‘Comhrá na ngabhar’ – agus fealsúnacht an tsaoil

Ceist fhíorchasta fealsúnachta saoil ann: an ar mhaithe leis an gcine daonna a shocraítear cén fhad a mhairfidh ainmhithe, nó ar cheart cuid acu a chuileáil agus a chur chun báis?

Gabhair

Is minic a tharraingítear anuas ‘comhrá na ngabhar’ nuair a chasaim ar na comharsana atá anois ar deoraíocht ar an taobh eile den Atlantach. Níl a fhios ag mórán den saol faoin ‘gcomhrá’ seo ach amháin muid a d’fhás aníos ar an gcriathrach righin seo a shíneann go cladach i bhfad siar i gConamara. Fear a raibh slám beithígh aige agus dhá ghabhar. Ba é an t-am é a dtugtaí na beithígh abhaile tráthnóna agus go gcuirtí sa scioból iad sa ngeimhreadh. Seó a bhíodh ann mórán chuile thráthnóna – na beithígh, an dá ghabhar agus an feilméara.

Ní raibh mórán trioblóide ag baint leis na beithígh; bhíodar ag súil le gabháil fhéir ach a gcuirfí an ceangal orthu sa scioból ach bhí fíbín eile i gcloigne na ngabhar. Pé ar bith bealach a bhí acu d’éiríodh leo go minic a dhul suas ar bharr an sciobóil ceann tuí i leaba dóibh a dhul isteach sa scioból féin. Déarfá go mba iontach an choisíocht a bhí acu agus, ar ndóigh ba ea.

Thosaítí an gleo – ‘gabh anuas as sin – cén diabhal a thug suas ansin arís sibh – gabh anuas a rudaí lofa’ – agus an glór ag ardú de réir a chéile. Chuirfeadh an comhrá corraithe seo imní ar na beithígh agus d’imíodh siad ó dhoras an sciobóil arís. Siúd i ndiaidh na mbeithíoch an gadhar anois agus tafann ag dul go spéir, san am céanna an dá ghabhar ag smúrach ar an gcíb ar bharr an sciobóil agus gan dur astu. Bheadh sé ina chogadh dhearg ar an talamh faoin am seo: ‘Gabh isteach as sin a bhits” ( ag fógairt ar bhó). ‘Lie down you bastard’ (ag fógairt ar an ngadhar). Ach ba iad na gabhair ba mhó a bhí ag fáil léasadh teanga: ‘Gabh anuas nó ní fhágfaidh mé deoir sa bpéire agaibh…gabh anuas’ agus an fhoclaíocht ag neartú! Sa deireadh thugtaí an fógra scoir: ‘Rachaidh mise i mbannaí…mara dtiocfaidh sibh anuas…go bhfaighidh mé an gunna agus go gcuirfidh mé grán sa bpéire agaibh.’

Thagadh na gabhair slán ó bhreithiúnas an bháis sa deireadh; thagaidís anuas de réir mar a thogair sé leo. Cuireadh iad féin agus na beithígh isteach. Chiúnaigh an gadhar a chuid tafainn. Ghlan an feilméara an t-allas dá bhaithis. Síocháin. Sin nó gur shocraigh na gabhair tráthnóna eicínt eile go dtabharfadh siad séirse in airde arís.

Chuimhnigh mé arís ar ‘chomhrá na ngabhar’ nuair a tháinig an scéala faoi ghabhair Ghleann an Mháma chun cinn an tseachtain seo caite. Bhí pionós an bháis gearrtha ag an eagraíocht Coillte ar chuid de na gabhair mar go raibh baol ann go ndéanfaidís slad ar chrainnte a bhí dá gcur. Ansin, eagraíodh feachtas sínithe ainmneacha ar líne agus tháinig na gabhair slán. Caithfear iad a chuibhriú ar chaoi éigin anois.

Ag cuibhriú gabhair, a deir tú! Tá sé d’acmhainn ag an ngabhar bocht go bhfuil sé cumasach ag strapadóireacht agus ag déanamh a bhealaigh thar sconsaí agus fálanna – mar a dhéanfadh sé ar scioból na gcomharsan. Ansin, ní fhágann sé planda de chineál ar bith, mórán, nach n-itheann sé. Tá sé thar cionn ag glanadh garraí, mar shampla, ach rí-chorrdhuine a bhacann é a chur i mbun na ‘hoibre’ sin. Ghlanfadh sé chuile shórt eile chomh maith leis an ngarraí.

Dá dheacra é seo a ligean i ngar do do chroí; tá cás ag Coillte. Dhéanfadh gabhair dochar do chrainnte agus don infheistíocht. Ach, cé atá ag iarraidh gabhair a mharú? Ceist chráite ag duine ar bith a bhfuil suim aige nó aici in ainmhithe.

Go deimhin, tá an rud céanna amhlaidh i dtaobh an tsionnaigh féin, nó an broc, nó na rónta.

Cloiseann muid caint go minic ar an slad atá rónta a dhéanamh ar iascairí nuair a éiríonn na rónta fairsing. Maidir leis an sionnach, is fada a dhroch-cháil amuigh faoina ionsaithe ar phúiríní cearc agus lachan agus tugann sé foghanna freisin faoi uain óga. Ina dhiaidh sin féin, is deas slachtmhar an t-ainmhí é nuair a chrochann sé a eireaball agus é faoi lán seoil. Níor mhaith leat a bheith ag breathnú air á mharú ach ní bhíonn aon rogha ann scaití – sin má tá ainmhithe agus éanlaith eile le cosaint.

Ní hionann an gabhar – ná an coinín. Is álainn an t-ainmhí beag é an coinín ach má dhéanann sé féin agus a chomhluadar ionsaí ar do gharraí ní bheidh mórán ‘salads’ agat. Ach an ceart go gcuirfí chun báis an coinín bocht?

Ag dul go bun an údair, is dóigh go bhfuil ceist fhíorchasta fealsúnachta saoil ann: an ar mhaithe leis an gcine daonna a shocraítear cén fhad a mhairfidh ainmhithe, nó ar cheart cuid acu a chuileáil agus a chur chun báis?

Istigh i siopa i nGaillimh tamall ó shin bhí mé ag cur tuairisce faoin nimh is fearr le lucha agus francaigh a smachtú. Bhí fear eile ann agus é ag iarraidh trap de chineál éigin a bhéarfadh ar lucha ach nach maródh iad. ‘Agus céard a dhéanfaidh tú leo ansin?’ a d’fhiafraigh mé féin. ‘Ó scaoilfidh mé leo arís,’ a deir sé. ‘Go deimhin,’ a deir an fear mánla seo agus é ag smaoineamh ar an gceist, ‘sílim gur cheart cead a gcinn a thabhairt do lucha go mbainfidís píosa as an saol ar nós muid féin.’

Sílim go raibh sé dáiríre faoi seo. Níor fhiafraigh mé de an mbeadh an dearcadh céanna aige ar na francaigh.

Fág freagra ar '‘Comhrá na ngabhar’ – agus fealsúnacht an tsaoil'