Cúige Mumhan ag súil le tógáil ar bhua breá na seachtaine seo caite

Beidh na cúigí go léir ag súil le bua a fháil an deireadh seachtaine, ach seans gur ag na Connachtaigh atá an cluiche is deacra agus Scarlets ag teacht go Gaillimh

Cúige Mumhan ag súil le tógáil ar bhua breá na seachtaine seo caite

Is ar Caerdydd na Breataine Bige atá triall na Muimhneach tráthnóna agus iad ag iarraidh tógáil ar an tsar-imirt a chonaic muid uathu agus nuair a thug siad greadadh uafásach do na Ospreys i mBabhta 3 an chomórtais an tseachtain seo caite. Is sa mbaile i gCorcaigh a d’imir siad an cluiche sin, ach mar sin féin is deacair gan bua eile a thuar dóibh. Tá foireann na Breataine Bige fós ar thóir a gcéad bhua an séasúr seo agus mar bharr ar an mí-ádh atá anuas ar Caerdydd faoi láthair, chaill siad an dá chluiche atá imeartha acu sa mbaile go dtí seo, ceann acu sin i gcoinne Zebre na hIodáieagus an ceann eile i gcoinne Chúige Laighean. Theip orthu an lámh in uachtar a fháil ar Treviso na hIodáile freisin. Bua eile do na Muimhnigh an babhta seo, mar sin.

Tráthnóna freisin a bheas na hUltaigh ag tabhairt faoi na Cheetahs san Afraic Theas. Chinntigh an bua a bhí ag fir Bhéal Feirste ar na Kings an Domhnach seo caite gurb iad atá ar bharr Roinn B faoi láthair, áit amháin agus pointe amháin chun cinn ar Chúige Laighean. Ach ní hionann na Kings agus na Cheetahs, atá i bhfad níos láidre.  Mar sin féin, tá siadsan freisin fós ar thóir a gcéad bhua i gcomórtas na bliana seo. Ciallaíonn sin go mbeidh contúirt ag baint le foireann na hAfraice.  Creideann siad féin go bhfuil seans iontach acu sa gcluiche seo. Feicfidh muid linn.

Tá cluichí baile ag na Connachtaigh agus ag naLaighnigh amárach, Dé Sathairn. Bunaithe ar fhianaise na himeartha a chonaic muid ó Chúige Laighean Dé Sathairn seo caite agus údar náire tugtha do na Dragons acu, ní dóigh go mbeidh mórán stró orthu an lámh in uachtar a fháil ar Dhún Éideann, foireann a chaill dhá chluiche go dtí seo.

Is scéal eile ar fad atá againn i gcás na gConnachtach, foireann atá ag cur fáilte roimh na Scarlets a bhfuil dhá chluiche buaite go dtí seo acu. Ó thús an tséasúir seo, bhí foireann na Gaillimhe ag caint faoin gcluiche seo agus fios acu go mbeadh dúshlán ar leith ag baint leis. Más tada é, seans maith gur mó atá an dúshlán sin anois agus gan ach trí chluiche imeartha. D’éirigh leis na Scarlets an lámh in uachtar a fháil ar na curaidh, Cúige Laighean, bua a thabharfaidh misneach agus muinín do na cuairteoirí chuig an mBóthar Beag. 

Is deacair teacht ar mhórán daoine atá ag tabhairt seans ar bith do Chúige Chonnacht, seachas a rá nach féidir buntáiste an bhaile a chur as an áireamh d’aon fhoireann. Mar sin féin, tá mise ag súil le sárchoimhlint agus tá mé ag thabharfainn seans beag d’fhoireann an iarthair.  Níl bheadh sé de mhisneach agam mórán airgid a chur orthu, áfach.

Fág freagra ar 'Cúige Mumhan ag súil le tógáil ar bhua breá na seachtaine seo caite'