag fanacht go dtí go bhfreastalóidh mo mháthair uirthi, ag tabhairt blúiríní bia di ina béal.

Ar ndóigh, rinne mé féin, mo dheartháir óg agus an bheirt chúramóirí a thugann aire do mo mham iarracht béasa a mhúineadh don chat. Ach nuair a chaitear amach as an teach í, céard a dhéanann sí ach siúl timpeall an tí agus agóid a dhéanamh ag an doras cúil, áit a bhfeicfidh mo mháthair í óna háit ag an mbord.

‘Ligigí isteach an cat,’ a déarfaidh mo mham. ‘Tá ocras ar an gcréatúr bocht!’

Isteach leis an gcat, go dtí go léimfidh sí ar an mbord agus go gcaitear amach arís í. Timpeall an tí léi, seal méaldráma ag an doras cúil, agus isteach léi arís. Timpeall agus timpeall a théann an cat, go dtí go mbímid ar fad chomh dubh dóite den chluiche agus chomh préachta ag an bhfuacht de bharr na doirse a bheidh á síoroscailt go dtugtar cead don chat fanacht istigh agus go mbíonn orainn ár gceapairí a leagan ar bharr ár gcinn seachas ar ár gcuid plátaí, áit nach bhfuil teacht ag an gcat orthu. (Mo mháthair a mhúin an tseift seo dúinn.)

Ní leor don chat an sceimhlitheoireacht ag am béile. Anois díreach, tá a tóin ar an méarchlár aici agus tá mo gheansaí á mhilleadh aici lena lapaí tosaigh. Má bhíonn botúin chló sa cholún seo is ar an gcat a bheas an locht.

An ndúirt mé libh nach linne an diabhal cat ar chor ar bith? Le duine de na comharsana í. Cén fáth an ligeann sibh isteach í mar sin, a deir sibh.

Is í an cara is fearr atá ag mo mham í.

Fág freagra ar 'Céard a tharlaíonn nuair a chuireann tú othar Alzheimer agus cat le chéile?'

  • Séadna Mac Seoin

    Faigh réidh leis an diabhal cat. Déanfaìdh do mhamaí dearmad ar an gcat in achar gearr. Cuir ceol ó laethanta a hóige ar fáil di, a Alex. Chuir sin sonas ar mo mham féin ach amháin d’éilíodh ceol le focail. Ádh mór ort.

  • Ruth

    Ní fhéadfá fáil réidh le cara is fearr do mháthair agus gan tú ach ar cuairt aici! Bhí an fhadhb sin agamsa agus mé i m’fheighlí linbh sa Ghearmáin agus is fuath liom cait ó shin.
    B’fhéidir go bhfaighfeá alt nó dhó eile as an chat!😂

  • Pat

    Is maith liom an scéal