Tá dáta socraithe don chéad chruinniú poiblí faoina bhfuil i ndán do Theach Pobail Mhuire i nGaoth Dobhair. Tiocfaidh muintir an pharóiste le chéile faoi stiúir an Chomhairleora MacDara Hosty in Ionad an Acadaimh ar an 15 Meán Fómhair leis na pleananna d’atógáil an tséipéil a phlé.
Dúirt an tAthair Brian Ó Fearraigh, sagart paróiste Ghaoth Dobhair, an tseachtain seo go ndeachaigh an paróiste i dteagmháil le fiche comhlacht ailtireachta le míonna beaga anuas le cuireadh a thabhairt dóibh spéis a léiriú in atógáil an fhoirgnimh a dódh go talamh aimsir na Cásca.
“Tá an freagra uathu thar a bheith dearfach agus spreagúil ar fad, le roinnt mhaith ailtirí i ndiaidh cuairt suímh a dhéanamh cheana féin le ghabháil i ngleic ar leibhéal níos doimhne leis an togra. Tá go dtí Dé hAoine 15 Lúnasa ag na gnólachtaí ailtireachta tograí réamhchéime a sheoladh isteach. Tá mé fíorshásta ar fad leis an aird agus an cúram atá á thaispeáint ag an chéim luath seo,” a dúirt Ó Fearraigh.
Dúirt an sagart paróiste go bhfuil “neart spéise” ag pobal na háite agus ag daoine níos faide ó bhaile sa togra agus go bhfuil deis anois ann todhchaí an pharóiste “a mhúnlú le chéile ar bhealach níos toiliúla agus níos oscailte”.
“Bhéarfaidh an próiseas seo deis iontach luachmhar ar fad daoibhse, bhur gcuid smaointe, bhur ndóchas agus bhur gcuid tosaíochtaí maidir leis an Teach Pobail nua a roinnt. Baileoidh MacDara Hosty an t-aiseolas seo uilig go cúramach agus cuirfidh sé le chéile é i dtuarascáil fhoirmiúil.
“I measc rudaí eile, cuirfear an tuairisc chríochnaithe sin san áireamh agus faoi bhráid na foirne ailtireachta a roghnófar, agus iad ag cur tús lena gcuid oibre. Cinnteoidh an méid seo go mbeidh tionchar díreach ag taithí, luachanna agus mianta phobal Ghaoth Dobhair ar dhearadh agus ar fhís ár dTí Pobail nua,” a dúirt sé.
Dúirt an tAthair Ó Fearraigh nach bhfuil sa chéim seo ach “céim amháin” i ndearadh agus i dtógáil an tséipéil nua ach go bhfuil guth an phobail “thar a bheith tábhachtach” sa chéim chéanna.
“Tá cuireadh croíúil tugtha d’achan duine, idir óg agus aosta, páirt a ghlacadh. Seo Teach Pobail nua s’againn uilig agus cinnteoidh rannpháirtíocht an phobail go léirítear croí an phobail ins an fhoirgneamh breá nua a bheas tógtha in am trátha,” a dúirt sé.
Agus é ag labhairt le Tuairisc níos luaithe i mbliana, dúirt an tAthair Ó Fearraigh go raibh dóchas aige go bhféadfaí an séipéal nua a thógáil laistigh de chúig bliana ó loisceadh é. Thagair sé don scrios a rinneadh ar Ardeaglais Maoil i Longfort agus an atógáil thapa a rinneadh ar an bhfoirgneamh sin.
Tá na hoibreacha atógála á ndéanamh “faoi threoir agus le cead na Deoise”, a dúirt Ó Fearraigh, agus is ag an Deoise (Ráth Bhoth) a bheidh “an focal deireanach” faoina bhfuil i ndán don séipéal nua.
“Cé gur chaill muid foirgneamh breá creidimh, is pobal buan, aontaithe creidimh muid go fóill, le teacht aniar láidir beo istigh ionainn. As an luaithreach, éireoidh teach pobail galánta úr eile chun glóire Dé agus onóir na Maighdine Muire inár bpobal.
“Teach pobail álainn, tógtha ar charraig an dóchais, ar theacht aniar láidir an phobail seo agus ar an ghrá a leanann muid orainn ag roinnt le chéile sna laethanta seo,” a dúirt an tAthair Ó Fearraigh.
Thug an tAthair Ó Fearraigh le fios do Tuairisc níos luaithe i mbliana go raibh os cionn €380,000 ar an iomlán bailithe ag feachtais éagsúla tiomsaithe airgid ar son an tséipéil nua – idir an feachtas ar GoFundMe agus ócáidí tiomsaithe airgid a reáchtáladh i nDún na nGall, in áiteanna eile in Éirinn, agus chomh fada i gcéin le Nua-Eabhrac.
Thug an Garda Síochána le fios nach le teann mailíse a adhnadh an tine sa séipéal ach níl aon eolas eile curtha ar fáil acu ó shin.
Fág freagra ar 'Cruinniú poiblí le reáchtáil faoina bhfuil i ndán do Theach Pobail Mhuire'