Cúig cheanneagraíocht nua roghnaithe ag Údarás na Gaeltachta don phleanáil teanga

Tá 18 ceanneagraíocht anois ag obair i gcomhar leis an Údarás agus le grúpaí pobail ar phleananna teanga a réiteach. 27 ceanneagraíocht ar fad a bheas ann

Udaras1

Tá cúig cheanneagraíocht Ghaeltachta eile roghnaithe ag Údarás na Gaeltachta le dul i mbun pleananna teanga sa Ghaillimh, i Maigh Eo, i nDún na nGall agus sa Mhí.

Réiteoidh na cúig cheanneagraíocht sin plean teanga do na Limistéir Pleanála Teanga (LPT) atá faoina gcúram. Tá dhá bhliain anois ag na heagraíochtaí an plean a réiteach dá gceantar féin.

Ceadaíodh maoiniú idir €20,000 agus €40,000 do gach eagraíocht chun tacú leo san obair atá le déanamh acu.

Tá 18 ceanneagraíocht ag obair i gcomhar leis an Údarás agus le grúpaí pobail le pleananna teanga a réiteach agus 27 ceanneagraíocht ar fad a bheas ann.

Tá an tÚdarás ag súil go mbeidh fógraí á ndéanamh go luath maidir leis na limistéir eile agus beidh siad ag lorg iarratas ó eagraíochtaí ar suim leo tabhairt faoi phleananna teanga sna ceantair sin nach bhfuil ceanneagraíochtaí ainmnithe iontu fós.

Na ceanneagraíochtaí nua: 

Comhar Caomhán Teo: Oileáin Árann

Gaeilge Iorrais: Maigh Eo Thuaidh (Ceantar Iorrais)

Comharchumann Ráth Cairn Teo: Ráth Chairn agus Baile Ghib

Céim Aniar Teo: Tuaisceart Dhún na nGall (ceantar Fhánada agus Gleann Bhairr, Ros Goill agus An Tearmann

Comharchumann Thoraí Teo: Toraigh

Fág freagra ar 'Cúig cheanneagraíocht nua roghnaithe ag Údarás na Gaeltachta don phleanáil teanga'