Cúigear a bheidh ag iarraidh dul i gcion ar Joe Schmidt roimh Chraobh na Sé Náisiún

Agus gan ach trí seachtaine fágtha go dtí tús Chraobh na Sé Náisiún, caitheann Tuairisc.ie súil ar chúigear a bheidh ag iarraidh dul i bhfeidhm ar Joe Schmidt

Joe Schmidt 20/5//2014Agus tús á chur le Craobh na Sé Náisiún faoi cheann trí seachtaine, bhailigh thart ar 50 imreoir le chéile an tseachtain seo. Ina measc, bhí roinnt imreoirí nach bhfuil mórán feicthe againn díobh i ngeansaí na hÉireann. Dream iad seo a bheidh ag iarraidh dul i gcion ar Schmidt, fear a bhfuil súil aige an chraobh a bhuachan don tríú bhliain as a chéile.

Agus roinnt gortaithe ag cur as d’fhoireann Joe Schmidt (agus imreoirí ar nós Paul O’Connell agus Gordon D’Arcy éirithe as), tá roinnt áiteanna ar fáil sa scuad agus is fiú súil a chaitheamh ar chuid acu siúd a bheidh ag iarraidh an deis seo a thapú.

Garry Ringrose. INPHO/Dan Sheridan
Garry Ringrose. INPHO/Dan Sheridan

Garry Ringrose

Agus sárthaispeántais tugtha uaidh aige d’fhoireann Faoi-20 na hÉireann, tá Ringrose á lua mar an chéad mhórlaoch eile a bheidh ag foireann rugbaí na tíre seo. Tá ard-mholadh faighte cheanna féin ag Ringrose ó leithéidí Tommy Bowe, Isa Nacewa agus fiú ó Brian O’Driscoll é féin, a deir go mbeidh seans ag an ógánach a chéad chluiche a imirt i gCraobh na Sé Náisiún an mhí seo chugainn.

Agus é ag imirt i lár na páirce do Chúige Laighean, is minic a dhéantar comparáid idir Ringrose agus O’Driscoll féin agus is cinnte go bhfuil cuid de thréithe O’Driscoll ann, go háirithe luas agus coisíocht an ógánaigh. É sin ráite, níl ach naoi gcluiche imeartha ag Ringrose do Chúige Laighean agus tá an easpa taithí sin ina mhíbhuntáiste dó.

Stuart McCloskey. INPHO/Presseye/Darren Kidd
Stuart McCloskey. INPHO/Presseye/Darren Kidd

Stuart McCloskey

Fear óg eile atá ag iarraidh aird Joe Schmidt a tharraingt air féin ná Stuart McCloskey. Ach an oiread le Ringrose, imríonn an tUltach i lár na páirce, ach is imreoir an-éagsúil é McCloskey. Agus é 6’4” ar airde agus thart ar 17 gcloch meáchain ann, tá McCloskey sa mhúnla céanna le himreoir ar nós Jamie Roberts na Breatain Bige seachas leithéidí O’Driscoll nó D’Arcy.

go bhfuil sé chomh mór toirtiúil sin, is fear sciobtha agus aclaí McCloskey agus dá bhfaigheadh sé áit taobh le Robbie Henshaw i lár na páirce, ní bheadh Joe Schmidt buartha faoi chúrsaí nirt ná cúrsaí fisiciúlachta.

Kieran Marmion. INPHO/James Crombie
Kieran Marmion. INPHO/James Crombie

Kieran Marmion

go bhfuil an leathchúlaí thart le tamall anois, níl deis cheart faighte aige fós ó Schmidt. Níl ach 43 nóiméad imeartha ag Marmion ina cheithre chluiche d’fhoireann na hÉireann. Bhí an chuma air go raibh sé éirí níos fearr anuraidh, ach bhí droch-chluiche aige leis na Irish Wolfhounds in aghaidh na Saxons, foireann B Shasana, agus ba chosúil gur chaill Schmidt muinín ann dá bharr.

Agus ceithre bliana fágtha go dtí Corn an Domhain, is fiú do bhainisteoir na hÉireann deis níos fearr a thabhairt d’imreoirí nua san ionad seo. Tá Eoin Reddan agus Isaac Boss, na fir a bhí chun tosaigh ar Marmion i bhfoirne Schmidt go dtí seo, anois 35 bliain d’aois.

Tommy O'Donnell. INPHO/Billy Stickland
Tommy O’Donnell. INPHO/Billy Stickland

Tommy O’Donnell

Fear eile é O’Donnell atá thart le tamall, cé go bhfuil i bhfad níos mó ama faighte aige siúd ná mar atá ag Marmion. Bhí mí-ádh air nuair a bhain gortú sa chluiche in aghaidh na Breataine Bige díreach roimh Chorn an Domhain ach tá cúpla sárthaispeántas tugtha uaidh aige ó tháinig sé ar ais ag deireadh na míosa seo caite.

Agus Peter O’Mahony fós ag teacht chuige féin ón ngortú a bhain dó i gCorn an Domhain, tá deis ag O’Donnell an bhearna a líonadh. Is cosúil go mbeidh sé in iomaíocht le Chris Henry don líne cúil taobh le Seán O’Brien agus Jamie Heaslip.

Denis Buckley. INPHO/James Crombie
Denis Buckley. INPHO/James Crombie

Denis Buckley

Bheadh fear Chonnacht ag cur brú ar Jack McGrath agus Cian Healy, a raibh drochbhliain amach is amach aige anuraidh, ach ghortaigh Buckley a rúitín go míthráthúil le déanaí. Tá an chuma ar an scéal go mbeidh an tosach tagtha chuige féin roimh dheireadh an chomórtais ach is ag snámh in aghaidh easa a bheidh sé agus é ag iarraidh a chur ina luí ar Joe Schmidt go bhfuil an cumas ann.

Dá mbeadh sé i mbarr a shláinte, imreoir an-áisiúil a bheadh i Buckley. Níl mórán imreoirí ann atá níos fearr ná é chun an liathróid a stróiceadh ón bhfreasúra. Tá sé feabhsaithe sa chlibirt freisin agus is fearr anois é agus seilbh na liathróide aige. Faraor, agus é fós sínte, seans go mbeidh ar Buckley fanacht cúpla mí eile, agus an beart a dhéanamh le linn na camchuairte san Afraic Theas i rith an tsamhraidh.

Fág freagra ar 'Cúigear a bheidh ag iarraidh dul i gcion ar Joe Schmidt roimh Chraobh na Sé Náisiún'