Cuairt ar El Puerto na Spáinne mar a bhfuil oidhreacht Columbus le feiceáil fós

Cé nach baile an-saibhir é El Puerto de Santa María na laethanta seo, tá fianaise ann ar an saibhreas mór a tugadh abhaile as ‘an domhan nua’

Cuairt ar El Puerto na Spáinne mar a bhfuil oidhreacht Columbus le feiceáil fós

Deirtear gur thug Criostóir Columbus (Cristóbal Colon)  cuairt ar Ghaillimh sular thug sé faoin aistear mór taiscéalaíochta chuig ‘an domhan nua’ sa 15ú haois. Go deimhin, creidtear i nGaillimh gur dhúirt sé paidir nó dhó in Eaglais San Nioclás roimh an turas.

Níl aon fhianaise láidir ann le tacú leis an teoiric sin, ach is deas an scéilín é ar aon nós.

Tá níos mó fianaise ann gur thug sé cuairt ar bhaile beag El Puerto de Santa María, i ndeisceart na Spáinne, gar do chathair Cadiz. Bhí mé féin agus baill eile den teaghlach ann i rith na Nollag i mbliana. Bhíomar ann cheana roinnt blianta ó shin nuair a bhí mo dheirfiúr i mbun cúrsa Spáinnise ann. Ba mhó ár spéis an t-am sin i dtránna geala fairsinge El Puerto ná in aon ábhar ná iontas eile.

Ach an babhta seo bhíomar ar nós turasóirí ar bith, ag cur suime sna músaeim, san ailtireacht, sa tseandálaíocht agus mar sin de. Deirtear gurb é Cadiz an baile is sine san Eoraip a bhfuil daoine ina gcónaí ann go leanúnach ó bunaíodh é.

Agus i bhfianaise an cheangail le Columbus, tá sé nádúrtha go maith gur ar bhád gasta ‘catamaran’ a théann formhór na ndaoine ó Cadiz go El Puerto, roinnt ciliméadar trasna an chuain.

Ag léamh faoi Cholumbus agus an dá bhliain a chaith sé anseo, chuir sé saothar an léiritheora scannán nó teilifíse i gcuimhne dom. An obair is tábhachtaí a bhíonn le déanamh acu sin ná an t-airgead a bhailiú don tionscadal roimh ré. Sin mar a bhí ag ár dtaiscéalaí Criostóir.

Chaith sé dhá bhliain i gcaisleán atá fós ina sheasamh i lár El Puerto, Castillo de San Marcos. Bhí sé ag iarraidh airgead a bhailiú dá thuras mór chuig ‘an domhan nua’. 

Ar ndóigh ní raibh a fhios acu an t-am sin go mbeadh Meiriceá sa mbealach orthu.

Bhí an Diúc de Medinaceli i gceannas ar an gcaisleán ag an am agus é breá sásta an turas a airgeadú – ar choinníoll amháin. Is é sin, go n-imeodh an cabhlach ón mbaile sin, El Puerto de Santa María. Ach ní raibh an Rí Ferdinand ná an Bhanríon Isabella pioc sásta leis an socrú seo.

Bhí siadsan ag iarraidh ról mór a bheith acu sa scannán áirithe seo.

Dá n-imeodh an cabhlach as El Puerto de Santa María is ag an Diúc a bheadh gach aitheantas (agus brabach) i ngeall air. Ní bheadh aon phingin ag dul chuig an gCoróin. B’éigean do Cholumbus a mhálaí a phacáil agus dul ar thóir airgid in áit a bheadh faoi stiúir na Corónach.

Sa deireadh d’fhág Columbus ó Palos de la Frontera in Huelva. Ach an Diúc a thug lóistín dó in El Puerto, thug sé dóthain airgid dó le long amháin a cheannach agus d’ainmnigh Columbus an long in ómós don bhaile – an Santa María.

Agus cé nach baile an-saibhir é El Puerto de Santa María na laethanta seo – tá cáil mhór air i ngeall ar an tionscal seirise agus fíona – fós féin, tá fianaise anseo is ansiúd gur tugadh cual mór airgid abhaile as ‘an domhan nua’.

Ní gá ach súil a chaitheamh ar chuid de na haltóirí sna heaglaisí ar an mbaile. 

Cé gur Diúc a bhí i gceannas ar an gcaisleán sa 15ú haois, tá sé ainmnithe don Rí a thóg é – Alfonso, ‘an Fear Stuama’. Bhí sé de cháil ar Alfonso gur dhuine séimh, léannta, cultúrtha bhí ann. Agus cé gur chaith sé go maith le daoine ar nós na Moslamach agus na nGiúdach, bhí sé ar son cumhacht a bhaint de na Moslamaigh a bhí i réim sa gceantar leis na céadta bliain, ó rinne siad ionradh ar an Spáinn.

Go deimhin, ag léamh cuid de na scríbhinní ar lipéid sna músaeim agus in áiteacha poiblí anseo, cheapfá gur turasóirí deireadh seachtaine a bhí sna Moslamaigh. Ní thugtar aon aitheantas ná ómós don mhéid a bhaineadar amach fhad is a bhíodar i gceannas anseo. 

Aisteach go leor, nuair a bhí Alfonso ag cur caoi ar a chaisleán sa 12ú haois, chlúdaigh sé cuid den ailtireacht Ioslamach a bhí ann roimhe sin, nuair ba mhosc a bhí ann, in ionad é a leagan go talamh. Nuair a bhí an caisleán á athchóiriú sa ré nua-aoiseach, thit balla a bhí tógtha le linn ré Alfonso. Agus céard a bhí taobh thiar den bhalla ach píosa álainn ailtireachta Ioslamaí, le dathanna geala óir agus eile. Rinneadh athchóiriú ar an halla ‘fáilte’ chomh maith leis an séipéal taobh leis, a bhí ina ‘madrassah’ (scoil Ioslamach) tráth den saol.

Ach is é seod an chaisleáin ná an gairdín oráistí agus fuarán uisce lena fhothram deas ceolmhar taobh leis. Seo gné den ailtireacht a fheictear go minic i seanfhoirgnimh Ioslamacha agus tagann siad go deas leis an aeráid anseo i ndeisceart na Spáinne. Cuireadh an gairdín i spás beag cluthair (áit a mbíodh na mná, ar ndóigh) agus cuireadh ballaí arda mórthimpeall air. I ngeall air sin, b’éigean do na crainnte oráistí fás ard agus tanaí, rud atá neamhghnách, ach tarraingteach.

Tá an chosúlacht ar an gcaisleán anois go ndeachaigh ‘Bord na nOibreacha Poiblí’ beagán thar fóir leis an atógáil agus an obair phláistéireachta sa 20ú haois. Ach d’fhanadar dílis don leagan amach a bhí ar an mosc agus an plean a bhí ann ón tús. 

Ceantar thar a bheith stairiúil é an cúinne seo den Andalúis. Scríobh mé cheana faoin gceangal láidir atá idir Cadiz agus inimircigh as Éirinn. Ní raibh a fhios agam an t-am sin go raibh iarsmaí agus láithreacha seandálaíochta ann a théann siar chomh fada leis an réamhstair.

Ach seans go bhfillfidh mé air sin.

Fág freagra ar 'Cuairt ar El Puerto na Spáinne mar a bhfuil oidhreacht Columbus le feiceáil fós'