Comórtas Peile ag adhaint na tine atá beo i ngach cumann Gaeltachta

Pé síol a cuireadh sa sneachta i Machaire Gathlán i 1969, ní fhéadfadh aoinne a bheith ag súil leis an mborradh is an bláthú a tháinig ar Chomórtas Peile na Gaeltachta

Comórtas Peile ag adhaint na tine atá beo i ngach cumann Gaeltachta

Ba bhreá an radharc a bhí ar na meáin shóisialta ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2023 agus Cumann Naomh Muire i rith na seachtaine.

Bhí aoibhneas le feiscint ins na haon áit timpeall ar na Méilte, an ghrian ag taitneamh, spéir ghlan ghorm os cionn an fhéir ghlais agus uisce á cháitheadh ar fuaid na páirce d’fhonn anam agus borradh a choimeád sa bhféar céanna.

Bhí géarú goile ag baint leis na híomhánna fiú má bhí casadh aigne ag baint leis na línte is na cosáin go léir a bhí á dtarrac ag mapaí Google dúinn agus sinn ag beartú ár dturais ó thuaidh.

Chonac giolc amháin ó churaidh na bliana seo caite, Béal Átha an Ghaorthaidh ag léiriú faid a dturais siúd ó dhúthaigh Uíbh Laoire go hÍochtar na Rosann- 627 ciliméadar, ach bí siúráilte má éiríonn leo a ngreim a choimeád ar Chorn an Aire ná braithfidh siad aon chuid den dturas abhaile.

Ceann de bhuaiceanna móra agus pribhléidí na hoibre agamsa le Raidió na Gaeltachta anuraidh ná bheith i láthair ach a dtáinig marcshlua caithréimeach Bhéal Átha abhaile don gcéad uair leis an gcorn céanna. Ba thaibhseach an radharc anuas ó Bhéal an Ghleanna é agus tú ag féachaint ar thinte cnámha lasta ar gach maoileann cnoic chomh fada siar leis an nGúgán agus Céim an Fhia. Ba chruaidh an croí ná bogfadh le Banna Píb Bhéal Átha ag tionlacan a laochra anuas le fánaigh isteach i dtreo seana-shiopa Uí Chorcara, thar Dhroichead Bhun Síleann agus tríd an sráidbhaile chomh fada le Casadh na Spride agus thar n-ais nó go dtógadh marc os comhair an tsáipéil agus go labhradar lena muintir féin.

Léiriú ab ea an oíche sin ar sprid an phobail agus ar thábhacht Chomórtas Peile na Gaeltachta in adhaint na tine atá beo ins na haon chumann Gaeltachta. Léiriú eile ar an sprid seo an t-aistear atá á thabhairt ag Cumann Charna-Caiseal go dtís na Méilte an deireadh seachtaine seo. Le teann mórtas cine, thug baill an chumainn sin turas rothaíochta orthu féin maidin Déardaoin agus iad ag iarraidh cruach airgid a bhailiú le dhá lá d’fhonn tabhairt fé riaradh an Chomórtais Peile in 2028. I gCorca Dhuibhne, tá muintir Lios Póil ag luí amach orthu féin agus iad ag tiargáil don gComórtas in 2027 agus tá Cumann Chill na Martra ar tinneall do Chomórtas na bliana seo chughainn cheana féin. Deirtear gur i gCill na Marta in 2005 a facthas ollphuball ag Comórtas Peile na Gaeltachta don gcéad uair agus pé acu is áil linn iad nó a mhalairt, táid ann ó shin!

Pé síol a cuireadh sa tsneachta i Machaire Gathlán i 1969, ní fhéadfadh aoinne a bheith ag súil leis an mborradh is an bláthú a tháinig ar Chomórtas Peile na Gaeltachta.

Tá claochló tagtha chomh maith ar nádúr an Chomórtais féin le blianta. Ní gá duit ach féachaint ar fhigiúirí an daonáirimh a eisíodh an tseachtain seo chun éachtaint a fháil ar an gclaochló sin ach fós féin, maireann smut de bhlas agus d’éirim an bhunchomórtais i gcónaí. Ní haon chabhair dúinn bheith ag cáiseamh na nithe atá caillte le himeacht aimsire agus atá tagtha chughainn le ré na n-ollphuball. Dála cluiche na caide féin, caithfear féachaint ar a bhfuil agat, fuineadh de réir na mine agus glacadh leis, mar a ghlac Christy Ring fadó, go bhfuil scoth na n-imreoirí fós le teacht. An rud atá againn, bíodh sé againn.

“Is acmhainn dúinn chuile shórt ach ní hacmhainn dúinn an t-éadóchas,” a dúirt an Cadhnach fadó.

Mar sin, cad leis ar cheart dúinn a bheith ag súil ón ndeireadh seachtaine seo?

Seachas grian, gaineamh agus gabhair pínt, ba cheart go n-aithneofá luath go maith ós na gothaí a bhíonn ar na foirne cé leis a bheidh rith an ráis Dé Luain. Bí ag faire amach maidin Dé Sathairn don mbuíon atá ag fanacht teann le chéile, atá ag tiargáil go pras is go héifeachtach, atá de shíor ag ól uisce agus a bhfuil cuma na foirne orthu.

Ní dócha go gcúngaíonn seo anuas puinn daoibh é óir tá an uile ghrúpa mar sin sa lá atá inniu ann.

Cad mar gheall ar na foirne, mar sin, go bhfuil cúl báire nua-aimseartha agus scoláire maith i mbun na gciceanna saora acu? Nó an dream ná bíonn ag cnáimhseán fés na buillí atá á bhfáil sa ghráscar acu? Bíonn an réiteoireacht ábhar scaoilte i gcónaí ag Comórtas Peile na Gaeltachta agus ní haon díobháil san ach an oiread. Cad faoin bpainéal go bhfuil triúr nó ceathrar imreoirí le gruaig rua acu? Ní sheasóidh an ruadhán i meirfean na Méilte; nó an ndéanfaidh? Táim siúráilte go bhfuil oifigigh agus oibrithe Chumann Naomh Muire clipthe le laethanta beaga anuas ag cumainn eile atá ag iarraidh suas le 40 imreoir a bhreith leo chun an chomórtais – ach an féidir Comórtas Peile a bhuachtaint le painéal fé bhun 25 imreoir, mar atá dlite?

B’fhéidir nár cheart breith a thabhairt ar an gcéad chluiche agus b’fhéidir go bhfuil forbairt agus forás le teacht ar phainéil de réir mar a ritheann leo isteach sa deireadh seachtaine. N’fheadar aoinne cé a thiocfaidh aníos amárach. Ní raibh ach beagán le cois 20 imreoir againne i gCumann Caide na Gaeltachta ach a n-éirigh linn Comórtais na bliana 2017 agus 2019 a bhuachtaint.

Ach b’fhéidir, leis, dála gach aon chluiche a imríodh riamh sa Chomórtas, go raibh roinnt den ádh ag baint lenár mbuanna. Bhí Cill na Martra stánálta tar éis dianchoimhlinte sa chluiche leathcheannais i dTuar Mhic Éadaigh sé bliana ó shin agus ní hamháin go raibh buntáiste ár bhfóid féin againn in 2019, ach ní raibh iompar na seithe i gCill Charthaigh sa chluiche ceannais  i nGallaros toisc go gcaitheadar tabhairt fé am breise don dara cluiche as a chéile.

Cuid de stair an Chomórtais na scéalta agus an seanchas a leanann ceithre hairde na tíre sinn an deireadh seachtaine seo gach aon bhliain. Go dtuga Dia slán chun na Méilte sinn agus go dté an uile dhuine abhaile fé bheannacht, fé bhail is fé rath.

Fág freagra ar 'Comórtas Peile ag adhaint na tine atá beo i ngach cumann Gaeltachta'

  • Sibéal

    Cé mhéid cumainn agus imreoirí a bheidh fágtha sa chomórtas nuair a bheidh na BreacGhaeltachtaí agus suburbia na Gaillimhe caite amach as an Ghaeltacht?