Tá na Gaillimhigh ag díriú ar Roinn 1
Cé go bhfuil imreoirí na Gaillimhe fós ag teacht isteach ar mhodhanna Kevin Walsh, tá tús den scoth déanta acu sa tsraith i mbliana. Tar éis na deireadh seachtaine, tá Gaillimh ar bharr Roinn 2, an t-aon fhoireann a bhfuil dhá cluiche buaite acu go dtí seo.
Bhí farasbarr d’aon chúilín amháin, 2-13 i gcoinne 2-12, acu Dé Domhnaigh agus sa cheithre bliana atá caite ag na Gaillimhigh i Roinn 2, chinn orthu cluichí crua seo a bhuachan. Má tá foireann Walsh in ann na trí chluiche baile atá acu as seo go deireadh na sraithe a bhuachan, tá sé beagnach cinnte go mbainfidh siad ardú céime amach.
Tá Maigh Eo fós ag braith ar na tosaithe céanna
Níl aon dabht ach go bhfuil muintir Mhaigh Eo tuirseach de bheith ag éisteacht le daoine ag rá nach bhfuil na tosaithe acu chun deireadh a chur leis an ngorta agus Corn Mhic Uidhir a chrochadh arís. Cibé cé chomh tinn atá siad ag éisteacht le na daoine seo, bhí fianaise arís ann Páirc Mhic Éil inné go bhfuil cuid mhaith den fhírinne ag lucht a gcáinte.
Ní bhreathnaíonn sé fós go bhfuil aon imreoir nua faighte ag Pat Holmes agus Noel Connolly chun cuid den ualach scórála atá ar Cillian O’Connor a ghlacadh. Chomh maith leis 15 iarracht a cuireadh amú, níor aimsigh Maigh Eo ach trí scór ón imirt, ina measc cúl ó O’Connor nár cheart a bheith ceadaithe.
Sa fiche nóiméad a bhí fágtha tar éis an chúil sin, níor aimsigh Maigh Eo ach dhá chic saor – ó bhróg O’Connor.
D’fhéadfadh go bhfuil Cill Dara i dtrioblóid ach…
I mí Éanair, shroich Cill Dara cluiche ceannais Chorn Uí Bhroin tar éis taispeántais shlachtmhara a thabhairt i rith na míosa. Faoi láthair sa tsraith, tá siad ag bun Roinn 2 tar éis a dhá gcluiche go dtí seo a chailliúint.
Is í an cheist ná cé acu ‘Cill Dara’ ar cheart dúinn breithiúnas a thabhairt orthu, an fhoireann a bhí uilebhuacach ag tús na bliana nó an ceann a chlis i gcoinne na Mí ar an Satharn? Is duine dóchasach é an bainisteoir, Jason Ryan agus é sásta go raibh Cill Dara chun cinn déanach sna cluichí i gcoinne an Dúin agus na Mí agus go dtiocfaidh an bua sula i bhfad. Ach céard eile is féidir leis a rá?
Beidh fuar ag Corcaigh gan O’Neill
Tar éis dó a ghlúine a ghortú go dona faoi thrí le cúpla bliain anuas, tá muintir Chorcaí agus muintir na tíre ar fad sona sásta Colm O’Neill a fheiceáil ar ais ar pháirc na himeartha arís. Is iad na t-aon dream nach dtaitníonn sé leo fear Bhaile Cloch a fheiceáil an athuair, ná na cosantóirí a mbíonn sé de dhualgas orthu é a mharcáil.
Cuireadh triúir imreoirí difriúla ina aghaidh i gcoinne Mhuineacháin an deireadh seachtaine seo ach fós d’aimsigh O’Neill 2-6, an pointe buacach ina measc, chun cur leis na cúig phointe a fuair sé in aghaidh Bhaile Átha Cliath sa chéad bhabhta. Má tá Corcaigh chun dul chun cinn a dhéanamh i mbliana, teastóidh uathu O’Neill a choinneáil slán ó aon ghortú eile.
Beidh iomaíocht dhian againn i Roinn 1
Cé go bhfuil an dá fhoireann a d’imir i gCluiche Ceannais na hÉireann anuraidh imeartha acu, is dealraitheach go mbeidh an-chuid deacrachtaí ag Doire fanacht i Roinn 1 i mbliana, fiú amháin le cúig chluiche fágtha.
Tá an cheist maidir le cé a bheidh leo i Roinn 2 i 2016 i bhfad níos casta. Má chríochnaíonn Doire an tsraith gan bua, beidh cúig nó sé phointe ag teastáil d’fhoirne má tá siad chun teacht slán. Faoi láthair, tá sé fhoireann ann le dhá phointe agus beidh rudaí níos soiléire tar éis Bhabhta 3 ag tús mhí Márta, Baile Átha Cliath ag tabhairt cuairt ar Chill Airne agus Maigh Eo á fhéachaint le Muineachán i measc na gcluichí móra.