Córas Faisnéise Geografaí (GIS) do na Limistéir Pleanála Teanga seolta ag McHugh

Dúirt an tAire Stáit go bhfuil an córas nua, ina dtugtar eolas ar bhonn toghroinne, curtha ar fáil go príomha mar thacaíocht bhreise do na heagraíochtaí atá freagrach as ullmhú agus feidhmiú pleananna teanga sa Ghaeltacht

Joe McHugh

Tá sé fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta, Joe Mc Hugh inniu go bhfuil Córas Faisnéise Geografaí (GIS) forbartha ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta chun tacú le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga sna Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta.

Faoin gcóras nua atá forbartha, tá faisnéis curtha ar fáil ar bhonn toghroinne agus tugtar eolas ar mhapaí maidir le húsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Bunaithe ar thorthaí na ndaonáireamh 2006 agus 2011 atá an fhaisnéis a chuirtear ar fáil sa GIS.

Dúirt an tAire Stáit nach iad na heagraíochtaí pobail amháin a bhainfidh tairbhe as an GIS, cé gur orthu is mó atá sé dírithe.

“Cé go bhfuil an Córas Faisnéise Geografaí curtha ar fáil go príomha mar thacaíocht bhreise do na heagraíochtaí atá agus a bheidh freagrach as ullmhú agus feidhmiú pleananna teanga sa Ghaeltacht, beidh sé ina chuidiú praiticiúil don earnáil phoiblí agus don phobal araon, mar a bhaineann sé le tuiscint níos fearr a chothú faoi chúrsaí teanga agus an córas pleanála teanga,” a dúirt McHugh

Fág freagra ar 'Córas Faisnéise Geografaí (GIS) do na Limistéir Pleanála Teanga seolta ag McHugh'