Cruachan na teorann agus cealú cearta taistil an toradh a bheadh ar bhille nua

D’ainneoin shéanadh rialtas na Breataine níl aon bhealach gurbh fhéidir teorainn chrua a sheachaint dá gcuirfí an bille ar bhonn reachtúil

Cruachan na teorann agus cealú cearta taistil an toradh a bheadh ar bhille nua

‘Ní bheidh tionchar ar bith ag an reachtaíocht nua ar an teorainn in Éirinn.’ Ba é sin cosaint Rialtas na Breataine ar bhille a chuirfeadh ceangal ar dhaoine áirithe ceadúnas leictreonach a fháil chun a theacht thar teorainn isteach i dTuaisceart Éireann.

Glacadh i dTeach na dTeachtaí in Westminster leis an mBille ar an gCéadaoin seo caite gan aird ar bith a thabairt ar na deacrachtaí a chothódh sé in Éirinn agus beag beann ar oscailt na teorann a bheith de dhlúth agus d’inneach an phróisis síochána agus Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Níorbh í sin an chéad uair ag rialtas Boris Johnson a léiriú go bhfeictear dóibh go bhfuil saol aduain éigin eile ar an oileán seo seachas an saol mar atá. Shílfeá uathu go raibh an teorainn shamhailteach sin leathmhíle ar fhad, idir dhá bhaile mhór agus daoine á trasnú ag aon phointe amháin mar a bhfuil soilse tráchta. Sin má chuimhníonn siad in aon chor ar iarmhairtí a gcinntí ar an oileán seo.

D’ainneoin shéanadh rialtas na Breataine níl aon bhealach gurbh fhéidir teorainn chrua a sheachaint dá gcuirfí an bille ar bhonn reachtúil. Ní athródh sé an conradh don chomhlimistéir taistil idir an Ríocht Aontaithe agus Éirinn; bheadh saoirse taistil idir an dá thír ag a saoránaigh ach bheadh impleachtaí tromchúiseacha aige do dhaoine eile nach saoránaigh iad a bhfuil cónaí orthu ó dheas.

Sé Bille na dTeorainneacha agus Náisiúntachtaí beart rialtas na Breataine chun an córas inimirce a leasú i ndiaidh an Bhreatimeachta – ‘ag tógáil ceannais arís ar na teorainneacha’. Tiocfaidh sé i bhfeidhm in 2025.

Sé a chuspóir smacht a fháil ar líon na ndaoine a thagann isteach sa Bhreatain Mhór, rialacha dochta a leagan amach maidir le lucht iarrtha tearmainn agus critéir le haghaidh náisiúntachta. Is léir go bhfuil béim ar leith ag an Rúnaí Gnóthaí Baile, Priti Patel agus ag rialtas Boris Johnson ar líon na ndaoine a thugann a n-aghaidh trasna Mhuir nIocht faoi choim a cheansú.

Ach an oiread leis an mBreatimeacht féin, ní léir gur cuireadh san áireamh tionchar na reachtaíochta ar Éirinn thuaidh nó theas. Bheadh ar shaoránaigh bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus thíortha an EEA ‘údarú taistil leictreonach’ a fháil chun a ghabháil thar teorainn. Séard is brí leis sin go gcaithfí clárú ar líne chun teastas a fháil a déarfadh nár ghá víosa le taisteal thar teorainn go Tuaisceart Éireann. Chuirfeadh na rialacha nua a saoirse taistil ar ceal.

Is léir gur bhain na forálacha seo stangadh as rialtas na hÉireann a bheidh ag cur a míshástacht in iúl do Whitehall. Beidh siadsan agus páirtithe abhus, Sinn Féin, an SDLP agus Alliance, ag cur in iúl do na Tiarnaí freisin go bhfuil na rialacha doghlactha agus iad ag tathant ar Theach na dTiarnaí an bille a leasú sula gcuirfear clabhsúr air. Chothódh na rialacha mar atá deacrachtaí as cuimse do dhaoine ar bhonn pearsanta agus oibre agus bheadh drochéifeacht acu ar an eacnamaíocht.

Is iomaí sin duine nach saoránach de chuid na tíre seo é nó í a thrasnaíonn an teorainn cúpla uair sa lá le haghaidh oibre, siopadóireachta nó cuartaíochta. Bíonn ar roinnt taisteal tríd an Tuaisceart go rialta – ar aistear idir Dún na nGall agus Muineachán abair. Ina theannta sin chuirfeadh na rialacha isteach go mór ar an turasóireacht; tá méadú tagtha le tamall de bhlianta ar an teacht isteach ó thurasóirí a thagann aneas ó aerfort Bhaile Átha Cliath. Táthar imníoch go gcuirfeadh an páipéarachas agus an maorlathas isteach ar an trácht sin. Tá imní freisin ar fhostóirí áirithe ar dhá thaobh na teorann atá ag brath ar oibrithe [Eorpacha] a bhfuil cónaí orthu ar an taobh eile.

Dúirt an tAire Inimirce Kevin Foster, agus é á cheistiú faoin scéim ag Roghchoiste Thuaisceart Éireann, gur próiseas simplí a bheadh ann agus nach mbeifí ag seiceáil cáipéisí ar an teorainn.

Conas a d’oibreodh sé mar sin? An mbeidh impleachtaí ann dá mbeadh timpiste ag oibrí nach bhfuil an t-údarú nua seo aige? An coir a bheidh ann taisteal d’uireasa an cheadúnais? An mbeadh oifigeach teorann in ann a bheith cíocrach nó ar nós cuma liom de réir cibé spadhar a thiocfadh air? An mbeadh baol ann go ndéanfaí próifíliú ciníoch freisin?

Ní fuascailt é a rá nach gcuirfear i bhfeidhm go dian é.

Níl sé sin inoibrithe agus cruachan ciotach ar an teorainn is ea an scéim.

Fág freagra ar 'Cruachan na teorann agus cealú cearta taistil an toradh a bheadh ar bhille nua'

  • An Teanga Bheo

    No go area” ag Rialtas na Breataine agus cosc saor thaisteal lastigh de réimse na sé Condae, agus tagann sin salach ar teoiric na h Eorpa. I am entering Free Derry Dia linn !