Tá sé ráite ag iar-aire rialtais agus iar-leascheannaire ar Fhianna Fáil nach ndearna an t-iarrthóir uachtaránachta Catherine Connolly “rud ar bith as bealach” nuair a thug sí post i dTeach Laighean do dhuine a ciontaíodh as coir arm tine.
Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt an t-iar-aire Éamon Ó Cuív, gur thug sé féin “moladh agus teistiméireacht” ar son Ursula Ní Shionnain do Catherine Connolly in 2018 agus nár cheart go mbeadh an scéal “ina scéal mór”.
Ciontaíodh Ursula Ní Shionnain sa Chúirt Choiriúil Speisialta in 2014 as gunnaí agus urchair a bheith ina seilbh i aici mí na Samhna 2012. Cuireadh i bpríosún in 2014 í agus scaoileadh saor í in 2018.
“Mhol mise í, d’iarr Catherine mo thuairim,” a deir Éamon Ó Cuív.
“Bhí a fhios aici go raibh aithne agam [ar an duine] agus bhí aithne mhaith agam uirthi. Bhí mé ar cuairt go minic aici [sa phríosún] agus bhí comhráite spéisiúla agam léi.
“Má bhí daoine in amhras fúithi, tá sé cruthaithe ó shin go bhfuil siad mícheart – bhíodar mícheart fúithi, agus tá sí anois ina hoifigeach pleanála teanga.
“Ní scéal mór é, ní ceart go mbeadh sé ina scéal mór. Ní hé gur diúltaíodh cead di dul isteach i dTeach Laighean. Má thugaimse duine isteach go Teach Laighean, ní gá dom ‘Garda clearance’ a fháil nó aon rud, ní bhíonn le rá agam ach go bhfuil ‘John Murphy’ ag teacht isteach liom,” a dúirt Ó Cuív.
Dúirt sé go raibh roinnt mhaith daoine eile a chaith tréimhsí i bpríosúin in Éirinn agus i Sasana ag obair do Theachtaí Dála ag páirtithe eile i dTeach Laighean fhad is a bhí sé féin ansin agus gur chas sé leo.
“Nach raibh daoine fostaithe ag Sinn Féin? Chas mé le cuid acu siúd a raibh téarmaí curtha isteach acu in Belmarsh agus sa Maze.
“Agus nuair a bheidh pobal na Gaeilge ag teacht le chéile an mhí seo i mBéal Feirste le haghaidh an Oireachtais beidh go leor daoine ann a bhain céim amach in Ollscoil na Jailtachta le fáilte a chur romhainn,” a dúirt sé.
Dúirt Ó Cuív gur “tuirsiúil an scéal é” agus nach gceapann sé go ndearna Connolly “tada as bealach” nuair a thug sí post d’Ursula Ní Shionnain.
Dúirt an Taoiseach Micheál Martin agus iarrthóir Fhine Gael sa toghchán uachtaránachta, Heather Humphreys, gur scéal “an-tromchúiseach” a bhí ann gur fostaíodh i dTithe an Oireachais í gan “cead na nGardaí”.
Chosain Connolly a cinneadh faoin bpost ar an gclár raidió Today With Claire Byrne inniu agus dúirt sí gur moladh di nuair a bhí sí ar Choiste Oireachtais na Gaeilge in 2018 post a thabhairt d‘Ursula Ní Shionnain mar chúntóir riaracháin.
Dúirt Connolly go ndearna sí cinneadh faoin bpost mar gheall ar na moltaí a fuair sí ó ghrúpa Teachtaí Dála a bhíonn ag obair le príosúnaigh. Mhol na Teachtaí Dála, Éamon Ó Cuív ina measc, dintiúir Ursula Ní Shionnain, a bhfuil cáilíochtaí éagsúla aici sa Ghaeilge agus sa phleanáil teanga.
Dúirt Catherine Connolly chomh maith go gcreideann sí féin san “athshlánú”.
Dúirt an t-iarrthóir neamhspleách gurb é an trua é go bhfuil ainm na mná sna meáin mar gheall ar a feachtas féin don uachtaránacht agus go raibh “a téarma curtha isteach aici” sa phríosún.
“Moladh dom í, ba í ab fhearr don phost, agus d’fhostaigh mé í. Líon sí isteach an fhoirm an chéad lá, mhínigh sí gach rud, agus thóg an próiseas grinnfhiosraithe tamall fada. Sa deireadh d’fhág sí dá deoin féin, bhí sí ann ar feadh beagán faoi bhun sé mhí,” a dúirt sí.
Dúirt Connolly nárbh amhlaidh gur diúltaíodh cead d’Ursula Ní Shionnain obair i dTithe an Oireachtais aon uair. Dúirt an t-iarrthóir uachtaránachta nach ndearna sí aon achomharc faoi aon chinneadh a rinne na húdaráis agus nach ndearna na húdaráis aon chinneadh dá leithéid.
Ciontaíodh Ursula Ní Shionnain as arm tine agus urchair a bheith ina seilbh agus í ag déanamh iarrachtaí gunnaí a ghoid i gcontae Uíbh Fhailí i mí na Samhna 2012. Gearradh téarma sé bliana uirthi in 2014 agus scaoileadh saor í in 2018.
Chuaigh sí ag obair i réimse na pleanála teanga i mBéal Feirste agus chaith sí tamall ag obair le hOireachtas na Gaeilge, Conradh na Gaeilge, agus Gaelchultúr. Tá PhD déanta aici faoi nuaphobail na Gaeilge.
Tá sí ag obair mar Oifigeach Pleanála Teanga i nGaeltacht na Mí le beagnach dhá bhliain anuas.
Fergus Burns
B’fhéidir gur cheart do Micheál Martin cuimhneamh ar an “arms crisis” i 1970. Bhí ceisteanna i dtaobh airí áirithe sa rialtas Fianna Fáil ag an am faoi gunnaí a raibh ceannaithe. Ainneoinn nár freagraíodh na ceisteanna mar gheall ar fhadhbanna dlí, naoi mbliana ina dhiaidh sin bhí ceann de na h-airí ina Thaoiseach agus é gléasta i léinte deasa nuair a bhí sé ag freastal teach Laighean.