‘Cuidiú a theastaíonn’ – achainí ó bhean Ghaeltachta ar chuir a deartháir agus a mac lámh ina mbás féin

Ag labhairt di ar an chlár Barrscéalta ar RTÉ RnaG, rinne Caitlín Uí Shearcaigh, cur síos ar an bhriseadh croí a bhain le bás a dearthár agus a mic agus d’impigh sí ar na húdaráis tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil do dhaoine atá in ísle brí

‘Cuidiú a theastaíonn’ – achainí ó bhean Ghaeltachta ar chuir a deartháir agus a mac lámh ina mbás féin

Tá achainí déanta ag bean Ghaeltachta, ar chuir a deartháir agus a mac lámh ina mbás féin, go gcuirfí feabhas mór ar na seirbhísí éigeandála atá ar fáil i gceantair thuaithe. 

Ag labhairt di le hÁine Ní Churráin ar an chlár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo, rinne Caitlín Uí Shearcaigh, cur síos ar an bhriseadh croí a bhain le bás a dearthár, Antoin, agus a mic, James Beag.

Dúirt Uí Shearcaigh, arb as oileán Thoraí ó dhúchas di agus atá ag cur fúithi anois ar an Chlochán Liath,  gur bhraith sí go raibh béim mhór ar chógais sa chúram meabhairshláinte agus nach raibh dóthain seirbhísí comhairleoireachta ar fáil.

Dúirt sí nár cuireadh seirbhísí comhairleoireachta ar bith ar fáil dá deartháir, a chaith cúig lá san ospidéal agus seal in aonad síciatrach tar éis dó iarracht a dhéanamh lámh a chur ina bhás féin.

Thug Uí Shearcaigh le fios gur bhásaigh Antoin bliain ina dhiaidh sin agus chuir sí síos ar an lá a tháinig sí ar a chorp.

Dúirt Uí Shearcaigh gur thriail a deartháir cuidiú a fháil cúpla seachtain sular cailleadh é, ach gur tugadh cógas leighis dó agus gur cuireadh abhaile é. 

“Cúpla seachtain sular cailleadh Antoin, tugadh amach go Leitir Ceanainn é agus d’iarr sé féin cuidiú agus dúirt sé nach dtiocfadh leis a dhul ar aghaidh.  Chuir siad Antoin na bhaile le tablets agus chuir Antoin lámh ina bhás féin roinnt laethanta ina dhiaidh sin.  Ba cheart dóibh é a choinneáil istigh an t-am sin, agus chan sin an chéad uair a tharla sin,” a dúirt sí.

Cúpla bliain i ndiaidh bhás Antoin, chuir mac le Caitlín Uí Shearcaigh, James Beag, lámh ina bhás féin agus gan é ach 22 bliain d’aois. 

Labhair Caitlín Uí Shearcaigh faoi bhás  a dearthár, Antóin, agus a mic, James Beag.

Dúirt sí go ndearnadh iarracht cuidiú a fháil do James Beag, ach nach bhféadfaí an cuidiú sin a chur ar fáil dó gan dó é a iarraidh é féin, toisc go raibh sé os cionn 18 bliain d’aois.

Dúirt Uí Shearcaigh nach ndearna sé sin mar gheall go raibh “eagla air go bhfaigheadh daoine amach” faoi na deacrachtaí meabhairshláinte a bhí aige.

“Bhí James aerach, agus déarfainn gur sin an trioblóid a bhí ag James. Bhíodh daoine ag cur drochbhail ar James am ar bith a rachadh sé áit ar bith… bhí tromaíocht ann, agus chuir sin isteach air fosta,” a dúirt sí.

Rinne Caitlín achainí chomh maith ar na húdaráis seirbhísí éigeandála níos fearr a bheith ar fáil do dhaoine, agus dúirt sí gur cuireadh ó dhoras í féin ó otharlann le déanaí mar nach raibh coinne aici.  Bhí coinne aici, a dúirt sí, ach níor éirigh léi dul chuig an choinne sin mar gur bhuail stróc í.

Fuair sí cuidiú lena cás ón Chomhairleoir Mícheál Cholm Mac Giolla Easpaig, a bhí ag labhairt ar an chlár freisin.

Dúirt an Comhairleoir Mac an Easpaig gur chuir sé “fearg mhillteanach” air go ndeachaigh bean go dtí an otharlann le cuidiú a fháil agus gur cuireadh “na bhaile í.”

“Má chuireann duine inteacht glaoch ag rá go bhfuil siad dul a chur iad féin chun báis, sin an t-am atá an tseirbhís de dhíth. Chan amárach, chan anóirthear, chan i gcoicís, ansin,” a dúirt sé ar an chlár Barrscéalta an tseachtain seo. 

Dúirt Caitlín Uí Shearcaigh gur shocraigh sí ar labhairt amach faoina scéal ar mhaithe leis “na daoine uilig”, cosúil léi féin, atá ag fulaingt de bharr iad a bheith in ísle brí. 

Mhol sí chomh maith go socrófaí líonraí tacaíochta, ar nós an AA, do dhaoine i mbailte beaga ar fud na tíre atá ag fulaingt de bharr deacrachtaí meabhairshláinte.    

Fág freagra ar '‘Cuidiú a theastaíonn’ – achainí ó bhean Ghaeltachta ar chuir a deartháir agus a mac lámh ina mbás féin'